|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 25 de 1951. | ||
[EN] |
AN tACHT CEADÚNAS IASCAIGH (CEANTAR MHAGH BHILE), 1951. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DÁ THOIRMEASC AR BHORD COIMEÁDAITHE CHEANTAR MHAGH BHILE CEADÚNAIS IASCAIGH ÁIRITHE D'EISIÚINT AGUS LE hAGHAIDH CRÍOCHA A BHAINEAS LEIS SIN. [18ú Nollaig, 1951.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Eisiúint cheadúnas ag Bord Mhagh Bhile a thoirmeasc. |
1. —(1) Ach amháin mar foráltar leis an alt seo, ní dhéanfaidh ná ní cheadóidh Bord Mhagh Bhile, i rith na bliana 1952, aon cheadúnas d'eisiúint á údarú aon inneall iascaigh d'úsáid, seachas slat agus ruaim. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, ligean do Bhord Mhagh Bhile eisiúint cheadúnas den tsórt adúradh a dhéanamh nó a cheadú. | |
[EN] |
Eisiamh ailt 31 den Fisheries (Ireland) Act, 1848. |
2. —Fad a bheas eisiúint na gceadúnas dá dtagartar in alt 1 den Acht seo ag Bord Mhagh Bhile toirmiscthe, ní bheidh duine i dteideal, de bhuaidh ailt 31 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, ceadúnas, á údarú aon inneall iascaigh d'úsáid, seachas slat agus ruaim, a cheannach ó Bhord Mhagh Bhile ná ó aon duine atá údaraithe ag an mBord sin chun ceadúnais a dhíol. |
[EN] |
Léiriú. |
3. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “inneall iascaigh” aon inneall, líon, uirlis nó feiste d'aon tsórt a húsáidtear chun iasc a ghabháil; | |
[EN] | folaíonn “ceadúnas” ceadúnas áitiúil speisialta faoi alt 6 den Acht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 ( Uimh. 24 de 1934 ); | |
[EN] | ciallaíonn “Bord Mhagh Bhile” an bord coimeádaithe do Cheantar Mhagh Bhile. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus forléiriú. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Ceadúnas Iascaigh (Ceantar Mhagh Bhile), 1951 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Iascaigh, 1842 go 1949, mar aon ní amháin. |