21 1951


Uimhir 21 de 1951.


AN tACHT IASCAIGH FÍORUISCE (TOIRMEASC AR LÍONTÓIREACHT), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ ÍOCAÍOCHTA EX-GRATIA A DHÉANAMH LE DAOINE ÁIRITHE I LEITH AN TOIRMISC A CHUIREAS ALT 35 DEN ACHT IASCAIGH, 1939 , AR IASCACH LE LÍON I bhFÍORUISCE, AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH SOCRUITHE MAIDIR LE CÚITEAMH IS INÍOCTHA FAOI FHO-ALT (5) DEN ALT SIN 35. [31 ú Iúil, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1939” an t Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) ;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Deontais exgratia ón Aire do dhaoine áirithe i leith toirmisc ar líontóireachti bhfíoruisce.

2. —(1) Más rud é—

(a) go raibh ar marthain agus gur feidhmíodh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1939, ceart chun úsáid a dhéanamh in iascach leithleach i bhfíoruisce de líon chun iasc a ghabháil, agus

(b) go bhfuil an tAire sásta go raibh duine áirithe ina únaer ar an gceart sin an 31ú lá de Nollaig, 1947, agus

(c) go gcruthóidh an duine sin chun sástachta an Aire gur bhain caillteanas dó toisc alt 35 d'Acht 1939 a theacht i ngníomh, agus

(d) nach bhfuil an duine sin i dteideal cúitimh faoi fho-alt (5) den alt sin 35,

féadfaidh an tAire, más cuí leis é, íocaíocht ex-gratia, de pé méid is cuí leis, a dhéanamh leis an duine sin.

(2) Más rud é—

(a) go raibh líonta chun iasc a ghabháil á n-úsáid go dleathach i bhfíoruisce áirithe roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1939, agus

(b) go bhfuil an tAire sásta go ndearna duine áirithe go dleathach, mar únaer nó páirt-únaer ar líon, an líon sin d'úsáid, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1948, chun iasc a ghabháil sa bhfíoruisce sin, agus

(c) go gcruthóidh an duine sin chun sástachta an Aire gur bhain caillteanas dó toisc alt 35 d'Acht 1939 a theacht i ngníomh, agus

(d) nach bhfuil teideal ag an duine sin chun cúitimh faoi fho-alt (5) den alt sin 35,

féadfaidh an tAire, más cuí leis é, íocaíocht ex-gratia, de pé méid is cuí leis, a dhéanamh leis an duine sin.

(3) Más rud é—

(a) go raibh duine (dá ngairmtear an fostaí sa bhfo-alt seo) ar fostú, i rith trí séasúr ar a laghad de na cúig séasúir oscailte iascaigh díreach roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1948, i seirbhís dhuine eile ag oibriú nó ag caomhaint, nó i ndáil le hoibriú nó caomhaint, aon lín a bhí á úsáid go dleathach chun iasc a ghabháil i bhfíoruisce, agus

(b) go gcruthóidh an fostaí chun sástachta an Aire gur bhain caillteanas dó toisc alt 35 d'Acht 1939 a theacht i ngníomh, agus

(c) nach bhfuil teideal ag an bhfostaí chun cúitimh faoi fho-alt (6) den alt sin 35,

féadfaidh an tAire, más cuí leis é, íocaíocht ex-gratia, de pé méid is cuí leis, a dhéanamh leis an bhfostaí.

(4) Ní féadfar aon íocaíocht ex-gratia a dhéanamh faoi fho-alt (1), (2) ná (3) den alt seo, mura mbeidh iarratas ag iarraidh na híocaíochta ex-gratia sin nó ag iarraidh cúitimh faoi alt 35 d'Acht 1939 déanta roimh an 1ú lá d'Iúil, 1952.

(5) Ní raghaidh iomlán na suimeanna a híocfar mar íocaíochta ex-gratia faoin alt seo thar seasca míle punt.

Cúiteamh faoi fho-alt (5) d'alt 35 d'Acht 1939.

3. —(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “cúiteamh” cúiteamh faoi fho-alt (5) d'alt 35 d'Acht 1939.

