29 1951


Uimhir 29 de 1951.


ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTA NA nDOCHTÚIRÍ LEIGHIS, 1927 . [26 ú Nollaig, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “lá ceaptha” pé lá a cheapfas an tAire, le hordú, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha forál éagsúla den Acht seo nó chun feidhm a bheith ag aon fhoráil acu maidir le haicmí éagsúla cásanna;

ciallaíonn “Acht Breataineach 1950” an tAcht a rith an Pharlaimint Bhreataineach agus dár teideal The Medical Act, 1950;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

ciallaíonn an bríathar “ordú” ordú le rialacháin arna ndéanamh ag an gComhairle;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 (Uimh. 25 de 1927) ;

ciallaíonn “clárú sealadach” clárú de bhuaidh ailt 7 den Acht seo, agus forléireofar “cláraithe go sealadach” dá réir sin.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

(3) Aon ordú a déanfar ag ceapadh lae chun críocha an Achta seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den dá lá dhéag a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Srian le lán-chlárú.

2. —Ar an lá ceaptha ná dá éis ní déanfar aon chlárú ar dhuine sa chlár ach amháin clárú sealadach, mura rud é—

(a) i gcás duine a bheas ag éileamh a chláruithe de bhuaidh míre (a) d'fho-alt (1) d'alt 25 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 12 den Acht seo, go bhfuil sé cláraithe sa Chlár Ginearálta ar shlí seachas de bhuaidh ailt 6 d'Acht Breataineach 1950, nó

(b) i gcás duine a bheas ag éileamh a chláruithe de bhuaidh míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 25 den Phríomh-Acht, go raibh sé, roimh an lá ceaptha, i seilbh an diplóma cháiliúcháin, nó chinn amháin ar a laghad de na diplómanna cáiliúcháin, ar dá bhuaidh a bheas sé ag éileamh a chláruithe, nó go bhfuil deimhnithe faoi alt 3 den Acht seo go bhfuil sé tar éis an taithí a bheith aige a sonraítear san alt sin, nó

(c) i gcás duine a bheas ag éileamh a chláruithe de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 26 den Phríomh-Acht, gur deimhin leis an gComhairle go bhfuil sé tar éis an taithí a bheith aige a sonraítear in alt 5 den Acht seo.

Deimhniú ar thaithí in ospidéal ceadaithe.

3. —(1) Ní deonfar deimhniú chun críocha míre (b) d'alt 2 den Acht seo i leith duine ar bith mura mbeidh sé, i ndiaidh scrúdú cáiliúcháin a ghnóthú dhó, tar éis bheith ar fostú, i gcáil dhochtúra chónaithigh, in ospidéal nó i bhforas ceadaithe, nó in ospidéil nó i bhforais cheadaithe, ar feadh pé tréimhse a bheas ordaithe.

(2) Féadfaidh duine a chomhlíonfas an coinníoll a sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo deimhniú d'iarraidh faoin alt seo ar chomhlucht deonta an diplóma cháiliúcháin ar dá bhuaidh atá sé ag éileamh a chláruithe, agus más deimhin leis an gcumhlucht sin—

(a) go raibh an t-iarratasóir, i rith an ama a bhí sé ar fostú amhail mar adúradh, ag gabháil don mhíochaine ar feadh pé tréimhse nó tréimhse íosta a bheas ordaithe agus ag gabhail don mháinliacht ar feadh pé tréimhse nó tréimhse íosta a bheas ordaithe, agus

(b) gur thug sé seirbhís shásúil an fhaid a bhí sé ar fostú amhlaidh,

deonfaid deimhniú i pé foirm a bheas ordaithe gur deimhin leo sin.

(3) Déanfar an t-am a chaith iarratasóir, le linn é a bheith ar fostú mar luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, ag gabháil don asaoideacht, agus nach sia ná pé tréimhse a bheas ordaithe, a chomhaireamh chun críocha míre (a) d'fho-alt (2) den alt seo mar am a caitheadh le míochaine nó mar am a caitheadh le máinlinacht, do réir mar roghnós an t-iarratasóir.

