An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Tratha Iascaigh agus Forala Fo-ghabhalacha.) Ar Aghaidh (CUID VII. Cumhachta Daoine Udaraithe.)

5 1952

ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952

CUID VI.

Iascaigh a Chosaint.

Rialacháin maidir le Líonta.

Srianta le húsáid íonta.

37. —Duine ar bith—

(a) a úsáidfeas aon líon, nó a dhéanfas iascach le haon líon, a mbeidh tón bhréige ann (ach amháin líonta chun easconna a thógáil), nó

(b) a chuirfeas dhá líon nó níos mó ceann i ndiaidh an chinn eile, nó

(c) a úsáidfeas aon líonta a bheas clúdaithe le canfás, seithe nó substaint eile chun éisc bheaga a thógáil, nó

(d) a ghreamós nó a choinneos líonta leanúnacha sínte trasna aon abhann,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Mogall líonta chun bradáin a thógáil sa bhfarraige agus i dtaoidebhealaigh.

38. —(1) Más rud é, ar aon chuid den chósta nó laistigh d'aon bhá, inbhear nó taoide-bhealach dhe, go n-úsáidfidh duine ar bith aon líon lena mbaineann an t-alt seo a mbeidh a mhogall níos lú ná orlach agus trí cheathrú ó shnaidhm go snaidhm, ag tomhas feadh taobh na cearnóige, nó níos lú ná seacht n-orlach, ag tomhas mórthimpeall gach mogaill faoi leith den tsórt sin, an mogall arna thomhas glan agus an líon fliuch, ansin, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(2) Féadfaidh an Coimisiún, le rialachán faoi alt 13, a cheadú go n-úsáidfí líonta lena mbaineann an t-alt seo a mbeidh tuise a mogall níos lú ná mar a sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo,

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “líon lena mbaineann an t-alt seo” aon líon nó inneall eile nach bhfuil déanta d'ábhar dolúbtha agus a húsáidtear chun bradáin a thógáil.

Usáid líonta bradán i bhfoisceacht do bhéal abhann.

39. —(1) Má dhéanann duine ar bith (seachas únaer iascaigh eisiaigh laistigh de thórainneacha an iascaigh sin) aon líon a theilgean, a tharraingt nó d'úsáid chun bradáin a thógáil ag béal aon abhann nó i bhfoisceacht leathmhíle, do leith na farraige nó don leith istigh nó feadh an chósta, do bhéal aon abhann, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(2) Má dhéanann duine ar bith aon líon a theilgean, a tharraingt nó a shíneadh go hiomlán trasna béil abhann nó trasna aon choda eile d'abhainn, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(3) Má thugann rialacháin faoin Acht seo míniú ar bhéal aon fho-abhann, déanfar tagairtí san alt seo do bhéal aon abhann d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do bhéal na fo-abhann sin.

Srian le líon neamhdhleathach a shealbhú, etc.

40. —(1) Ní bheidh ina sheilbh ná faoina urláimh ag duine ar bith in aon abhainn ná ar bhruacha, ná i bhfoisceacht do bhruacha aon abhann, aon líon ná uirlis eile ná aon mhealladh ná baoite nach dleathach d'úsáid chun bradáin, bric nó iasc eile a thógáil.

(2) Duine ar bith a mbeidh aon líon nó uirlis eile nó aon mhealladh nó baoite ina sheilbh nó faoina urláimh aige contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(3) Más rud é—

(a) go bhfaighfear aon líon ina seilbh nó faoina urláimh ag duine i ngaobhar don tórainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce d'aon abhainn, agus

(b) go gcúiseofar an duine sin, dá bhithin sin, i gcion faoin alt seo,

is cosaint mhaith ar an gcúiseamh sin an duine sin dá chruthú gur sealbhóir é ar cheadúnas chun an líon sin d'úsáid agus go bhfuil beartaithe é d'úsáid sa chuid taoidmhear sin.

Toirmeasc ar Mhodhanna Airithe chun Bradáin agus Iasc eile d'Iascach agus ar Chleachtais d'fhéadfadh iad a Dhíthiú.

Pléascáin d'úsáid nó a shealbhú.

41. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “pléascán” dionaimít nó substaint phléascach eile;

ciallaíonn “uiscí” aon abha nó aon chuid de chósta na farraige.

(2) Má úsáideann duine ar bith in aon uiscí aon phléascán chun iasc a ghabháil nó a dhíthiú, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(3) Duine ar bith a bheas ar bhruach, nó i bhfoisceacht, aon uiscí agus a mbeidh ina sheilbh aige aon phléascán le hintinn é d'úsáid chun iasc a ghabháil nó a dhíthiú, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(4) Gach duine a bheas ciontach i gcion faoi fho-alt (2) nó (3) den alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Abhar docharach nó nimhiúil d'úsáid nó a shealbhú.

