Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Mion-Leasuithe agus Leasuithe Iarmartacha ar an bPriomhacht.)

1 1954


Uimhir 1 de 1954.


ACHT TOGHCHÁIN AN tSEANAID (ROLLA-CHOMHALTAÍ), 1954.

[An tionló oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTA THOGHCHÁIN AN tSEANAID (ROLLA-CHOMHALTAÍ), 1947. [22ú Feabhra, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Tosach feidhme.

1. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire Rialtais Áitiúil le hordú.

An Príomh-Acht.

2. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947 (Uimh. 42 de 1947) .

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (3):

“(3a) Beidh cathaoirleach an bhoírd achomhairc i gceannas gach cruinnithe den bhord achomhairc agus dá réir sin ní bhainfidh fo-alt (4) den alt seo leis an gcathaoirleach.”

Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 16 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (3), (4) agus (5):

“(3) Ar an 15ú lá d'Fheabhra nó, más Domhnach an lá sin, ar an 16ú lá d'Fheabhra gach bliain déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid athscrúdú (dá ngairmtear athscrúdú bliantúil san Acht seo) ar an gclár de chomhluchta ainmniúcháin agus chuige sin—

(a) scrúdóidh gach iarratas ar chlárú, díchlárú nó leasú a fuair sé i rith na tréimhse a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo;

(b) dílamhálfaidh gach iarratas a chífear dó a bheith neamhrialta ina fhoirm;

(c) dílamhálfaidh gach iarratas ar chlárú a bhfeicfear dó gur iarratas ar chlárú é a toirmisctear leis an Acht seo;

(d) dílamhálfaidh gach iarratas ar chlárú nach gcruthóidh an t-iarratasóir chun a shástachta ina leith go bhfuil an t-iarratasóir inchláruithe i leith an rolla lena mbaineann an t-iarratas;

(e) dílamhálfaidh gach iarratas ar chlárú ó chomhlucht a chífear dó a bheith ina bhrainse nó ina chomhlucht cleamhnaithe nó ina fho-chomhlucht do chomhlucht atá cláraithe cheana sa chlár (nach comhlucht atá sé a dhíchlárú) nó a bhfuil a iarratas ar an gclárú sin á lamháil aige;

(f) féadfaidh aon iarratas ar chlárú a dhílamháil más ceart an clárú a dhiúltú ag féachaint do mhír (d) d'fho-alt (2) d'alt 8 den Acht seo;

(g) féadfaidh aon iarratas ar chlárú a dhílamháil má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn an t-iarratasóir aon eolas a thabhairt a héileofar ar an iarratasóir faoin alt seo;

(h) lamhálfaidh gach iarratas ar chlárú nach ndílamhálfaidh sé;

(i) díchláróidh gach comhlucht d'iarr an díchlárú sin go cuí;

(j) díchláróidh gach comhlucht a chífear dó a bheith tar éis scor de bheith ar marthain;

(k) díchláróidh gach comhlucht a bhfeicfear dó gur tharla dhó bheith ina chomhlucht a dtoirmisctear a chlárú leis an Acht seo;

(l) díchláróidh gach comhlucht a chífear dó a bheith tar éis scor de bheith inchláruithe;

(m) díchláróidh gach comhlucht a chífear dó a bheith ina bhrainse nó ina chomhlucht cleamhnaithe nó ina fho-chomhlucht do chomhlucht a bhfuil a iarratas ar chlárú á lamháil aige;

(n) féadfaidh gach leasú a dhéanamh sa chlár a chífear dó, de bhuaidh iarratas faoin alt seo nó eile, a bheith riachtanach nó cuí.

(4) Féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid aon eolas, a bhainfeas le hábhar an iarratais agus a mheasfas sé go réasúnach a bheith riachtanach, d'éileamh ar aon iarratasóir faoin alt seo ar chlárú nó leasú.

(5) Féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid pé fiosruithe a dhéanamh is cuí leis chun críche aon athscrúduithe bhliantúil ar an gclár de chomhluchta ainmniúcháin, ach ní dhéanfaidh aon díchlárú ná leasú gan fógra ina thaobh a thabhairt don chomhlucht a bhfuil sé chun é a dhíchlárú nó chun leasú a dhéanamh ar a chlárú ná gan caoi réasúnach a thabhairt don chomhlucht sin ar uiríolla a dhéanamh maidir leis sin mura rud é gur de bhuaidh iarratais faoin alt seo a déanfar an díchlárú nó an leasú.”

