An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Bord Fáilte.) Ar Aghaidh (CUID IV. Aitribh a Chlaru.)

15 1952

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952

CUID III.

Iasachtai a Rathu.

Iasachtaí a ráthú; agus deontais le haghaidh úsmhuirear.

17. —(1) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine ar bith go cuí iasacht a ráthú, agus

(b) gurb í an chríoch dá mbeidh an iasacht ag teastáil—

(i) cóiríocht do lucht saoire a dhéanamh, a mhéadú, d'fhreacnairciú nó d'fheabhsú, nó

(ii) taithneamhachtaí agus seirbhísí (seachas cóiríocht do lucht saoire) a sholáthar ag áiteanna cuartaíochta agus an trácht cuartaíochta ag na háiteanna sin nó chucu d'fhorbairt ag comhlucht corpraithe a bhfuil an cuspóir sin aige—

féadfaidh an tAire, ar mholadh an Bhoird agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, an iasacht a ráthú.

(2) Aon uair a ráthós an tAire iasacht faoin alt seo, féadfaidh sé a ráthú, i pé foirm agus slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha a cheadós an tAire Airgeadais, go n-aisíocfar an phríomhshuim nó go n-íocfar an t-ús ar an iasacht nó go n-aisíocfar an phríomhshuim sin agus go n-íocfar an t-ús sin.

(3) Aon uair a ráthós an tAire iasacht faoin alt seo, féadfaidh sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a údarú don Bhord deontais i leith íoc an úis ar an iasacht a thabhairt ar pé téarmaí agus coinníollacha a cheadós an tAire Airgeadais.

Tórainn le ráthaíochtaí agus iasachtaí.

18. —(1) Ní bheidh iomlán caipitiúil na n-iasacht go léir a ráthófar (pé acu maidir le príomhshuim agus ús nó maidir le ceachtar acu é) faoin gCuid seo níos mó ná trí mhilliún punt.

(2) Ní déanfar aon iasacht is lú ná cúig chéad punt a ráthú faoin gCuid seo.

(3) Ní bheidh iomlán na ndeontas a bhéarfas an Bord faoin gCuid seo níos mó ná seachtó agus cúig mhíle punt in aon bhliain airgeadais áirithe.

Iarratais.

19. —Is i scríbhinn agus chun an Bhoird a déanfar gach iarratas faoin gCuid seo.

Táillí ar iarratais agus ar dheontas nó ráthaíocht.

20. —(1) Déanfar táille de pé méid a ordós an tAire d'íoc ar gach iarratas faoin gCuid seo agus beidh íoc na táille sin go cuí na choinníoll nach foláir a chomhlíonadh chun go nglacfar an t-iarratas.

(2) Déanfar táille de pé méid a ordós an tAire d'íoc ar iasacht a ráthú nó ar dheontas d'údarú faoin gCuid seo, agus beidh íoc na táille sin go cuí ina choinníoll nach foláir a chomhlíonadh chun go ndéanfar an ráthú nó an t-údarú.

(3) Déanfar na táillí go léir is iníoctha faoin gCuid seo a bhailiú agus a ghlacadh i pé slí a threorós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir treoracha an Aire sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin gCuid seo.

Tórainn leis an am chun ráthaíochtaí a thabhairt.

21. —Ní ráthóidh an tAire aon iasacht faoin gCuid seo tar éis cúig bliana ó dháta an Achta seo a rith.

An t-airgead a theastós chun iasachtaí a ráthú d'airleacan as an bPríomh-Chiste.

22. —(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis pé suimeanna a bheas ag teastáil ó am go ham ón Aire chun ráthaíochtaí a bhéarfar faoin gCuid seo a chomhalladh.

(2) D'fhonn socrú a dhéanamh chun aon tsuimeanna d'airleacan as an bPríomh-Chiste a húdaraítear leis an alt seo d'airleacan amhlaidh, féadfaidh an tAire Airgeadais pé suimeanna is gá chun na críche sin d'fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus chun iad sin d'fháil ar iasacht féadfaidh an tAire sin urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead go léir a gheobhaidh ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-urrús go léir a heiseofar faoin alt seo.

Suimeanna áirithe d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

23. —(1) Íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna go léir a gheofar mar aisíoc ar airgead a hairleacadh as an bPríomh-Chiste faoin gCuid seo.

(2) Aon uair a déanfar airleacan as an bPríomh-Chiste ar scór ráthaíochta a bhéarfas an tAire faoin gCuid seo agus a bheas an t-airleacan go léir nó aon chuid de gan aisíoc tar éis dhá bhliain ón dáta a rinneadh an t-airleacan, déanfar an méid a bheas gan aisíoc amhlaidh d'aisíoc, pé tráth a threorós an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Ráitis agus cuntais a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

24. —(1) Laistigh de thrí mhí tar éis deireadh gach bliana airgeadais ina bhféadfar iasachtaí a ráthú faoin gCuid seo, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ar na hiasachtaí a ráthaíodh amhlaidh i rith na bliana airgeadais sin, maraon le sonraí ar na críocha a raibh na hiasachtaí sin le húsáid chucu, agus ar na téarmaí agus na coinníollacha ar ar ráthaíodh amhlaidh iad, agus fós ráiteas ar mhéid iomlán na ráthaíochtaí a tugadh faoin gCuid seo suas go dtí deireadh na bliana airgeadais sin.

(2) Faid a leanfas aon ráthaíocht a tugadh faoin gCuid seo i bhfeidhm, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, laistigh de thrí mhí tar éis deireadh gach bliana airgeadais, cuntas, i pé foirm a cheadós an tAire Airgeadais, ina dtaispeánfar iomlán na suimeanna go léir a hairleacadh as an bPríomh-Chiste faoin gCuid seo suas go dtí deireadh na bliana airgeadais sin agus iomlán na suimeanna go léir a haisíocadh leis an Stát-Chiste nó a híocadh isteach ann nó a cuireadh chun tairbhe dhó faoin gCuid seo suas go dtí deireadh na bliana airgeadais sin.