(2) Ní bheidh cúiteamh iníoctha mura ndéantar iarratas ina leith roimh an 1ú lá d'Iúil, 1952.

(3) Má bhíonn cúiteamh iníoctha maidir le deireadh a theacht le ceart chun líon d'úsáid in iascach leithleach i bhfíoruisce, ansin—

(a) faoi réir míre (b) den fho-alt seo is cead, más cuí leis an Aire é, go n-íocfadh an tAire, leis an té atá i dteideal an chúitimh, ús ar mhéid an chúitimh do réir pé ráta (nach mó ná trí faoin gcéad sa bhliain) is oiriúnach leis an Aire ó pé dáta (nach luaithe ná an chéad lá den tséasúr oscailte chun bradáin agus bric a ghabháil le hinnill seachas slat agus ruaim sa bhliain 1948 i leith an fhíoruisce sin) is cuí leis an Aire go dtí go n-íocfar an cúiteamh sin do réir fo-ailt (4) den alt seo;

(b) más rud é—

(i) go mbeidh an tAire tar éis aon tsuim a thairiscint go neamhchoinníollach i scríbhinn mar chúiteamh den tsórt sin don duine sin, agus

(ii) nach nglacfaidh an duine sin leis an tairiscint, agus

(iii) nach mbeidh an tsuim a dhámhfas an t-eadránaí oifigiúil mar chúiteamh níos mó ná an tsuim a tairgeadh amhlaidh,

ní íocfaidh an tAire ús ar an gcúiteamh sin i leith aon tréimhse i ndiaidh dáta na tairisceana.

(4) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le híocaíocht chúitimh—

(a) i gcás ina ndéanfaidh duine ar bith, laistigh de shé mhí tar éis cinneadh críochnaitheach an chúitimh nó laistigh de shé mhí tar éis dáta an Achta seo a rith (pé acu sin is déanaí), iarratas chun an Aire á iarraidh an cúiteamh d'íoc leis agus ina gcruthóidh sé chun sástachta an Aire go bhfuil sé inniúil ar urscaoileadh éifeachtach a thabhairt ar an gcúiteamh, agus an cúiteamh dá áireamh chun na críche seo in ionannas leis na fáltais a gheofaí dá ndéantaí an ceart a scoir trí oibriú ailt 35 d'Acht 1939 a dhíol an 31ú lá de Nollaig, 1947, ansin, íocfaidh an tAire an cúiteamh leis an duine sin,

(b) in aon chás eile—

(i) mura mó ná míle punt an cúiteamh, íocfaidh an tAire isteach sa Chúirt Chuarda é agus, air sin, beidh ag an gCúirt Chuarda maidiraeis an gcúiteamh sin an dlínse go léir atá infheidhmithe ag an Ard-Chúirt faoi fhorála Acht na gClásal Talún,

(ii) más mó ná míle punt an cúiteamh, íocfar é, úsáidfear é, agus deighleálfar leis do réir na bhforál den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, a bhaineas le hairgead ceannaigh nó cúiteamh atá ag teacht chun daoine a bhfuil leasanna teoranta acu nó a gcoisctear orthu margáil a dhéanamh nó teideal a bhunú agus beidh eidhm dá réir sin ag na forála sin.

(5) I gcás cúiteamh a bheith iníoctha le duine ar bith, ansin, mura rud é go mbeidh sé taiscthe sa Chúirt faoi fho-alt (4) den alt seo toisc duine ar bith dá mhainneachtaint go toiliúil teideal fónta chuige a bhunú, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, pé suim is cuí leis d'íoc leis an duine sin i leith na gcostas faoina ndeachaigh sé chun rianú, fianú agus fíoradh a dhéanamh ar an teideal chun an chúitimh.

Toiliú an Aire Airgeadais le híocaíochta.

4. —Ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíochta faoin Acht seo ach amháin le réamh-thoiliú an Aire Airgeadais.

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais uile faoina rachaidh an tAire faoin Acht seo d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht Iascaigh Fíoruisce (Toirmeasc ar Líontóireacht), 1951 , a ghairm den Acht seo.