(2) Leasaítear leis seo alt 16 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(7) Ní bhainfidh aon ní ín alt 9 ná in alt 11 den Acht seo le haon athscrúdú bliantúil ar an gclár de chomhluchta aínmniúcháin.

(8) Chun críocha an ailt seo agus na n-alt ina dhiaidh seo den Acht seo measfar comhlucht a bheith cleamhnaithe le comhlucht eile má tá an comhlucht céadluaite ina chomhalta den chomhlucht eile nó á ionadú air agus más cuid de chuspóirí an chomhluchta eile príomh-chuspóirí an chomhluchta chéad-luaite a chur chun cinn.”

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh míre (a):

“(aa) cuirfidh in iúl do gach comhlucht dá n-údaraítear le mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo achomharc a dhéanamh i gcoinne lamháil iarratais ar chlárú gur chinn sé an t-iarratas sin a lamháil, agus”.

(2) Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad míre (b) d'fho-alt (2):

“(b) i gcás ina lamhálfar iarratas ó chomhlucht ar chlárú i leith aon rolla áirithe, aon chomhlucht d'iarr san athscrúdú bliantúil clárú i leith an rolla chéanna agus aon chomhlucht ainmniúcháin atá cláraithe i leith an rolla chéanna,”.

(3) Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (4):

“(4a) I gcás achomhairc dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo—

(i) cuirfidh an t-achomharcóir cóip den achomharc leis an bpost cláraithe chun gach comhluchta a bhfeicfear do cheann comhairimh an tSeanaid gur brainse nó comhlucht cleamhnaithe nó fochomhlucht dó é agus atá cláraithe sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin nó d'iarr san athscrúdú bliantúil go gclárófaí ann é agus greamóidh an deimhniú nó na deimhnithe postála den achomharc sara seachadfar nó sara gcuirfear leis an bpost chuig Cléireach Dháil Éireann é,

(ii) féadfaidh aon chomhlucht a gceanglaítear leis an mír roimpi seo cóip den achomharc a chur chuige tuairimí ar fhorais an achomhairc a chur isteach agus is i scríbhinn a bheas na tuairimí sin agus seachadfar do Chléireach Dháil Éireann nó cuirfear leis an bpost iad chun go sroichfid é tráth nach déanaí ná a dó dhéag a chlog meán lae ar an 22ú lá (más dálach é) nó an 21ú lá (más Satharn é) de Mhárta sa bhliain inar tugadh an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne, agus ní ghlacfaidh ná ní bhreithneoidh an bord achomhairc aon tuairimí den tsórt sin a gheobhas Cléireach Dháil Éireann tar éis na huaire sin an lá sin,

agus d'fhonn go mb'fhusaide an fo-alt seo a chomhlíonadh, bhéarfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, arna iarraidh sin do chomhlucht a bheartaíos achomharc a dhéanamh i gcoinne iarratas a dhílamháil, ráiteas don chomhlucht ina sonróidh gach comhlucht a chífear dó a bheith ina bhrainse, ina chomhlucht cleamhnaithe nó ina fho-chomhlucht don chomhlucht a bheartaíos achomharc a dhéanamh agus atá cláraithe sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin nó d'iarr san athscrúdú bliantúil go gclárófaí ann é.

(4b) I gcás achomhairc dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo—

(i) cuirfidh an t-achomharcóir cóip den achomharc leis an bpost cláraithe chun an fhreagróra, agus greamóidh an deimhniú postála den achomharc sara seachadfar nó sara gcuirfear leis an bpost chuig Cléireach Dháil Éireann é,

(ii) féadfaidh an freagróir tuairimí ar fhorais an achomhairc a chur isteach agus is i scríbhinn a bheas na tuairimí sin agus seachadfar do Chléireach Dháil Éireann iad nó cuirfear leis an bpost iad chun go sroichfid é tráth nach déanaí ná a dó dhéag a chlog meán lae ar an 22ú lá (más dálach é) nó an 21ú lá (más Satharn é) de Mhárta sa bhliain inar tugadh an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne, agus ní ghlacfaidh ná ní bhreithneoidh an bord achomhairc aon tuairimí den tsórt sin a gheobhas Cléireach Dháil Éireann tar éis na huaire sin an lá sin.”

