14 1951


Uimhir 14 de 1951.


AN tACHT CEARDCHUMANN, 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH FAIDITHE AR FEADH DHÁ MHÍ DHÉAG AR FHORÁLA AILT 2 DEN ACHT CEARDCHUMANN, 1947 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [4ú Iúil, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1947.

1. —San Acht seo ciallaíonn an abairt “Acht 1947” an t Acht Ceardchumann, 1947 (Uimh. 17 de 1947) .

Alt 2 d'Acht 1947, d'fhaidiú.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1947 trí thagairtí don tréimhse dar tosach dáta an Achta sin a rith agus dar críoch an 8ú lá d'Iúil, 1952, a chur in ionad tagairtí don tréimhse dar tosach dáta an Achta sin a rith agus dar críoch an 8ú lá d'Iúil, 1951, a cuireadh ann leis an Acht Ceardchumann, 1950 (Uimh. 19 de 1950) .

Orduithe láithreacha a choimeád i bhfeidhm.

3. —Gach ordú—

(a) a rinneadh faoi fho-alt (1) d'alt 2, nó a coimeádtar i bhfeidhm le halt 3, d'Acht 1947, agus

(b) a bheas i bhfeidhm an 8ú lá d'Iúil, 1951,

leanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an 8ú lá d'Iúil, 1952, mura gcúlghairmtear roimhe sin é.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Ceardchumann, 1951 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Ceardchumann, 1871 go 1951, a ghairm de na hAchta Ceardchumann, 1871 go 1950, agus den Acht seo le chéile.