12 1951


Uimhir 12 de 1951.


AN tACHT UM IASACHTA RIALTAIS (COMHSHÓ), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN IASACHTA RIALTAIS A CHOMHSHÓ AGUS I gCÓIR NITHE A BHAINEAS LEIS SIN. [3 ú Iúil, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “iasacht Rialtais” aon cheann acu seo a leanas:

(a) an Dara hIasacht Náisiúnta 5%, 1950-60,

(b) an Tríú hIasacht Náisiúnta 4½%, 1950-70,

(c) an Iasacht Chomhshó 4%, 1950-70,

(d) na Bannaí Stát-Chiste 4%, 1950-60,

(e) aon urrús eile arna mhuirearú ar an bPríomh-Chiste agus arna chruthnú agus arna eisiúint, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, ag an Aire;

ciallaíonn “iasacht nua,” maidir le hiasacht Rialtais, aon urrús den tsórt sin a muirearófar ar an bPríomh-Chiste agus a chruthnós agus a eiseos an tAire faoin Acht seo chun sealbháin de stoc na hiasachta Rialtais sin a chomhshó (pé acu chuige sin amháin nó chun críocha eile fairis sin é);

ciallaíonn “an dáta fuascailte,” maidir le hiasacht Rialtais, dáta fuascailte na hiasachta sin faoin bhfuascailt iomchuí;

ciallaíonn “stoc-shealbhóir” duine, nó uimhir daoine i gcomhpháirt, a shealbhaíos aon chuid de stoc iasachta Rialtais.

Cearta comhshó a thairiscint do stoc-shealbhóirí.

2. —(1) I gcás an chuid a bheas amuigh de stoc iasachta Rialtais a bheith ar tí a fuascailte, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, tairiscint a dhéanamh, tráth nach déanaí ná ceithre lá déag roimh an dáta fuascailte, ina dtairgfidh do gach stoc-shealbhóir an ceart chun a shealbhán, nó aon chuid dá shealbhán, de stoc na hiasachta sin a chomhshó, amhail ar an dáta fuascailte, i stoc iasachta nua ar théarmaí a sonrófar (lena n-áirítear, go sonrach agus más oiriúnach leis an Aire é, bónas a thabhairt, pé acu i stoc de chuid na hiasachta nua nó in airgead é).

(2) Aon tairiscint den tsórt sin a déanfar, déanfar í—

(a) trí fhógra i dtaobh na tairisceana, maraon le pé sonraí ina taobh is cuí leis an Aire, d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tráth nach déanaí ná ceithre lá déag roimh an dáta fuascailte, agus

(b) tríd an bhfógra sin d'fhoilsiú ar pé modh fairis sin nó ar pé modh eile, agus pé tráth nó trátha, is cuí leis an Aire.

(3) Má rinne an tAire, roimh an Acht seo a rith, tairiscint ba thairiscint do réir an Achta seo agus a bheadh dleathach faoi dá mba rud é go raibh an tAcht seo i bhfeidhm an uair sin, measfar chun gach críche gur faoin alt seo a rinneadh an tairiscint agus beidh feidhm ag an Acht seo ina leith, agus gach iarratas a rinneadh, de bhun na tairisceana, roimh an Acht seo a rith, measfar, chun gach críche, gur faoin Acht seo a rinneadh é.

Iarratas ar chomhshó agus an ceart chun comhshó.

3. —(1) I gcás tairiscint chomhshó a dhéanamh faoin Acht seo i leith stoic aon iasachta Rialtais, ansin, gach stoc-shealbhóir a iarrfas go cuí a shealbhán, nó cuid shonraithe dá shealbhán, den stoc a chomhshó do réir na tairisceana, beidh sé i dteideal a shealbhán nó an chuid sin dá shealbhán (do réir mar bheas) a chomhshó, amhail ar an dáta fuascailte, i stoc de chuid na hiasachta nua do réir pé méide agus ar pé téarmaí is infheidhme do réir na tairisceana.

(2) Aon iarratas a déanfar faoin alt seo, beidh sé do-chúlghairmthe agus beidh sé ina cheangal ar an stoc-shealbhóir a dhéanfas é agus ar a chomharbaí i dteideal.

