|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) | Ar Aghaidh (CUID III Méaduithe ar Phinsin agus Liúntais faoi na hAchta.) |
AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1953
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Liúntais do Ghaolta Daoine Marbha a raibh Seirbhís acu roimh an Sos. | |
[EN] |
Feidhm na Coda seo. |
3. —(1) Tá feidhm ag an gCuid seo— |
[EN] | (a) maidir le gach duine atá marbh agus a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos agus a mbaineann alt 7 nó alt 8 d'Acht 1923 leis; | |
[EN] | (b) maidir le gach duine atá marbh agus a mbaineann alt 14 d'Acht 1927 leis agus a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos agus— | |
[EN] | (i) a bhí ag fónamh sna fórsaí agus d'éag roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1927, le linn bheith ag fónamh sna fórsaí nó d'éag, tar éis é d'urscaoileadh as na fórsaí, laistigh de cheithre bliana tar éis a urscaoilte agus roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1927, agus arbh í aontsiocair a bháis galar dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1922, agus dár chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1923, nó | |
[EN] | (ii) nach raibh ag fónamh sna fórsaí agus d'éag roimh an 11ú lá d'Iúil, 1925, agus a bhí ina chomhaltá de na Irish Volunteers nó d'Arm Cathránach na hÉireann agus arbh í aon-tsiocair a bháis galar dob inchurtha i leith a sheirbhíse míleata sna Irish Volunteers nó in Arm Cathránach na hÉireann (pé acu é), nó | |
[EN] | (iii) a bhí ag fónamh sna fórsaí agus d'éag roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1927, le linn bheith ag fónamh sna fórsaí nó d'éag, tar éis é d'urscaoileadh as na fórsaí, laistigh de cheithre bliana tar éis a urscaoilte agus roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1927, agus a bhí ina chomhalta de na Irish Volunteers nó d'Arm Cathránach na hÉireann agus arbh í aon-tsiocair a bháis galar dob inchurtha i leith seirbhíse míleata sna Irish Volunteers nó in Arm Cathránach na hÉireann (pé acu é) nó i leith na seirbhíse míleata sin agus seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1922, agus dár chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1923; | |
[EN] | (c) maidir le gach duine atá marbh agus a bhí ina chomhalta d'eagras lena mbaineann Cuid II d'Acht 1932 agus— | |
[EN] | (i) a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos agus a maraíodh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1923, le linn bheith ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos nó do sheirbhís mhíleata tar éis an tsosa in imthosca dob inchurtha i leith na seirbhíse sin, nó | |
[EN] | (ii) nach raibh ag gabháil do sheirbhís mhíleata ach roimh an sos agus ar bhain créacht dó dob inchurtha i leith na seirbhíse sin agus d'éag laistigh de cheithre bliana tar éis an chréacht sin a bhaint dó agus arbh í an chréach sin ba thrúig bháis dó, nó | |
[EN] | (iii) nach raibh ag gabháil do sheirbhís mhíleata ach roimh an sos agus d'éag roimh an 11ú lá d'Iúil, 1925, agus ar ghalar dob inchurtha i leith na seirbhíse sin ba thrúig bháis dó, nó | |
[EN] | (iv) a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos agus do sheirbhís mhíleata tar éis an tsosa, agus | |
[EN] | (I) d'éag roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1927, de ghalar dob inchurtha i leith seirbhíse míleata sa tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1916, agus dár chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1923, nó | |
[EN] | (II) d'éag de chréacht dob inchurtha i leith seirbhíse míleata sa tréimhse sin is déanaí a luaitear ach laistigh de cheithre bliana tar éis an chréacht sin a bhaint dó. | |
[EN] | (2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le duine marbh— | |
[EN] | (a) a bhfuil feidhm maidir leis ag alt 3 d'Acht 1937, nó | |
[EN] | (b) arbh é ba chúis lena bhás faillí mhór nó mí-iompar mór aige féin. | |
[EN] |
Liúntais bhliantúla a dheonadh do dhaoine áirithe. |
