An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Fógra Fáilte.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Ostlanna.)

15 1952

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952

CUID VI.

Ostlanna agus Campai Saoire a Cheadunu.

Caibidil I.

Réamráiteach.

Forléiriú agus comhlua.

38. —Forléireofar an Chuid seo agus na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1946, mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1952, a ghairm den Chuid seo agus de na hAchta sin le chéile.

Léarscáil d'úsáid chun áitreabh a thuairisciú.

39. —Féadfar áitreabh a thuairisciú i ndearbhú nó i ndeimhniú faoi aon alt den Chuid seo trí thagairt do léarscáil a bheas ag gabháil leis an dearbhú nó leis an deimhniú sin.