(3) Aon iarratas a déanfar faoin alt seo, déanfar é chun pé duine agus i pé slí a sonrófar i dtéarmaí foilsithe na tairisceana comhshó nó a hordófar le rialacháin faoin Acht seo.

Urrúis a chruthnú agus d'eisiúint.

4. —(1) Féadfaidh an tAire urrúis a chruthnú agus d'eisiúint chun stoc aon iasachta Rialtais a chomhshó faoin Acht seo (agus chuige sin amháin nó chun críocha eile fairis sin).

(2) Beidh ag gabháil le hurrúis faoin alt seo pé ráta úis, agus pé coinníollacha maidir le haisíoc, fuascailt nó eile, is oiriúnach leis an Aire.

(3) Déanfar príomhshuim agus ús aon urrús faoin alt seo a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Iontaobhaithe a chaomhaint.

5. —I gcás tairiscint chomhshó a dhéanamh faoin Acht seo maidir le stoc aon iasachta Rialtais—

(a) údaraítear leis seo d'iontaobhaithe agus do dhaoine eile a shealbhaíos aon stoc de chuid na hiasachta i gcáil mhuiníneach, agus do dhaoine ag a bhfuil urlámhas nó bainistí aon stoic de chuid na hiasachta, iarratas a dhéanamh faoin Acht seo á iarraidh an t-iomlán, nó aon chuid, den stoc sin a chomhshó, nó gan aon iarratas den tsórt sin a dhéanamh, pé acu sin is rogha leo, agus ní bheidh aon duine den tsórt sin faoi dhliteanas i leith aon chailliúna a tharlós toisc é do dhéanamh nó toisc gan é do dhéanamh (do réir mar bheas) aon iarratais den tsórt sin,

(b) má bhíonn aon stoc de chuid na hiasachta ar seilbh ag iontaobhaithe nó ag daoine eile i gcáil mhuiníneach, ansin, pé acu déanfar iarratas faoin Acht seo chun an stoc sin nó aon chuid den stoc sin a chomhshó nó nach ndéanfar iarratas den tsórt sin, ní bheidh aon athrú ar infheistiú na gcistí iontaobhais do réir bhrí aon fhorála in ionstraim chruthnuithe nó rialuithe an iontaobhais trínar gá toiliú duine ar bith le haon athrú den tsórt sin nó trína sriantar nó a rialaítear an t-athrú sin ar shlí eile.

Cumhachta láithreacha infheistíochta, etc., a chaomhaint.

6. —(1) Aon chumhacht nó ordachán (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a cruthnaíodh nó a tugadh é) chun airgead d'infheistiú in iasacht Rialtais a ndearnadh tairiscint chomhshó maidir léi faoin Acht seo, forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is go bhfolódh sé cumhacht nó ordachán (pé acu é) chun airgead d'infheistiú san iasacht nua, agus ní déanfar aon chumhacht ná ordachán den tsórt sin d'fhorceannadh toisc an iasacht Rialtais a chomhshó agus d'fhuascailt agus dá thoisc sin amháin.

(2) Aon chumhacht aturnae a údaraíos don aturnae aistriú a dhéanamh ar stoc sonraithe de chuid iasachta Rialtais a ndearnadh tairiscint chomhshó maidir léi faoin Acht seo, forléireofar í agus beidh éifeacht aici mar chumhacht a údaraíos don aturnae iarratas a dhéanamh, más rogha leis, faoin Acht seo á iarraidh an t-iomlán, nó aon chuid, den stoc sin a chomhshó i stoc de chuid na hiasachta nua agus, má déantar an comhshó sin, an stoc de chuid na hiasachta nua, agus aon bhónas a ghabhas leis an gcomhshó, d'aistriú do réir na cumhachta sin.

(3) I gcás stoc a chomhshó faoin Acht seo, beidh an stoc de chuid na hiasachta nua, agus na díbhinní ar an stoc sin, faoi réir na n-iontaobhas, na muirear, na gceart, na distringas agus na srian céanna a ghabhas leis an stoc a comhshódh agus leis na díbhinní ar an stoc sin, agus aon chumhachta nó ordacháin nó iarratais maidir le díbhinní, agus aon doiciméid eile a bhaineas leis an stoc a comhshódh, nó leis na díbhinní ar an stoc sin, bainfid leis an stoc de chuid na hiasachta nua agus leis na díbhinní air.