(4) Más rud é, i rith aon tréimhse fostaíochta den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo, go raibh iarratasóir a bhí ag gabháil don mhíochaine ag gabháil, freisin, don mháinliacht nó don asaoideacht nó dóibh araon, nó go raibh iarratasóir a bhí ag gabháil don mháinliacht ag gabháil, freisin, don asaoideacht, cionroinnfear an tréimhse chun críocha na bhforál sin roimhe seo den alt seo ar pé modh a chinnfeas comhlucht deonta an diplóma cháiliúcháin ar dá bhuaidh atá an t-iarratasóir ag éileamh a chláruithe.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “ceadaithe”, maidir le hospidéal nó foras, ceadaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ag an gComhairle,

déanfar tagairtí d'fhostaíocht i gcáil dhochtúra chónaithigh d'fhorléiriú mar thagairtí d'fhostaíocht ag cleachtadh míochaine, máinliachta nó asaoideachta, i gcás an duine áirithe a bheith ina chónaí san ospidéal nó sa bhforas ina bhfuil sé ar fostú nó ina chomhgar, agus téarmaí a fhostaíochta dá cheangal air bheith ina chónaí amhlaidh.

(6) Maidir le duine a bheas ag éileamh a chláruithe de bhuaidh diplóma a deonadh ar scrúdú cáiliúcháin a ghnóthú a chuir dhá chomhlucht nó níos mó air i gcomhar, déanfar na tagairtí san alt seo do chomhlucht deonta an diplóma cháiliúcháin d'fhorléiriú mar thagairtí do na comhluchta a chuir an scrúdú cáiliúcháin air, ag gníomhú i gcomhar dóibh.

(7) Faoi réir forál fo-ailt (6) den alt seo, déanfar duine a bheas i seilbh dhá dhiplóma cháiliúcháin, nó níos mó, d'áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine atá ag éileamh a chláruithe de bhuaidh pé ceann de na diplómanna sin is rogha leis.

Forála speisialta maidir le fostaíocht i slánlanna.

4. —(1) Chun críocha ailt 3 den Acht seo, folaíonn “foras” slánlann i gcás (agus sa chás sin amháin)—

(a) inar slánlann é faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , nó faoin Acht Sláinte, 1947 (Uimh. 28 de 1947) , nó

(b) inar slánlann é den chineál dá dtagartar i bhfo-alt (1) d'alt 3 d'Acht Breataineach 1950.

(2) Ní háireofar fostaíocht i slánlann den tsórt sin mar fhostaíocht chun críocha ailt (3) den Acht seo, mura rud é—

(a) i gcás slánlainne faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, nó faoin Acht Sláinte, 1947 , gur fostaíocht í ag soláthar seirbhísí míochaine ginearálta nó fostaíocht ag soláthar seirbhísí othar eachtrach, agus

(b) i gcás slánlainne den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (1) d'alt 3 d'Acht Breataineach 1950, gur ceachtar de na fostaíochta í a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt sin.

An taithí is gá le haghaidh cláruithe (cleachtóirí coigríche).

5. —Is iad na nithe nach foláir an Chomhairle a bheith deimhnitheach ina dtaobh chun críocha míre (c) d'alt 2 den Acht seo—

(a) go raibh an duine atá ag éileamh a chláruithe ar fostú mar luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo agus go bhfuil na coinníollacha comhlíonta aige a sonraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt sin, nó

(b) gur thug an duine sin seirbhís shásúil i gceapachán nó i gceapacháin (laistigh nó lasmuigh den Stát) de shórt is dóigh leis an gComhairle a bheir taithí ar chleachtadh na míochaine agus na máinliachta, nó na míochaine agus na máinliachta agus na hasaoideachta, nach lú réim ná mar is gá le haghaidh deimhnithe faoi alt 3 den Acht seo, nó

(c) go bhfuil taithí den tsórt adúradh faighte ar shlí eile ag an duine sin.

Taithí bhreise ar an míochaine in ionad taithí ar an máinliacht i gcás duine faoi mhíchumas coirp.

6. —(1) Más rud é, ar iarratas chuige sin, go gcruthóidh duine chun sástachta na Comhairle nach féidir nó nárbh fhéidir leis, de dheasca buan-mhíchumais choirp, tosnú, nó críoch a chur, ar aon tréimhse taithí ar chleachtadh na máinliachta nó na hasaoideachta is gá chun críocha aon fhorála acu sin roimhe seo den Acht seo, féadfaidh an Chomhairle, más oiriúnach léi, a ordú go bhféadfaidh an t-iarratasóir, chun na gcríocha sin, taithí ar chleachtadh na míochaine (i dteannta gach ar ghá fairis sin ina chás do réir na bhforál sin) a bheas faighte aige sa tslí chéanna agus in aghaidh na tréimhse céanna nó, do réir mar bheas, in aghaidh na méide den tréimhse sin a bheas gan críochnú, a chomhaireamh ina ionad sin.