Leasú ar alt 18 den Príomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(6) Beidh i mbreith an bhoird achomhairc ar aon achomharc a bhreithneos sé de bhun an ailt seo—

(a) má dhéanann an bhreith aisiompó ar bhreith a dhílamháil iarratas ó chomhlucht ar chlárú, treorú do cheann comhairimh an tSeanaid go ndíchláróidh aon chlárú sonraithe eile a bhfeicfear don bhord achomhaire gurb é atá ann clárú comhluchta is brainse nó comhlucht cleamhnaithe nó fo-chomhlucht don chomhlucht céad-luaite, agus

(b) má dhéanann an bhreith aisiompó ar bhreith a lamháil iarratas ó chomhlucht ar chlárú, treorú go gcláróidh sé aon chomhlucht sonraithe eile ar tharla ina leith, in athscrúdú bliantúil na bliana sin, a dhíchlárú a theacht i bhfeidhm nó iarratas go gclárófaí é a dhílamháil, gan d'fhoras leis an díchlárú sin ach gur bhrainse nó comhlucht cleamhnaithe nó fo-chomhlucht don chomhlucht céad-luaite an comhlucht sin.”

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

7. —Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (2), (3), (4) agus (5):

“(2) Is í an uimhir de dhaoine a fhéadfas gach comhlucht ainmniúcháin a bheas cláraithe sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin i leith rolla áirithe a mholadh lena n-ainmniú chun an rolla sin pé uimhir a gheofar tríd an uimhir iomchuí (mar mínítear sin i bhfo-alt (2) d'alt 34 den Acht seo) a roinnt ar an uimhir iomlán de chomhluchta ainmniúcháin atá cláraithe amhlaidh más slán-uimhir an uimhir a gheofar amhlaidh, nó, mura slán-uimhir í, an chéad shlán-uimhir eile os a cionn sin de dhaoine.”

Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht.

8. —Leasaítear leis seo alt 27 den Phríomh-Acht trí “nó níos lú” a scrios as fo-alt (6).

Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo alt 28 den Phríomh-Acht trí fho-ailt (3), (4), (5), (6) agus (8) a scrios.

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo alt 43 den Phríomh-Acht trí “trí fhógra ina mbeidh cóip de na rollaí agus ina luafar i gcás gach duine ar aon rolla an comhlucht nó na daoine ar de thoradh a ainmniúcháin nó a n-ainmniúcháin a cuireadh ar an rolla sin é” a chur isteach i ndeireadh fo-ailt (5).

Leasú ar Chuid V den Phríomh-Acht.

11. —Leasaítear leis seo Cuid V den Phríomh-Acht tríd an gCaibidil seo a chur in ionad Caibidil II:

“Caibidil II.

Corrfholúntais i bhFo-rolla do Chomhluchta Ainmniúcháin.

58A. (1) Nuair a dhéanfas an tAire ordú corrthoghcháin don tSeanad i leith corrfholúntais i gcomhaltas Sheanad Éireann a ndéarfar san ordú sin gur folúntas é i leith an fho-rolla do na comhluchta ainmniúcháin de rolla áirithe—

(a) comórfaidh ceann comhairimh an tSeanaid toghchán, do réir an Achta seo, chun an folúntas a líonadh,

(b) aon chomhlucht ainmniúcháin a bheas cláraithe sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin i leith an rolla sin beidh sé i dteideal iarrthóir amháin d'ainmniú lena thoghadh, agus

(c) laistigh de dheich lá tar éis an t-ordú sin a dhéanamh, cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid leis an bpost chuig gach comhlucht ainmniúcháin a bheas cláraithe sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin i leith an rolla sin foirm pháipéir ainmniúcháin maraon le fógra sa bhfoirm ordaithe á chur in iúl don chomhlucht go bhfuil sé de cheart aige iarrthóir amháin d'ainmniú lena thoghadh agus ag tabhairt pé eolais agus treoracha don chomhlucht is cuí leis an Aire d'ordú maidir le déanamh an ainmniúcháin.