42. —(1) Má úsáideann duine ar bith in aon abhainn aon ábhar docharach nó nimhiúil chun iasc a ghabháil nó a dhíthiú, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(2) Duine ar bith a bheas ar bhruach, nó i bhfoisceacht, aon abhann agus a mbeidh ina sheilbh aige aon ábhar docharach nó nimhiúil le hintinn é d'úsáid chun iasc a ghabháil nó a dhíthiú, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Pionós mar gheall ar fheistí áirithe d'úsáid, etc. chun iasc a thógáil.

43. —(1) Más rud é, chun aon iasc a thógáil, go n-úsáidfidh duine ar bith nó go mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aige in aon abhainn, nó ar bhruacha, nó i bhfoisceacht do bhruacha, aon abhann, aon tsolas nó tine d'aon tsórt, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(2) Más rud é, chun aon iasc a thógáil, go n-úsáidfidh duine ar bith nó go mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aige in aon abhainn, nó ar bhruacha, nó i bhfoisceacht do bhruacha, aon abhann, aon otar, sleá, strócáil, ga nó uirlis eile dá samhail sin, beidh sé, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo maidir le húsáid, seilbh nó urlámh aon ní acu seo a leanas—

(a) ga nach n-úsáidtear nó nach bhfuil le húsáid ach mar chabhair chun duánacht dleathach a dhéanamh idir éirí gréine agus uair a chloig i ndiaidh luí gréine, nó

(b) ga a húsáidtear nó atá le húsáid ag sealbhóir ceadúnais iascaigh i leith aon bhosca i gcora iascaigh nó i muileann-damba iascaigh chun iasc a thógaint as go dleathach agus chuige sin amháin, nó

(c) sleá easconn a húsáidtear chun easconna a thógáil.

(4) Gach duine a bheas ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Bradáin nó bric d'iascach in abhainn le cros-línte.

44. —Má dhéanann duine ar bith aon bhradáin nó bric a thógáil, a ghabháil nó d'iascach le cros-línte in aon abhainn, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Abha nó rás muilinn a dhambáil, etc., chun bradáin nó bric a thógáil.

45. —Má dhéanann duine ar bith aon abha nó sruthchúrsa a dhambáil, a thaomadh nó d'fholmhú chun aon bhradáin nó bric a thógáil nó a dhíthiú, beidh an duine sin ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Iasc a maraíodh go neamhdhleathach nó a fuarthas marbh a thógáil.

46. —(1) Gach duine a aistreos nó a chuirfeas faoi ndear go n-aistreofar, in aon tslí, as aon abhainn—

(a) aon bhradáin nó bric a maraíodh ar shlí seachas le modhanna dleathacha, nó

(b) aon bhradáin nó bric a fuair an duine sin agus iad marbh ó chúis ar bith,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon duine acu seo a leanas—

(a) aon duine ag gníomhú faoi údarás an Aire, nó

(b) aon chomhalta nó oifigeach den Choimisiún, nó

(c) aon únaer iascaigh nó a ghníomhaire agus é ag gníomhú faoi údarás scríofa an Choimisiúin, nó

(d) chomh fada is bhaineas le haon bhradáin nó bric ghalraithe, nó le haon bhradáin nó bric a gheofar marbh ó aon chúis, d'aistriú nó a chur faoi ndear iad d'aistriú, aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon Oifigeach Sláintíochta.

Eisc Oga agus Eisc Síolrúcháin a chosaint.

Eochrais, gealóga nó blátháin bhradán nó bhreac a thógáil, etc.

47. —Duine ar bith—

(a) a thógfas, a dhíolfas, a cheannós nó a mbeidh ina sheilbh aige, go toiliúil, eochrais, gealóga nó blátháin bhradán nó bhreac, nó

(b) a bhacainneos go toiliúil gluaiseacht ghealóg nó bhláthán bradán nó breac, nó

(c) a dhéanfas díobháil nó corraí ar eochrais nó blátháin bhradán nó bhreac, nó

(d) a dhéanfas díobháil nó corraí ar aon leaba sceite, port nó tanalach a bhféadfadh eochrais nó blátháin bhradán nó bhreac a bheith ann,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Eisc a chorraí ar leapacha sceite.

48. —Má chorraíonn duine ar bith éisc ar na leapacha sceite nó má dhéanann iarracht (ach amháin trí dhuánacht dleathach le slat agus ruaim) ar éisc a ghabháil orthu, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Pionóis mar gheall ar bhradáin nó bric neamhshaosúracha a thógáil, a cheannach, etc.

