23 1951


Uimhir 23 de 1951.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1940. [13ú Samhain, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940, a leasú.

1. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940) , tríd an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1951”, a cuireadh ann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1950 (Uimh. 7 de 1950) , a scrios as an míniú ar an abairt “an tréimhse ordaithe” agus an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1952”, a chur ina ionad.

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar theacht i ngníomh don Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940) .

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1951 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1951, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1950, agus den Acht seo le chéile.