1 1953


Uimhir 1 de 1953.


AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUANÚ NA nACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1952. [3ú Márta, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1952, a bhuanú.

1. —Leanfaidh na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1952, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1954, agus raghaid in éag ansin.

Gearrtheideal agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1952, agus féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1953, a ghairm de na hAchta sin agus den Acht seo le chéile.