|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Cumhachta Daoine Udaraithe.) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL. Achtachain nach mbeidh i bhfeidhm i Liomataiste Mhagh Bhile.) |
ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952
[EN] | ||
[EN] |
CUID VIII. Imeachta Dlithiula. | |
[EN] |
Feidhm forál pionósacha Achta. |
68. —Baineann forála an Achta seo i dtaobh cionta— |
[EN] | (a) le gníomhartha agus neamhghníomhartha i Líomatáiste an Fheabhail ag aon duine, agus | |
[EN] | (b) le gníomhartha agus neamhghníomhartha in aon chuid de Líomatáiste an Fheabhail ag aon duine a chónaíos sa Stát. | |
[EN] |
Pionóis mar gheall ar chionta. |
69. —(1) Aon duine a dhéanfas cion i gcoinne an Achta seo nach bhforáltar pionós dó le haon fhoráil eile den Acht seo, dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfas sé den chion tar éis a chiontuithe. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Coimisiún pionóis airgid d'ordú i leith sáruithe ar rialachán áirithe a bheas níos lú ná na pionóis a foráltar faoi fho-alt (1) den alt seo agus in aon chás den tsórt sin forléireofar an fo-alt sin amhail is dá gcuirtí na pionóis ísle sin in ionad na bpionós a foráltar amhlaidh. | |
[EN] |
Cosaint do ghníomhartha a déanfar i gcóir síolruithe shaorga chun críocha eolaíochta nó chun iascaigh d'fheabhsú. |
70. —Ní thoirmiscfidh aon ní san Acht seo aon rud a dhéanfas an Coimisiún, nó aon duine a bheas údaraithe chuige sin roimh ré i scríbhinn ag an gCoimisiún, chun iasc a shíolrú go saorga, chun críche eolaíochta éigin nó chun aon iascach d'fheabhsú. |
[EN] |
Cónaí comhluchta chorpraithe. |
71. —Chun críocha na Coda seo, measfar comhlucht corpraithe a bheith ina chónaí sa Stát m bhíonn sé corpraithe faoi dhlithe an Stáit. |
[EN] |
Cionta ag comhluchta corpraithe. |
72. —I gcás ina ndearna comhlucht corpraithe cion i gcoinne an Achta seo agus ina gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le haontú, nó gur hurasaíodh a dhéanamh de dheasca faillí, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlucht corpraithe, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion agus féadfar imeachta a thionscnamh ina choinne agus é a phionósúdá réir. |
[EN] |
Triail chiontaí. |
73. —D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, féadfaidh an Chúirt Dúiche cion i gcoinne an Achta seo d'éisteacht agus a chinneadh, ar ghearán, de bhriartha béil nó eile, ón gCoimisiún nó ó oifigeach don Choimisiún nó ó chomhalta den Gharda Síochána, ach ní ó aon duine eile ach amháin le toiliú an Choimisiúin. |
[EN] |
Fianaise i dtaobh béal aibhneacha, tórainneacha idir na coda taoidmheara agus na coda fíoruisce d'aibhneacha, na pointí i mbéal aibhneacha chun a ndéanfar nó óna ndéanfar faideanna slí a thomhas. |
74. —(1) Má mínítear le haon rialacháin— |
[EN] | (a) béal abhann, nó | |
[EN] | (b) béal aon fho-abhann, nó | |
[EN] | (c) an tórainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce d'aon abhainn, nó | |
[EN] | (d) an pointe nó na pointí chun a ndéanfar nó óna ndéanfar faideanna slí a thomhas faoin Acht seo, | |
[EN] | is mar mínítear amhlaidh a bheas an béal, an tórainn, an pointe nó na pointí sin chun críocha aon imeacht faoin Acht seo. | |
[EN] | (2) Má mínítear le haon rialacháin an spás a dtoirmisctear leis an Acht seo, nó faoi, innill iascaigh áirithe d'úsáid laistigh de, measfar, chun críocha aon imeacht faoin Acht seo gurb é an spás a mínítear amhlaidh an líomatáiste a dtoirmisctear na hinnill iascaigh sin d'úsáid laistigh de. | |
[EN] |
Ceadúnais d'fhorghéilleadh. |
75. —(1) (a) Má déantar an duine is sealbhóir ar cheadúnas d'eisigh an Coimisiún a chiontú i gcion lena mbaineann an fo-alt seo, féadfaidh an Chúirt a threorú an ceadúnas d'fhorghéilleadh agus a dhearbhú an duine sin a bheith dícháilithe chun ceadúnas ón gCoimisiún a shealbhú go ceann pé tréimhse, nach sia ná bliain, a threorós an Chúirt. |
[EN] | (b) Baineann an fo-alt seo— | |
[EN] | (i) le cion faoi aon alt den Acht seo, | |
[EN] | (ii) le cion faoi aon alt de na hAchta Iascaigh. | |