(2) Is do réir na bhforál seo a leanas a déanfar ainmniúchán den tsórt adúradh:

(a) déanfar an t-ainmniúchán i scríbhinn ar pháipéar ainmniúcháin sa bhfoirm ordaithe;

(b) bhéarfar sa pháipéar ainmniúcháin na sonraí is gá a thabhairt ann do réir foirme ordaithe an pháipéir ainmniúcháin, agus go sonrach beidh ráiteas ann ar cháilíocht an duine a hainmnítear leis le haghaidh an rolla a luaitear san ordú iomchuí corrthoghcháin don tSeanad agus síneodh an comhlucht ainmniúcháin é;

(c) más comhlucht corpraithe an comhlucht ainmniúcháin, síneoidh an comhlucht an páipéar ainmniúcháin trí shéala an chomhluchta a ghreamú den pháipéar sin sa tslí agus leis na contra-shínithe is gá do réir bunreachta, airteagal comhlachais, nó rialachán eile an chomhluchta;

(d) mura comhlucht corpraithe an comhlucht ainmniúcháin, déanfaidh duine éigin a bhfuil údarás aige síniú in ainm an chomhluchta an páipéar ainmniúcháin a shíniú san ainm sin;

(e) seachadfar an páipéar ainmniúcháin do cheann comhairimh an tSeanaid nó cuirfear chuige leis an bpost é.

(3) I gcás Comh-Chomhairle Chomhairlí Contae na hÉireann nó Comhlachais Údarás Bardasacha na hÉireann, déanfaidh comhaltaí an chomhluchta agus iad ag vótáil do réir na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aon-ghutha inaistrithe an duine a hainmneofar faoin alt seo a roghnú.

(4) Aon pháipéar ainmniúcháin a airbheartós a bheith séalaithe le séala comhluchta chorpraithe is comhlucht ainmniúcháin agus a bheith contra-shínithe, measfar, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, é a bheith séalaithe amhlaidh sa tslí, agus leis na contra-shínithe, is gá do réir bunreachta, airteagal comhlachais, nó rialachán eile an chomhluchta.

(5) Aon pháipéar ainmniúcháin a airbheartós a bheith sínithe in ainm chomhluchta neamhchorpraithe is comhlucht ainmniúcháin, measfar, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, é a bheith sínithe amhlaidh ag duine a bhfuil údarás aige síniú san ainm sin.

(6) Má airbheartaíonn comhlucht ainmniúcháin níos mó ná duine amháin d'ainmniú leis an bpáipéar ainmniúcháin céanna nó le páipéir ainmniúcháin ar leithligh, beidh an páipéar ainmniúcháin nó na páipéir ainmniúcháin ar neamhní go hiomlán.

(7) Arna iarraidh sin air bhéarfaidh ceann comhairimh an tSeanaid saor in aisce do chomhlucht ainmniúcháin pé méid foirmeacha páipéir ainmniúcháin (de bhreis ar an bhfoirm is gá dhó do réir fo-ailt (1) den alt seo a chur chuig an gcomhlucht) a theastós ón gcomhlucht do réir réasúin.

(8) Beidh feidhm ag forála fo-alt (2), (3), (4), agus (6) d'alt 67 agus alt, 68, 68A, 69, 70, 71, 72, 73, 74, agus 75 den Acht seo maidir le corrfholúntas i bhfo-rolla do chomhluchta ainmniúcháin amhail mar atá feidhm acu maidir le corrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas.”

Leasú ar Chaibidil III de Chuid V den Phríomh-Acht.

12. —Leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid V den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh ailt 68:

“68A. (1) Más rud é ar chríochnú na haimsire chun páipéir ainmniúcháin d'fháil nach mbeidh aon pháipéar ainmniúcháin faighte ag ceann comhairimh an tSeanaid nó, tar éis an rialuithe ar ainmniúcháin, nach mbeidh aon iarrthóir ainmnithe go bailí, tuairisceoidh ceann comhairimh an tSeanaid dá réir sin don Aire agus air sin tiocfaidh an t-ordú iomchuí corrthoghcháin don tSeanad chun bheith, agus beidh sé, ar neamhní, agus déanfaidh an tAire ordú nua corrthoghcháin don tSeanad ina ionad.

