Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

26 1950


Uimhir 26 de 1950.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (ACHTACHÁIN D'ATHGHAIRM), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ATHGHAIRM GO SAINRÁITE ACHTACHÁN ÁIRITHE NÓ CODANNA D'ACHTACHÁIN A BHAINEAS LE hÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS DOB FHÉIDIR D'ÁIREAMH MAR ACHTACHÁIN ATÁ IMITHE IN ÉAG NÓ A bhFUIL SCORTHA ACU DE BHEITH I bhFEIDHM AR SHLÍ SEACHAS TRÍ ATHGHAIRM SAINRÁITE NÓ AR THARLA DHÓIBH, TRÍ IMEACHT AIMSIRE NÓ EILE, BHEITH NEAMHRIACHTANACH. [22ú Samhain, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Athghairm.

1. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) I gcás achtachán nó cuid d'achtachán a hathghairmtear trí oibriú fo-ailt (1) den alt seo a bheith corpraithe in aon achtachán eile, athghairmtear leis seo freisin an méid sin den achtachán eile sin a gcorpraítear ann an t-achtachán nó an chuid d'achtachán a hathghairmtear amhlaidh.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Achtacháin d'Athghairm), 1950 , a ghairm den Acht seo.