[EN] | (2) I gcás duine is sealbhóir ar cheadúnas d'eisigh an Coimisiún a chiontú ag cúirt bhreithiúnais i dTuaisceart Éireann i gcion faoin dlí de chuid Tuaisceart Éireann a bhaineas le hiascaigh agus, de dhroim an chiontuithe sin, go ndearbhófar an ceadúnas a bheith forghéillte agus go ndearbhófar an duine sin a bheith dícháilithe go ceann tréimhse áirithe chun ceadúnas ón gCoimisiún a shealbhú, treoróidh an Coimisiún an ceadúnas d'fhorghéilleadh agus beidh an duine sin dícháilithe chun ceadúnas a shealbhú go ceann na tréimhse sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina dtreorófar ceadúnas d'fhorghéilleadh faoin alt seo, scoirfidh an ceadúnas, air sin, de bheith i bhfeidhm. | |
[EN] | (4) I gcás duine a chiontú ag Cúirt i gcion i gcoinne an Achta seo nó faoi aon fhoráil de na hAchta Iascaigh, cuirfidh cláraitheoir nó cléireach na Cúirte cóip den chiontú, arna dheimhniú do réir na rialacha Cúirte, chun an Choimisiúin a luaithe is féidir. | |
[EN] | (5) Aon doiciméad a airbheartós gur cóip í de chiontú nó d'ordú a rinne cúirt bhreithiúnais i dTuaisceart Éireann agus a bheith deimhnithe do réir dlí Thuaisceart Éireann, beidh sé, chun críocha an ailt seo, ina fhianaise ar an gciontú nó ar an ordú sin gan a thuilleadh cruthúnais, mura gcruthaítear a mhalairt. | |
[EN] |
Innill iascaigh etc. d'fhorghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe. |
76. —I gcás duine a chiontú i gcion i gcoinne an Achta seo, beidh aon iasc a bheas go neamhdhleathach tógtha nó ina sheilbh aige tráth an chiona, agus fós aon inneall iascaigh nó aon rud ar leis nó ina leith a rinneadh an cion, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe. |
[EN] |
Gan a bheith d'oblagáid ar an gCúirt forghéilleadh d'fhógairt ná a thaifeadadh. |
77. —I gcás rud áirithe a bheith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil dedhroim ciontuithe faoin Acht seo, ansin, d'ainneoin aon rialach dlí, ní gá don Chúirt— |
[EN] | (a) an forghéilleadh sin d'fhógairt tráth an bhreithnithe, ná | |
[EN] | (b) an forghéilleadh sin a thaifeadadh i Leabhar Miontuairisce na Cúirte Dúiche ná san ordú ciontuithe. | |
[EN] |
Diúscairt fíneála. |
78. —(1) Baineann an t-alt seo le gach fíneáil a forchuirfear i leith ciona faoi aon alt den Acht seo. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh alt 51 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 ( Uimh. 27 de 1926 ), le fíneáil lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] | (3) Déanfar gach fíneáil lena mbaineann an t-alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (4) I gcás fíneáil lena mbaineann an t-alt seo a loghadh go hiomlán nó go páirteach tar éis í d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste faoi fho-alt (3) den alt seo, déanfar an fhíneáil sin nó an chuid di a loghadh amhlaidh (pé acu é) d'aisíoc as an Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais. | |
[EN] |
Iocaíochta leis an gCoimisiún agus le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána maidir le fíneála. |
79. —(1) Baineann an t-alt seo— |
[EN] | (a) le cion faoi aon alt den Acht seo, agus | |
[EN] | (b) le cion, faoi aon fhoráil lena mbaineann alt 10 den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 ( Uimh. 18 de 1949 ), a rinneadh i Líomatáiste an Fheabhail. | |
[EN] | (2) I gcás fíneáil, a forchuireadh i leith ciona lena mbaineann an t-alt seo, d'íoc nó a thobhach, ansin, mura rud é gur loghadh an fhíneáil go hiomlán, beidh feidhm ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (a) má chítear don Aire gur comhalta den Gharda Síochána faoi ndear an duine a rinne an cion a thabhairt faoi réim an cheartais, déanfar— | |
[EN] | (i) suim is comhionann le dhá dtrian na fíneála nó, má loghadh an fhíneáil go páirteach, le dhá dtrian an mhéid di nár loghadh, d'íoc leis an gCoimisiún, agus | |
[EN] | (ii) suim is comhionann le trian na fíneála nó, má loghadh an fhíneáil go páirteach, le trian an mhéid di nár loghadh, d'íoc isteach i gCiste Luaíochta an Gharda Síochána; | |
[EN] | (b) in aon chás eile, íocfar leis an gCoimisiún suim is comhionann leis an bhfíneáil nó, má loghadh an fhíneáil go páirteach, leis an méid di nár loghadh. | |
