An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT MAOINE STÁIT, 1954) Ar Aghaidh (CUID II. Talamh Stáit.)

25 1954

AN tACHT MAOINE STÁIT, 1954

CUID I.

Réamharáiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Maoine Stáit, 1954 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “achtachán” aon achtachán arb é atá ann—

(a) reacht Éireannach a ritheadh roimh an Aondacht, nó

(b) reacht Breataineach, nó

(c) reacht de chuid Shaorstát Éireann, nó

(d) Acht ón Oireachtas (arna rith roimh an Acht seo nó dá éis);

ciallaíonn “sean-choróinchíos” aon íocaíocht thréimhsiúil a bhí, díreach roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, inbhailithe faoi na Crown Lands Acts, 1829 to 1913, agus arb é a bhí ann—

(a) coróinchíos, nó

(b) cíos cúiteach, nó

(c) cíos iomalairte, nó

(d) aon chíos nó cíos-mhuirear eile;

folaíonn “talamh”—

(a) talamh faoi aon chineál tionachta,

(b) urthrá, is é sin imeall trá do réir bhrí an Achta Imeall Trá, 1933 ( Uimh. 12 de 1933 ),

(c) mianaigh agus mianraí, pé acu i dteannta dromchla na talún nó nach ea atáid á dteachtadh,

(d) coda d'fhoirgnimh atá á dteachtadh nó á sealbhú faoi aon léas, conradh tionóntachta nó ceadúnas,

(e) aon eastát nó leas, seilbhe nó fuíll, i dtalamh

(f) frithdhílsí,

(g) aon tsean-choróinchíos,

(h) cíos agus cíos-mhuirir (seachas sean-choróinchíosa) i leith talún nó as talamh,

(i) díolúintí, éasúintí, profits-á-prendre, ceadúnais agus cearta, pribhléidí, saoirsí, buntáistí nó sochair eile d'aon tsórt i dtalamh nó ar thalamh nó maidir le talamh;

ciallaíonn “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith;

ciallaíonn “údarás Stáit” aon údarás arb é atá ann—

(a) Aire Stáit, nó

(b) na Coimisinéirí;

ciallaíonn “talamh Stáit” talamh is leis an Stát nó leis an Náisiún nó leis an bPobal nó le húdarás Stáit nó a ghlac an Rialtas nó údarás Stáit, roimh an dáta feidhme, mar bhronntanas don Stát nó don Náisiún nó don Phobal nó mar bhronntanas a tugadh i dtéarmaí a chuir in iúl gur chun tairbhe an Stáit nó an Náisiúin nó an Phobail, a tugadh é, agus folaíonn sé aon tsean-choróinchíos, ach ní fholaíonn sé—

(a) Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath,

(b) aon talamh a tíolaiceadh d'údarás Stáit, nó a sannadh chuige nó a dílsíodh ann, trí mhorgáiste,

(c) aon talamh a fuair na Coimisinéirí, nó a dílsíodh iontu, faoi na Drainage and Navigation (Ireland) Acts, 1842 to 1857, na Drainage and Improvement of Lands (Ireland) Acts, 1863 to 1892, an tAcht Dréineála Airtéirí, 1925 (Uimh. 33 de 1925) , Acht Dréineála na hAbhann Móire, 1926 (Uimh. 3 de 1926) , Acht Dréineála na Bearbha, 1927 (Uimh. 26 de 1927) , an tAcht Siltin Airtéirigh, 1945 (Uimh. 3 de 1945) , nó faoi aon achtachán eile a bhaineas le siltean talún,

(d) aon mhuirear, cíos-mhuirear, blianacht ná íocaíocht thréimhsiúil eile is iníoctha leis na Coimisinéirí faoi aon achtachán nó dá bhun,

(e) aon talamh (lena n-áirítear forba) ná aon tsuim (lena n-áirítear aon urrús) atá anois, nó a bheas feasta, faighte nó á theachtadh ag Coimisiún na Talún nó aistrithe chuige nó dílsithe ann nó iníoctha leis, pé acu ar iontaobhas é nó nach ea,

(f) aon talamh lena mbaineann Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1930 (Uimh. 9 de 1930) ,

(g) aon talamh a bheas de thuras na huaire á theachtadh ag an Aire Sláinte chun críocha Achta Ospidéil Lorcáin Naofa, 1943 ( Uimh. 3 de 1943 ), nó an Achta Eitinne (Sanatoria a Bhunú), 1945 ( Uimh. 4 de 1945 ).

(2) San Acht seo, is tagairt don alt den Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin aon tagairt trí uimhir d'alt, mura léir gur tagairt d'Acht éigin eile atá i gceist.

(3) Forléireofar tagairtí san Acht seo do thalamh Stáit a bheith dílsithe in údarás Stáit mar thagairtí a fholaíos tagairtí do thalamh Stáit a bheith dílsithe san údarás Stáit sin ar shlí seachas leis an Acht seo nó faoi.

Na cumhachta faoin Acht seo a bheith ina gcumhachta breise.

3. —D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo—

(a) gur cumhachta i dteannta, agus nach cumhachta in ionad, aon chumhacht is infheidhmithe ag údarás Stáit maidir le talamh Stáit faoi aon achtachán roimhe seo na cumhachta a bheirtear leis an Acht seo don údarás Stáit sin maidir leis an talamh Stáit sin, agus go leanfaidh na cumhachta sin is infheidhmithe amhlaidh faoi aon achtachán roimhe seo de bheith infheidhmithe dá réir sin,

(b) nach bhforléireofar aon ní in aon achtachán roimhe seo i dtaobh talún Stáit mar ní a chuireas tórainn leis na cumhachta a bheirtear leis an Acht seo maidir leis an talamh Stáit sin.

Acht na dTailte Stáit, 1924 , d'athghairm, agus cosaint.

4. —(1) Athghairmtear leis seo Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924) .

(2) Gan dochar d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 ( Uimh. 38 de 1937 ), ní dhéanfaidh athghairm Achta na dTailte Stáit, 1924 , difir do bhailíocht aon léasa nó ceadúnais a tugadh faoin Acht sin.