(2) Má thugann an Chomhairle ordachán faoin alt seo, bhéarfaidh sí fógra i dtaobh an ordacháin don chomhlucht a dheoin an diplóma cáiliúcháin don duine lena mbaineann an t-ordachán.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt 6 agus 7 d'alt 3 den Acht seo chun críocha an ailt seo amhail mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

Clarú sealadach.

7. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas chun go bhféadfar daoine d'fhostú mar luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo.

(2) I gcás ina mbeadh teideal ag duine, mura mbeadh an tAcht seo, chun a chláruithe sa chlár de bhuaidh míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 25 nó fo-ailt (1) d'alt 26 den Phríomh-Acht, beidh teideal aige, ar an táille ordaithe d'íoc, chun bheith cláraithe sa chlar go sealadach.

(3) I gcás duine a bheith ina shealbhóir ar dhiplóma cáiliúcháin (mar mínítear sin le fo-alt (1) d'alt 36 d'Acht Breataineach 1950) a dheoin ollscoil nó corparáid eile a bhfuil a suí sa Ríocht Aontaithe agus é a bheith cláraithe de bhuaidh ailt 6 d'Acht Breataineach 1950, beidh teideal aige, gan aon táille d'íoc, chun bheith cláraithe sa chlár go sealadach.

Eifeacht chláruithe shealadaigh, etc.

8. —(1) Measfar daoine atá cláraithe go sealadach a bheith cláraithe sa chlár sa mhéid gur gá é—

(a) chun go bhféadfar iad d'fhostú mar luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo,

(b) ionas go mbeidh feidhm ina gcás ag na forála den Acht seo a bhaineas go sainráite le clárú sealadach,

(c) ionas go mbeidh feidhm ina gcás ag na forála seo a leanas den Phríomh-Acht, eadhon, ailt 15, 22, 23, 28, 29, 30, 31, 33 agus fo-alt (2) d'alt 37.

(d) chun críocha Achta na nGiúirithe, 1927 ( Uimh. 23 de 1927 ), agus

(e) chun críche aon achtacháin nó ionstraime, nó chun aon chríocha eile, a ordós an tAire le hordú,

agus sa mhéid sin amháin.

(2) Gach duine a dhéanfas nó a gheobhas, nó a bhéarfas go ndéanfar nó go bhfaighfear, aon uiríoll, nó a chabhrós nó a neartós le déanamh nó le fáil aon uiríll, chun go ndéanfar clárú sealadach air, is uiríoll is eol dó a bheith bréagach nó calaoiseach, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag a chur air.

(3) Gach duine a bhéarfas le tuiscint nó a chuirfeas in iúl go toiliúil agus go bréagach gur duine é atá cláraithe go sealadach nó a úsáidfeas amhlaidh aon ainm, teideal, breisiú nó tuairisc dá chur i dtuiscint go bhfuil sé cláraithe amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

(4) Déanfar na tagairtí in ailt 22, 23, 28, 29, 30 agus 33 den Phríomh-Acht do dhuine atá cláraithe sa chlár d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do dhuine atá cláraithe go sealadach.

(5) Déanfaidh an Chomhairle a cumhachta chun rialacháin a dhéanamh faoi alt 19 den Phríomh-Acht d'fheidhmiú ar shlí a bhéarfas gur i gcuid ar leith den chlár a clárófar daoine a ndéanfar clárú sealadach orthu, agus, ar dhuine a chlárú ar shlí seachas go sealadach, go mbainfear a ainm as an gcuid ar leith den chlár.

(6) Féadfaidh an Chomhairle, más oiriúnach léi, in ionad nó i dteannta an chuid ar leith den chlár dá dtagartar i bhfo-alt (5) den alt seo d'fhoilsiú go bliantúil sa Chlár de Dhochtúirí Leighis na hÉireann, a chur faoi ndear liosta de na daoine a bheas cláraithe go sealadach d'ullmhú faoi dhó ar a laghad gach bliain.

(7) Is sa bhfoirm ordaithe a hullmhófar liosta faoi fho-alt (6) den alt seo agus tiomsófar é i leith dáta a ordós an Chomhairle agus a sonrófar sa liosta agus cuirfidh an Chomhairle faoi ndear go mbeidh cóipeanna den liosta ar fáil lena gceannach ag duine ar bith ar an táille ordaithe d'íoc.

(8) Aon chóip a airbheartós gur cóip í dá dtagartar i bhfo-alt (7) den alt seo agus arb í an chóip is déanaí den tsórt sin í de thuras na huaire, is fianaise in aon chúirt í, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil gach duine a bhfuil a ainm iontráilte inti cláraithe go sealadach do réir an Achta seo agus nach bhfuil aon duine nach bhfuil a ainm íontráilte inti cláraithe amhlaidh.