[EN] | (3) An t-airgead go léir is iníoctha faoi fho-alt (2) den alt seo, íocfaidh an tAire é, pé trátha is oiriúnach leis, as airgead a sholáthrós an tOireachtas. | |
[EN] |
Diúscairt nithe d'forghéillfear agus íocaíochta leis an gCoimisiún agus é Ciste Luaíochta an Gharda Síochána. |
80. —(1) I gcás aon ní d'fhorghéilleadh faoin Acht seo, féadfaidh an tAire a threorú é a dhíol nó é a dhiúscairt ar chuma eile i pé slí is oiriúnach leis nó é a thabhairt ar ais don duine ar dóigh leis gurb é a únaer é. |
[EN] | (2) Déanfar glan-fháltas aon díola faoi fho-alt (1) den alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (3) (a) Má chítear don Aire gur comhalta den Gharda Síochána d'urghabh ní áirithe a forghéilleadh faoi alt 76 nó faoi aon fhoráil lena mbaineann alt 15 den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 ( Uimh. 18 de 1949 ), mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe i leith ciona a rinneadh i Líomatáiste an Fheabhail, nó gurb é faoi ndear an duine a thabhairt faoi réim an cheartais a ciontaíodh sa chion dá dtáinig an forghéilleadh, ansin, déanfar suim is comhionann le dhá dtrian an ghlanfháltais dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo d'íoc leis an gCoimisiún agus suim is comhionann le trian d'íoc le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána. | |
[EN] | (b) In aon chás eile déanfar suim is comhionann leis an nglanfháltas d'íoc leis an gCoimisiún. | |
[EN] | (4) An t-airgead go léir is iníoctha faoi fho-alt (3) den alt seo, íocfaidh an tAire é, pé trátha is oiriúnach leis, as airgead a sholáthrós an tOireachtas. | |
[EN] |
Cruthú ar rialacháin, fo-dhlithe, etc. |
81. —(1) Aon doiciméad a airbheartós gur cóip é d'aon ionstraim i scríbhinn arna déanamh nó arna heisiúint (pé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é) faoi na hAchta Iascaigh nó faoin Acht seo i leith Líomatáiste an Fheabhail nó aon choda dhe, beidh sé, má bhíonn deimhnithe faoi ghnáthshéala an Choimisiúin é a bheith ina chóip dhílis, ina fhianaise prima facie, in aon imeachta, ar an ionstraim. |
[EN] | (2) Bainfidh alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 ( Uimh. 24 de 1925 ), le rialacháin a dhéanfas an Coimisiún faoin Acht seo. | |
[EN] |
Fiosrúcháin. |
82. —(1) Féadfaidh an Coimisiún ó am go ham fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh na n-iascach i Líomatáiste an Fheabhail nó i dtaobh aon cheann acu agus i dtaobh na meán is fearr a ghlacadh chun an céanna a bhainistí, a chaomhaint, a chosaint nó d'fheabhsú. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Coimisiún féin nó duine a cheapfas an Coimisiún chuige sin fiosrúchán a stiúrú. | |
[EN] |
Cumhachta maidir le fiosrúchán. |
83. —(1) Féadfaidh an Coimisiún nó an duine a bheas ag déanamh fiosrúcháin— |
[EN] | (a) finnéithe a thoghairm chun teacht i láthair ag an bhfiosrúchán, | |
[EN] | (b) aon fhinnéithe a bheas i láthair ag an bhfiosrúchán a cheistiú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo d'aon chomhalta den Choimisiún nó don duine sin, do réir mar bheas, daoine a chur faoi mhionn), | |
[EN] | (c) a cheangal ar aon fhinné aon doiciméid a thabhairt ar aird a bheas faoina chumhacht nó faoina urláimh agus a mheasfas an Coimisiún nó an duine sin, do réir mar bheas, a bheith riachtanach chun críocha an fhiosrúcháin. | |
[EN] | (2) Beidh teideal ag finné ag fiosrúchán chun na saoirsí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhinné i láthair na hArd-Chúirte é. | |
[EN] | (3) Duine ar bith— | |
[EN] | (a) a mhainneos teacht i láthair ar é a thoghairm go cuí chun teacht i láthair mar fhinné ag fiosrúchán, nó | |
[EN] | (b) a dhiúltós, ar é a bheith i láthair, mionn a thabhairt a ceanglófar air go dleathach a thabhairt, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheas faoina chumhacht nó faoina urláimh agus a ceanglófar air go dleathach a thabhairt ar aird nó aon cheist a fhreagairt a ceanglófar air go dleathach a fhreagairt, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air. |