(2) Aon ordú nua corrthoghcháin don tSeanad a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh sé ina ordú corrthoghcháin don tSeanad do réir bhrí agus chun críocha an Achta seo, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht seo (lena n-áirítear an t-alt seo) maidir leis, ach gurb í tréimhse ina ndéanfaidh an tAire an t-ordú nua corrthoghcháin sin don tSeanad pé tréimhse acu seo a leanas is déanaí a chríochnós, is é sin le rá, céad agus ochtó lá tar éis dó an fógra iomchuí i dtaobh corrfholúntais d'fháil ó Chléireach Sheanad Éireann nó seasca lá tar éis dó an tuairisc a luaitear sa bhfo-alt sin (1) d'fháil ó cheann comhairimh an tSeanaid.

(3) Ní dhéanfaidh neamhniú, de bhuaidh an ailt seo, ar ordú corrthoghcháin don tSeanad dochar ná difir do cheart cinn chomhairimh an tSeanaid chun go n-íocfar leis, faoin Acht seo, a éilithe réasúnacha i leith dualgas a chomhlíon sé de bhun an orduithe sin.”

Tuilleadh leasuithe ar Chuid V den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo Cuid V den Phríomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Caibidle IV:—

“CAIBIDIL V.

Bas no Dichailiu Iarrthora.

79A. (1) Má chruthaíonn comhlucht ainmniúcháin chun sástachta cinn chomhairimh an tSeanaid, roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh ag corrthoghchán don tSeanad, duine d'ainmnigh an comhlucht a bheith tar éis bháis nó tar éis teacht faoi dhícháilíocht chun bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann, cealóidh ceann comhairimh an tSeanaid an t-ainmniúchán sin láithreach agus air sin measfar nach ndearnadh riamh é.

(2) Más deimhin le ceann comhairimh an tSeanaid, roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh ag corrthoghchán don tSeanad, duine d'ainmnigh comhaltaí den Oireachtas a bheith tar éis bháis nó tar éis teacht faoi dhícháilíocht chun bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann, cealóidh ceann comhairimh an tSeanaid an t-ainmniúchán sin láithreach agus air sin measfar nach ndearnadh riamh é.

(3) Nuair a beifear ag comhaireamh na vótanna a tugadh i gcorrthoghchán don tSeanad, ní tabharfar aird ar aon rogha a breacadh d'iarrthóir ar deimhin le ceann comhairimh an tSeanaid, roimh chríoch na vótaíochta, go bhfuil sé tar éis bháis (pé acu roimh an rialú ar ainmniúchán nó dá éis sin a fuair sé bás) agus ina ionad sin is ar na roghna is foigse a bheas ar fáil a bhéarfar aird.

(4) Faoi réir na bhforál roimhe seo den alt seo, má gheibheann iarrthóir bás nó má thagann faoi dhícháilíocht chun bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann (pé acu roimh chríoch na vótaíochta nó dá éis sin é), ní bheidh sin ina thrúig neamhbhailíochta ná dochair d'ainmniúchán an iarrthóra ná d'aon roghna a breacadh dó agus, má toghtar é, ní bheidh a thoghadh neamhbhailí de bhíthin é d'fháil bháis nó a theacht faoi dhícháilíocht amhlaidh, ach measfar é do scarúint lena chomhaltas de Sheanad Éireann díreach tar éis é a thoghadh chuige amhlaidh.”

Athghairm.

14. —Athghairmtear leis seo ailt 21, 22, 23, 32, 33, agus 35 agus fo-alt (1) d'alt 34 den Phríomh-Acht.

Mion-leasuithe agus leasuithe iarmartacha ar an bPríomh-Acht.

15. —Beidh éifeacht ag an bPríomh-Acht faoi réir na leasuithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (eadhon, mion-leasuithe agus leasuithe d'iarmairt na bhforál roimhe seo den Acht seo).

Gearrtheideal agus comhlua.

16. —Féadfar Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947 agus 1954, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.