13 1951


Uimhir 13 de 1951.


AN tACHT UM OIBRITHE TALMHAÍOCHTA (LEATH-LAETHANTA SAOIRE SEACHTAINIÚLA), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN LEATH-LAETHANTA SAOIRE SEACHTAINIÚLA A THABHAIRT D'OIBRITHE TALMHAÍOCHTA AGUS I dTAOBH NITHE ÁIRITHE A BHAINEAS LEIS SIN. [3ú Iúil, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

oibri talmhaíochta.

fostóir talmhaíochta.

talmhaíocht.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “oibrí talmhaíochta” duine ar fostú faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta ar obair thalmhaíochta a chuid oibre nó roinnt dá chuid oibre faoin gconradh sin, ach ní fholaíonn sé duine ar obair tís formhór a chuid oibre faoin gconradh sin;

ciallaíonn “fostóir talmhaíochta” duine a mbíonn trádáil nó gnó na talmhaíochta ar siúl aige agus a mbíonn daoine eile ar fostú aige mar oibrithe talmhaíochta chun críocha na trádála nó an ghnótha sin;

folaíonn “talmhaíocht” feirmeoireacht déiríochta agus úsáid talún mar thalamh féaraigh, móinéir nó innír, nó mar thalamh úllghoirt nó talamh sailí nó talamh coille nó le haghaidh garraí mhargaidh nó garraí altran.

Leathlaethanta saoire seachtainiúla.

2. —(1) Lamhálfaidh fostóir talmhaíochta, laistigh de thréimhse dhá sheachtain, d'oibrí talmhaíochta atá ar fostú aige faoi conradh le haghaidh tréimhse nach giorra ná seachtain, leath-lá saoire i leith gach seachtaine a hoibrítear amhlaidh.

(2) Aon fhostóir talmhaíochta a gceangailtear air faoi fho-alt (1) den alt seo leath-lá saoire seachtainiúil a lamháil d'oibrí talmhaíochta, beidh air suim d'íoc leis an oibrí i leith an leath-lae shaoire sin mar leanas—

(a) suim nach lú ná an dóú cuid déag de mhéid ná páighe seachtainiúla, más ráta seachtainiúil páighe a híoctar leis an oibrí, nó

(b) suim nach lú ná an tsuim is iníoctha as tréimhse cheithre huaire a chloig, más ráta páighe do réir na huaire a chloig a híoctar leis an oibrí, nó

(c) in aon chás eile, suim nach lú ná cothrom leath páighe lae do réir an ghnáth-ráta ar a n-íoctar an t-oibrí.

(3) Faoi réir forál fo-ailt (6) den alt seo, measfar leath-lá saoire a bheith lamhálta ag fostóir talmhaíochta aon lá nach gceangailtear ar an oibrí talmhaíochta obair a dhéanamh tar éis a haon a chlog p.m.

(4) Más rud é, in ionad an leath-lá saoire a thógaint atá le lamháil dó faoin alt seo, go bhfanfaidh oibrí ag obair le toiliú a fhostóra nó go ndéanfaidh comhaontú lena fhostóir go bhfanfaidh sé ag obair ar feadh aon tréimhse sonraithe in ionad an leath-lá saoire a thógaint, measfar an leath-lá saoire a bheith lamhálta ag an bhfostóir don oibrí má íocann sé leis, i dteannta páighe, an díolaíocht i leith leath-lae shaoire a foráltar le fo-alt (2) den alt seo.

(5) Mura ndéana fostóir talmhaíochta leath-lá saoire a lamháil d'oibrí talmhaíochta nó é d'íoc i leith leath-lae shaoire do réir an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(6) Déanfar an lá sa tseachtain (seachas an Domhnach) ar a lamhálfar an leath-lá saoire faoi fho-alt (1) den alt seo a shocrú trí chomhaontú idir an fostóir talmhaíochta agus an t-oibrí in aghaidh gach tréimhse trí mhí, ach, cheal comhaontuithe den tsórt sin, féadfaidh an fostóir an lá den tseachtain a mbeidh an leath-lá saoire le tógaint air a shocrú roimh ré i leith tréimhse trí mhí.

Neamhlamháil leath-lae shaoire sheachtainiúil i gcásanna áirithe.

3. —(1) Más rud é, in aon tseachtain oibre, go mbeidh fostóir talmhaíochta tar éis lá saoire iomlán a lamháil d'oibrí ar aon lá saoire poiblí nó lá saoire Eaglaise laistigh den tseachtain, ní bheidh an t-oibrí sin i dteideal leath-lá saoire d'éileamh faoin mír dheiridh roimhe seo i leith na seachtaine sin.

(2) Chun críocha an ailt seo is lá saoire poiblí nó lá saoire Eaglaise aon cheann de na laethanta a mínítear amhlaidh in alt 8 den Acht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1939.

Cumhacht an Bhoird Páighe Talmhaíochta a leathnú.

4. —An chumhacht a bheirtear don Bhord Páighe Talmhaíochta le halt 17 den Acht um Páigh Talmhaíochta, 1936 (Uimh. 53 de 1936) , chun orduithe a dhéanamh ag ceapadh rátaí íosta páighe, beidh réim aici maidir le horduithe a dhéanamh ag ceapadh rátaí íosta díolaíochta i leith leath-lae shaoire agus beidh feidhm dá réir sin ag an bhforáil den Acht sin a bhaineas le horduithe faoin alt sin.

Tuarascáil ar imeachta an Bhoird Páighe, Talmhaíochta faoin Acht seo.

5. —Beidh sa tuarascáil bhliantúil a ceangailtear ar an mBord Páighe Talmhaíochta, le halt 21 den Acht um Páigh Thalmhaíochta, 1936, a thabhairt don Aire Talmhaíochta, tuarascáil ar a n-imeachta faoin Acht seo.

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Leath-Laethanta Saoire Seachtainiúla), 1951, a ghairm den Acht seo.