4. —(1) Ar iarratas a dhéanamh chuige, féadfaidh an tAire, mar gheall ar bhás aon duine a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir leis— |
[EN] | (a) liúntas bliantúil de £250 an fhad is baintreach í a dheonadh do bhaintreach an duine mhairbh sin ar choinníoll nár athphós an bhaintreach sin roimh an lú lá d'Eanáir, 1953; | |
[EN] | (b) liúntas bliantúil de £180 a dheonadh don aon duine amháin sin de thuismitheoirí an duine mhairbh sin a ordós an tAire; | |
[EN] | (c) liúntas bliantúil de £125, an fhad atá sí gan pósadh nó ina baintreach (do réir mar bheas), a dheonadh don aon deirfiúr amháin sin leis an duine marbh sin a ordós an tAire, ar choinníoll go bhfuil an deirfiúr sin gan pósadh nó ina baintreach agus ar choinníoll— | |
[EN] | (i) go raibh an deirfiúr sin i gcleithiúnas an duine mhairbh sin ar dháta a bháis, nó | |
[EN] | (ii) gur cheart, dar leis an Aire Airgeadais, an deirfiúr sin d'áireamh, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, mar chleithiúnaí ar an duine marbh sin; | |
[EN] | (d) liúntas bliantúil de £125 a dheonadh don aon deartháir buan-easlán amháin sin leis an duine marbh sin a ordós an tAire, ar choinníoll— | |
[EN] | (i) go raibh an deartháir sin i gcleithiúnas an duine mhairbh sin ar dháta a bháis, nó | |
[EN] | (ii) gur cheart, dar leis an Aire Airgeadais, an deartháir sin d'áireamh, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, mar chleithiúnaí ar an duine marbh sin. | |
[EN] | (2) Ní bheidh ach an t-aon liúntas amháin iníoctha i leith an duine mhairbh chéanna san am céanna faoin gCuid seo. | |
[EN] |
Ordachán maidir leis an ngaol lena n-íocfar liúntas. |
5. —(1) Beidh liúntas faoin gCuid seo iníoctha leis an aon ghaol amháin sin (is gaol a luaitear in alt 4 den Acht seo) do dhuine marbh a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir leis (dá ngairmtear an duine marbh sin san alt seo) a ordós an tAire. |
[EN] | (2) Más rud é, ar ghaol d'fháil bháis le linn bheith ag fáil liúntais faoin gCuid seo, go maireann duine amháin nó níos mó de ghaolta (is gaolta a luaitear in alt 4 den Acht seo) an duine mhairbh sin, féadfaidh an tAire, ar iarratas a dhéanamh chuige, pé liúntas is iomchuí dá luaitear sa Chuid seo a dheonadh don aon duine amháin sin a ordós sé dá maireann de ghaolta sin an duine mhairbh sin. | |
[EN] |
Tórainn ama chun iarratais a dhéanamh faoin gCuid seo. |
6. —(1) Déanfar gach iarratas á iarraidh liúntas faoin gCuid seo a dheonadh lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith ach amháin iarratas ó bhaintreach de bhun míre (c) d'fho-alt (1) d'alt 4 den Acht seo, a bheas le déanamh lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis baintreach a dhéanamh dhi nó dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith, pé dáta acu sin is déanaí, agus iarratas de bhun fo-ailt (2) d'alt 5 den Acht seo a bheas le déanamh lá nach déanaí dhá mhí dhéag tar éis báis an ghaoil a luaitear ann. |
[EN] | (2) Beidh gach iarratas i pé foirm, agus beidh pé eolas ann, a iarrfas an tAire. | |
[EN] |
Tosach feidhme liúntas faoin gCuid seo. |
7. —(1) Aon liúntas faoin gCuid seo a deonfar do dhuine a bhí ag fáil liúntais (seachas liúntas speisialta) faoi na hAchta an lú lá d'Eanáir, 1953, tosnóidh sé an lú lá d'Eanáir, 1953. |
[EN] | (2) Aon liúntas faoin gCuid seo a deonfar do dhuine nach raibh ag fáil liúntais (seachas liúntas speisialta) faoi na hAchta an lú lá d'Eanáir, 1953, tosnóidh sé ar pé dáta a chinnfeas an tAire, ach ní bheidh an dáta sin níos luaithe ná dáta an Achta seo a rith. | |
[EN] | (3) Faoi réir aon ordachán a bhéarfas an tAire i gcásanna speisialta, déanfar aon liúntas faoin gCuid seo d'íoc i ndiaidh láimhe in aghaidh an mhí agus faoi réir pé coinníollacha maidir le céannú nó eile a ordós an tAire. | |
[EN] |
Foráil i gcoinne liúntais dhúbailte. |
8. —(1) Ní bheidh duine dá ndeonfar liúntas faoin gCuid seo i dteideal aon liúntais eile faoi na hAchta. |
