14 1954


Uimhir 14 de 1954.


AN tACHT AOISLIÚNTAS, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT AOISLIÚNTAS, 1834 GO 1947. [13ú Aibreán, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “stát-sheirbhíseach bunaithe” stát-sheirbhíseach ar seirbhís i gcáil ar féidir aoisliúntas a dheonadh ina leith a sheirbhís.

Sochair faoin Superannuation Act, 1909, a thabhairt do mhná.

2. —(1) I gcás aon fheidhmiú a thabhairt do na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1947, maidir le bean a thiocfas chun bheith ina stát-sheirbhíseach bunaithe tar éis tosach feidhme an Achta seo, ní bheidh feidhm ina leith ag aon fhorála de na hAchta sin a bhainfeadh léi toisc gur bean í agus, ina ionad sin, beidh feidhm ina leith ag na forála comhréire de na hAchta sin a bhaineas le fir.

(2) Faoi réir rialachán a dhéanfas an tAire, féadfaidh bean—

(a) a bhí ina stát-sheirbhíseach bunaithe díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, agus

(b) nach raibh roimhe sin ina hoifigeach ná ina fostaí ag Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte a mbaineann fo-alt (2) nó fo-alt (3) d'alt 7 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1950 ( Uimh. 14 de 1950 ), léi,

glacadh le forála an Achta seo.

(3) Féadfar, go háirithe, leis na rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo, foráil a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) go bhféadfaidh duine fógra gur mian léi glacadh le forála an Achta seo a thaisceadh tráth nach déanaí ná dáta sonraithe;

(b) nach mbeidh teideal ag duine glacadh le forála an Achta seo mura gcinnfidh an tAire dea-shláinte a bheith aici;

(c) go bhféadfaidh an tAire cinneadh a rinne an tAire dea-shláinte a bheith ag duine a chúlghairm tráth ar bith má gheibhtear amach aon eolas a thug an duine sin a bheith bréagach nó neamh-chruinn in aon tsonra agus go raibh a fhios sin aici;

(d) i gcás ina gceanglófar ar dhuine dul faoi scrúdú liachta faoi na rialacháin, go bhféadfar a cheangal uirthi pé táille d'íoc a chinnfeas an tAire i leith an scrúduithe sin.

(4) I gcás aon fheidhm a thabhairt do na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1947, maidir le duine a ghlacfas le forála an Achta seo, ní bheidh feidhm ina leith ag aon fhorála de na hAchta sin a bhainfeadh léi toisc gur bean í agus, ina ionad sin, beidh feidhm ina leith ag na forála comhréire de na hAchta sin a bhaineas le fir, ach amháin go ndéanfar méid an liúntais bhreise is iníoctha ar scor di a mhéadú leath faoin gcéad in aghaidh gach bliana seirbhíse inphinsin a bhí slán aici ar thosach feidhme an Achta seo.

Iocaíochtaí agus caiteachais an Aire agus suimeanna a gheofar i leith scrúduithe liachta.

3. —(1) Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas na híocaíochtaí a dhéanfas, agus na caiteachais faoina raghaidh, an tAire ag tabhairt éifeachta don Acht seo agus á riaradh.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire na suimeanna a gheobhas an tAire i leith scrúduithe liachta chun críocha an Achta seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Aoisliúntas, 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1954, a ghairm de na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1947, agus den Acht seo le chéile.