49. —(1) Gach duine a thógfas, a mharós, a dhítheos, a cheannós, a dhíolfas, a thaispeánfas chun a dhíolta nó a mbeidh ina choimeád nó ina sheilbh aige tráth ar bith, go toiliúil, aon bhradán nó breac neamhghlan nó neamhshaosúrach, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(2) Má cúisítear duine faoi bhradán nó breac a thógáil contrártha don alt seo, is cosaint mhaith a chruthú gur go tionóisceach a tógadh an bradán nó an breac sin agus gur cuireadh ar ais san uisce é, gan é a dhíobháil, díreach tar éis é a thógáil.

Ciontaí Ilghnéitheacha.

Daoine a bheas ag iascach go dleathach a chosc.

50. —Má choisceann duine ar bith aon duine a bheas go dleathach ag gabháil d'iascach nó ag dul, nó ag filleadh ó bheith, ag iascach go dleathach, beidh an duine céad-luaite sin ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Inneall iascaigh a shuíomh le hintinn iasc a chosc ar dhul isteach i líonta a bheas curtha go dleathach.

51. —Má dhéanann duine ar bith go toiliúil agus go mailíseach aon inneall iascaigh a shuíomh le hintinn iasc a chosc ar dhul isteach i líonta a bheas curtha agus suite go dleathach ag aon duine eile, beidh an duine céad-luaite sin ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Rabhadh a thabhairt do dhaoine a bheas ag iascach go neamhdhleathach.

52. —Má dhéanann duine ar bith, nó má chuireann faoi ndear go ndéanfar, aon chomhartha nó rabhadh a thabhairt, nó má chabhraíonn nó má chuidíonn lena thabhairt, d'aon duine a bheas ag iascach go neamhdhleathach á chur in iúl go bhfuil aon chomhalta nó oifigeach den Choimisiún, comhalta den Gharda Síochána, nó faireoir abhann a ceapadh faoi alt 56, ag teacht, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Gníomhairí d'Unaeraí Iascaigh.

Ceapadh.

53. —(1) Féadfaidh aon únaer iascaigh, trí chumhacht aturnae faoina láimh, gníomhaire a cheapadh chun gníomhú dhó chun críocha an Achta seo.

(2) Gach ní a dtreoraítear leis an Acht seo gur duine áirithe a dhéanfas é nó gur maidir leis a déanfar é, is dleathach a dhéanamh ag, nó maidir le, gníomhaire a cheapfas sé faoin alt seo agus féadfar déileáil i ngach slí leis an ngníomhaire mar d'fhéadfaí déileáil leis an duine sin féin faoin Acht seo.

(3) Beidh ag gach gníomhaire a ceapfar faoin alt seo lán-chumhacht, in ainm agus thar ceann a phríomhaí, páirt a ghlacadh in aon fhiosrúchán nó gníomhú ar aon fhiosrúchán nó aon ghearán, achomharc, caingean, eascaire, agra nó imeacht eile a thabhairt ar aghaidh, nó cur ina choinne, nó é a chosaint nó freastal ar aon chruinniú agus vótáil agus páirt a ghlacadh ann nó aon ghníomh eile a dhéanamh nó d'fhulang chun críocha an Achta seo.

(4) Gach duine a cheapfas gníomhaire faoin alt seo, beidh sé faoi cheangal ag gníomhartha an ghníomhaire, do réir an údaráis a tugadh dó, chomh hiomlán agus dá mba é an duine sin féin a rinne na gníomhartha sin.

(5) Déanfar gach cumhacht aturnae faoin alt seo a thabhairt ar aird, d'iniúchadh nó a chlárú, agus déanfar cóipeanna dhe agus bainfear sleachta as, pé trátha agus i pé áiteanna agus i pé slí a ordós an Coimisiún.

(6) Féadfaidh cumhacht aturnae faoin alt seo bheith sa bhfoirm seo a leanas —

“ Déanaimse, A. B. as______________________________

C. D. as_______________________________a cheapadh leis

seo ina aturnae dleathach agam chun gníomhú dhom ar gach slí amhail is dá mbeinn féin i láthair agus ag gníomhú, agus déanaim an ceapachán seo faoi Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 .

Arna dhátú an_________________________seo de, 19_____.

(Sínithe) A. B.”

(7) Má ciontaítear duine i gcion i gcoinne an Achta seo, beidh sé dá éis sin dícháilithe chun a cheaptha ina ghníomhaire faoin alt seo go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta a chiontuithe.