An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. An Bord Iascaigh Mhara.) Ar Aghaidh (CUID V. Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann, Teoranta, a Dhiscaoileadh.)

7 1952

AN tACHT IASCAIGH MHARA, 1952

CUID IV.

An Comhlachas Iascaigh Mhara.

Bunú.

23. —(1) Beidh comhlucht ann ar a dtabharfar An Comhlachas Iascaigh Mhara (dá ngairmtear an Comhlachas san Acht seo).

(2) Aon duine a bhíos ag gabháil d'iascach mara nó ag seoladh gnótha sa trádáil imdhala éisc, beidh sé i dteideal bheith ina chomhalta den Chomhlachas.

(3) Na daoine a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina gcomhaltaí den chomhlucht díscaoilte (mar mínítear sin le halt 25) agus a bhí tuairiscithe ina scair-chlár mar iascairí, beid ina gcomhaltaí den Chomhlachas ar é a bhunú.

(4) Bainfidh forála an Dara Sceidil leis an gComhlacas.

Feidhmeanna.

24. —Is iad feidhmeanna an Chomhlachais leasa a chomhaltaí agus an tionscail iascaigh mhara i gcoitinne a chur ar aghaidh agus pé uiríolla is cuí leis a dhéanamh leis an mBord ina leith sin.