Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

32 1954


Uimhir 32 de 1954.


AN tACHT MORTMHÁINE (ACHTACHÁIN D'ATHGHAIRM), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ATHGHAIRM ACHTACHÁN ÁIRITHE A BHAINEAS LE MORTMHÁIN. [9ú Nollaig, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Athghairm.

1. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Mortmháine (Achtacháin d'Athghairm), 1954 , a ghairm den Acht seo.