22 1952


Uimhir 22 de 1952.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA) (COMHBHOIRD ADHLACAIN), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR DEIREADH LE hAMHRAIS I dTAOBH CUMHACHT COMHBHORD ADHLACAIN CHUN TALAMH A THÓGAINT GO hÉIGEANTACH. [10ú Nollaig, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Míniú ar chomhbhord adhlacain.

1. —San Acht seo ciallaíonn an abairt“comhbhord adhlacain”comhlucht rialuithe comhcheantair a ceapadh faoi fhorála an Public Health (Ireland) Act, 1878, a bhfuil na cumhachta aige agus na dualgais air a bronnadh agus a forchuireadh ar bhord adhlacain leis an Acht sin.

Comhbhord adhlacain do thógaint tailimh go héigeantach.

2. —Chun deireadh a chur le hamhrais dearbhaítear leis seo go bhfuil agus go raibh riamh ar na cumhachta atá ag comhbhord adhlacain na cumhachta atá ag údarás sláintíochta, ag gníomhú dhó mar bhord adhlacain do cheantar sláintíochta, chun talamh a thógaint go héigeantach d'fhonn reilig nua a sholáthar nó reilig a mhéadú, agus go bhfuil agus go raibh feidhm maidir le comhbhord adhlacain ag gach achtachán a chumasaíos, nó a chumasaigh de thuras na huaire, d'údarás sláintíochta, ag gníomhú dhó amhlaidh, talamh a thógaint go héigeantach chun na gcríocha sin agus go bhfuil agus go raibh na cumhachta sin infheidhmithe dá réir sin.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta) (Comhbhoird Adhlacain), 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1948, mar aon ní amháin.

(3) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1948, agus den Acht seo le chéile.