Banc na hÉireann a chosaint.

7. —Bhéarfaidh an tAcht seo, agus na rialacháin a déanfar faoi, slánaíocht agus urscaoileadh iomlán leordhóthanach do Bhanc na hÉireann agus dá oifigigh in aghaidh gach ní a dhéanfas an Banc sin de bhun an Achta seo nó de bhun aon rialachán a déanfar faoin Acht seo.

Forála ag a bhfuil feidhm i gcás bónas airgid a thabhairt.

8. —(1) Má déantar iarratas faoin Acht seo ag iarraidh comhshó agus, do réir téarmaí an chomhshó, go mbeidh bónas airgid le tabhairt, ansin—

(a) féadfar an bónas d'íoc do réir treoracha an iarratasóra,

(b) maidir le daoine ag a mbeidh aon leas tairbhiúil sa tsealbhán, is ag na daoine a bheas i dteideal ioncam an tsealbháin, an lá a bheas an bónas iníoctha, a bheas an ceart chun an bhónais,

(c) ní bheidh dleacht stampa iníoctha ar aon bharántas ná seic chun an bónas d'íoc.

(2) Aon bhónas airgid a tabharfar, muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis é.

Rialacháin.

9. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(a) chun a ordú cad é an modh ar a ndéanfar, agus cé hiad na daoine chun a ndéanfar, iarratais faoin Acht seo á iarraidh stoc iasachta Rialtais a chomhshó, agus chun a ordú cad é an fhianaise is inghlactha ag na daoine sin maidir le nithe a mb'fhéidir bailíocht na n-iarratas sin a bheith ag brath orthu;

(b) chun a shonrú cé hiad na daoine a fhéadfas aon iarratas den tsórt sin a dhéanamh i gcás stoc-shealbhóir a bheith tar éis bháis, nó a bheith lasmuigh den Stát, nó a bheith mí-mheabhrach, nó a bheith ina naíon, nó a bheith faoi mhíchumas ar shlí eile, nó i gcás fógra in ionad distringas a bheith i bhfeidhm maidir leis an ngabháltas;

(c) chun go bhféadfaidh tromlach de na stoc-shealbhóirí aon iarratas den tsórt sin a dhéanamh i gcás stoc de chuid na hiasachta a bheith ar seilbh i gcomhpháirt ag beirt daoine nó níos mó, pé acu go tairbhiúil nó i gcáil mhuiníneach é;

(d) chun a ordú cad é an modh ar a ndeighleálfar le deimhnithe agus doiciméid eile i dtaobh stoic, a ndearnadh tairiscint chomhshó ina leith faoin Acht seo, agus chun a chinneadh cá mhéid a bheas na deimhnithe agus na doiciméid eile sin bailí i ndiaidh an dáta fuascailte;

(e) chun go bhféadfar aon leabhair nó aon chlár aistrithe trí ghníomhas, a bhaineas le hiasacht Rialtais, a ndearnadh tairiscint chomhshó ina leith faoin Acht seo, a dhúnadh ar feadh tréimhse díreach roimh an dáta fuascailte.

Iarmhéid sa chiste fiachmhúchta agus gan é ag teastáil le haghaidh fuascailte.

10. —Má bhíonn aon iarmhéid i gciste fiachmhúchta iasachta Rialtais, a ndearnadh tairiscint chomhshó ina leith faoin Acht seo, gan bheith ag teastáil chun an iasacht d'fhuascailt, íocfar an t-iarmhéid isteach sa Stát-Chiste agus tabharfar chun cuntais é mar airgead a cruinníodh trí chruthnú féich.

Caiteachais.

11. —Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis na caiteachais uile faoina raghaidh an tAire ag cur an Achta seo in éifeacht.

Gearrtheideal.

12. —Féadfar an tAcht um Iasachta Rialtais (Comhshó), 1951 , a ghairm den Acht seo.