[EN] | (2) I gcás duine dá ndeonfar liúntas faoin gCuid seo a bheith, díreach roimh dháta thosach feidhme an liúntais sin, ag fáil liúntais faoi na hAchta, measfar an liúntas sin is déanaí a luaitear a scor le héifeacht ón dáta sin agus measfar an tsuim a híocadh i leith an liúntais sin is déanaí a luaitear in aghaidh na tréimhse dár thosach an dáta sin a bheith arna híoc i leith an liúntais faoin gCuid seo. | |
[EN] |
Iarratais a tharchur chun an Bhoird Chláraitheachta Sheirbhíse Míleata. |
9. —(1) D'ainneoin aon tuarascála roimhe sin ón mBord Cláraitheachta Sheirbhíse Míleata, féadfaidh an tAire iarratas ar liúntas i leith duine mhairbh, a n-éilítear go bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir leis, a tharchur chun an Bhoird agus a iarraidh ar an mBord pé sonraí a theastós ón Aire i dtaobh an duine sin d'fhionnadh agus a dheimhniú don Aire agus air sin déanfaidh an Bord na sonraí sin d'fhionnadh agus a dheimhniú don Aire. |
[EN] | (2) Gach deimhniú (dá ngairmtear deimhniú seirbhíse sa Chuid seo) a eiseos an Bord chun an Aire faoin alt seo, beidh sé i pé foirm a ordós an tAire agus, faoi réir aon athruithe a dhéanfas an Bord ar an deimhniú faoi fho-alt (3) den alt seo, beidh sé ina fhianaise chríochnaitheach dochlóite ar na fíorais a bheas deimhnithe ann. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, ar an bhforas go fuarthas fianaise nua tar éis an deimhniú d'eisiúint, a iarraidh aon tráth ar an mBord an deimhniú d'athbhreithniú, agus air sin athbhreithneoidh an Bord an deimhniú agus féadfaid, tar éis an athbhreithnithe sin, é a dhaingniú nó d'athrú do réir mar is cuí leo. | |
[EN] | (4) (a) Má dhealraigh sé ón deimhniú mar heisíodh ar dtús é faoin alt seo nach raibh an duine marbh ina dhuine a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir leis (dá ngairmtear duine cáilithe san alt seo) agus go ndealraíonn sé ón deimhniú, arna athrú amhlaidh, go raibh an duine marbh ina dhuine cáilithe, ansin, féadfaidh an tAire dul ar aghaidh amhail is dá ndealródh sé ón deimhniú, roimh an athrú sin, go raibh an duine marbh ina dhuine cáilithe. | |
[EN] | (b) Má dhealraigh sé ón deimhniú mar heisíodh ar dtús é faoin alt seo go raibh an duine marbh ina dhuine cáilithe agus má deonadh dá réir sin liúntas i leith an duine mhairbh agus go ndealraíonn sé ón deimhniú, arna athrú amhlaidh, nach raibh an duine marbh ina dhuine cáilithe, déanfaidh an tAire le hordú, a luaithe is féidir, an liúntas a chúlghairm amhail ó dháta an orduithe. | |
[EN] |
Iarratais a tharchur chun Boird na nArm-Phinsean. |
10. —Aon uair a gheobhas an tAire, tar éis dó iarratas á iarraidh liúntas a dheonadh faoin gCuid seo i leith aon duine mhairbh a tharchur faoin alt deiridh roimhe seo chun an Bhoird Chláraitheachta, deimhniú seirbhíse i leith an duine sin ón mBord Cláraitheachta, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, an t-iarratas sin a tharchur chun Boird na nArm-Phinsean de bhun ailt 7 d'Acht 1927 agus air sin beidh feidhm ag an alt sin faoi réir an mhodhnuithe nach ndéanfaidh Bord na nArm-Phinsean fiosrú ná tuarascáil a thabhairt i dtaobh aon ní dob ábhar fionnachtana agus deimhnithe ag an mBord Cláraitheachta faoin gCuid seo. |
[EN] |
Feidhm alt áirithe d'Achta 1923 agus 1927. |
11. —(1) Beidh feidhm ag ailt 9, 10, 11, 12, 13 agus 14 d'Acht 1923 agus ag alt 21 d'Acht 1927 maidir le liúntais faoin gCuid seo, le daoine a bhfuil, nó a éilíos go bhfuil, teideal acu chun na liúntas sin, le daoine dá ndeonfar na liúntais sin agus le daoine a iarrfas na liúntais sin, amhail is dá mb'iad na liúntais a luaitear sna hailt sin faoi seach na liúntais faoin gCuid seo. |
[EN] | (2) Déanfar an tagairt in alt 21 d'Acht 1927 do dhaoine a thiocfas i láthair mar iarratasóirí nó mar fhinnéithe os comhair Bhord na nArm-Phinsean, de bhun toghairme ón mBord sin, d'fhorléiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do dhaoine a thiocfas i láthair mar iarratasóirí nó mar fhinnéithe os comhair an Bhoird Chláraitheachta Sheirbhíse Míleata de bhun toghairme ón mBord sin. |