|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT MONAÍOCHTA, 1950) | Ar Aghaidh (CUID II. Monaiocht, seachas Monaiocht Oir.) |
AN tACHT MONAÍOCHTA, 1950
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I Reamhraiteach agus Ginearalta. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Monaíochta, 1950 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] |
Tosach feidhme. |
2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire. |
| [EN] |
Mínithe. |
3. —San Acht seo— |
| [EN] | Acht 1926. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1926” an t Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) ; |
| [EN] | Acht 1927. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Airgid Reatha, 1927 (Uimh. 32 de 1927) ; |
| [EN] | Acht 1942. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1942” Acht an Bhainc Cheannais, 1942 (Uimh. 22 de 1942) ; |
| [EN] | an Banc Ceannais. |
ciallaíonn an abairt “an Banc Ceannais” Banc Ceannais na hÉireann; |
| Monaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe. |
déanfar tagairtí do mhonaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe d'fhorléiriú mar thagairtí do mhonaí a heisíodh faoi Acht 1926 nó faoin Acht sin arna leasú leis an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 140), 1942 (R. & O.R., Uimh. 6 de 1942 ), nó le hailt 58 agus 60 d'Acht 1942; | |
| copar-nicil. |
ciallaíonn an focal “copar-nicil,” maidir le mona, mona atá déanta de mheascán de chopar agus nicil; | |
| an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais. | |
| [EN] |
Athghairm. |
4. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin. |