(9) Aon deimhniú a airbheartós a bheith sínithe ag an gcláraitheoir agus a dheimhniú go raibh duine áirithe cláraithe go sealadach mar ba chuí, lá nó laethanta sonraithe nó ar feadh tréimhse sonraithe, nó nach raibh duine áirithe cláraithe go sealadach, lá nó laethanta sonraithe nó ar feadh tréimhse sonraithe, nó go ndearnadh ainm duine áirithe a scrios, lá sonraithe, as an gcuid ar leith den chlár dá dtagartar i bhfo-alt (5) den alt seo, beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a mbeidh airbheartaithe gurb é a shínigh an deimhniú ná cruthú gurb é an cláraitheoir é agus d'ainneoin aon neamhréire idir an deimhniú agus aon liosta faoi fho-alt (6) den alt seo, nó aon chóip den liosta sin, ina fhianaise dochloíte ar na nithe a bheas deimhnithe sa deimhniú.

(10) Is do réir mar a hordófar a bheas an fhoirm agus an modh ar a mbeidh clárú sealadach le hiarraidh agus an fhianaise a bheas le tabhairt ag iarratasóir ar chlárú sealadach i dtaobh a theidil chun a chláruithe amhlaidh.

Cuairteoirí chun scoileanna míochaine a cheapadh.

9. —(1) Féadfaidh an Chomhairle daoine, nach comhaltaí den Chomhairle, a cheapadh chun cuairteanna a thabhairt ar áiteanna ina dtugtar teagasc do mhic léinn míochaine i ndáil le haon chúrsa staidéir faoi stiúradh aon chomhluchta nó coláiste a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht.

(2) Beidh de dhualgas ar chuairteoirí a ceapfar faoin alt seo tuarascáil a thabhairt don Chomhairle i dtaobh leorfhiúntais an an teagaisc a bheirtear sna háiteanna ar a dtugaid cuairt agus i dtaobh aon nithe eile maidir leis an teagasc sin a shonrós an Chomhairle, i gcoitinne nó in aon chás áirithe, ach ní chuirfidh aon chuairteoir isteach ar dhéanamh aon teagaisc.

(3) Ar aon tuarascáil d'fháil ó chuairteoir faoin alt seo, cuirfidh an Chomhairle cóip den tuarascáil go dtí an comhlucht nó an coláiste a bheas i gceist, agus, ar aon chóip den tsórt sin d'fháil, féadfaidh an comhlucht nó an coláiste, laistigh de pé tréimhse (nach giorra ná mí) a shonraigh an Chomhairle an tráth a chuir sí an chóip den tuarascáil ar aghaidh, nótaí ar an tuarascáil nó agóidí ina coinne a chur chun na Comhairle.

(4) A luaithe is féidir tar éis deireadh na tréimhse a bheas sonraithe faoi fho-alt (3) den alt seo, cuirfidh an Chomhairle chun an Aire cóip d'aon tuarascáil den tsórt dá dtagartar ann agus d'aon nótaí uirthi nó d'aon agóidí ina coinne a rinneadh go cuí maraon le tuairimí na comhairle ar an tuarascáil agus ar aon nótaí nó agóidí den tsórt sin.

(5) Féadfaidh an Chomhairle pé luach saothair agus caiteachais a chinnfeas an Chomhairle, le haontú an Aire, d'íoc le cuairteoirí a ceapfar faoin alt seo.

Rialacháin.

10. —Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní atá ordaithe nó le hordú.

Caitheachas na Comhairle.

11. —Íocfaidh an Chomhairle as a cuid airgid féin na caiteachais go léir faoina raghaidh an Chomhairle ag forghníomhú an Achta seo.

Alt 25 den Príomh-Acht a leasú.

12. —Déanfar na tagairtí i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 25 den Phríomh-Acht, agus in Airteagal 4 den Chomhaontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, do dhuine a bheas cláraithe sa Chlár Ginearálta d'fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn duine a mbeidh a ainm agus a sheoladh iontráilte i liosta ar leith a bheas sa Chlár Ginearálta de bhun ailt 14 den Medical Act, 1886, arna leasú le hAcht Breataineach 1950.

Gearrtheideal agus comhlua.

13. —(1) Féadfar Acht na Lia-Chleachtóirí, 1951 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na Lia-Chleachtóirí, 1927 agus 1951, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.