An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Ilghneitheach.)

14 1950

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1950

CUID II.

Cumann an Arachais Naisiunta ar Shlainte a Dhiscaoileadh.

An Cumann a dhíscaoileadh.

5. —(1) De bhuaidh an fho-ailt seo, beidh an Cumann arna dhíscaoileadh agus scoirfidh sé de bheith ann.

(2) Aistrítear leis seo chun an Aire, agus comhlíonfaidh an tAire, na feidhmeanna a bhí ag an gCumann díreach roimh lá an aistrithe.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir do chearta ná d'oblagáidí daoine árachaithe nó fostóirí faoi na hAchta.

Forála áirithe a leathnú.

6. —Na forála atá sna hAchta nó a rinneadh fúthu agus a mbeadh feidhm acu, dá mba nach dtáinig an Chuid seo den Acht seo i ngníomh, maidir leis na daoine árachaithe sin amháin is comhaltaí den Chumann, beidh feidhm acu maidir le gach duine árachaithe.

Oifigigh agus fostaithe an Chumainn d'aistriú.

7. —(1) Faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, duine ar bith a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, ina oifigeach nó ina fhostaí ag an gCumann, ceaptar é leis seo, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, chun poist i stát-sheirbhís an Rialtais agus, chun críocha na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1947, measfar é a bheith á íoc as airgead a sholáthraigh an tOireachtas ar feadh a sheirbhíse faoin gCumann agus a sheirbhíse roimhe sin (más ann di) faoi aon chumann ceadaithe.

(2) I gcás duine a ceaptar chun poist i stát-sheirbhís an Rialtais, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, a bheith, díreach roimh lá an aistrithe, ina chomhalta den chiste pinsin, beidh an post sin ina phost buan, agus an méid dá sheirbhís faoin gCumann agus dá sheirbhís roimhe sin (más ann di), faoi aon chumann ceadaithe, a bheadh, mura mbeadh an Chuid seo den Acht seo, ináirithe mar sheirbhís inphinsin chun críocha na scéime pinsin, measfar gur seirbhís bhunaithe í chun críocha na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1947.

(3) I gcás duine a ceaptar de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo chun poist i stát-sheirbhís an Rialtais a bheith, díreach roimh lá an aistrithe, ag caitheamh tréimhse profa a dtiocfadh de bharr í a chomhlánú go sásúil go mbeadh sé ina chomhalta den chiste pinsin—

(a) beidh a sheirbhís ar lá an aistrithe agus dá éis ináirithe i leith comhlánú na tréimhse profa, agus

(b) ar an tréimhse phrofa a bheith comhlánaithe agus má mheasann an tAire an uair sin é a bheith sásúil—

(i) beidh sé leis seo, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, arna cheapadh chun poist bhuain i stát-sheirbhís an Rialtais, agus

(ii) aon tseirbhís a thug sé i rith na tréimhse profa agus a ndéanfaí, mura mbeadh an Chuid seo den Acht seo, í d'áireamh mar sheirbhís inphinsin chun críocha na scéime pinsin, áireofar mar sheirbhís bhunaithe chun críocha na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1947, í.

(4) I gcás aon fheidhm a bheith ag na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1947, maidir le baineannach lena mbaineann fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, ní bheidh feidhm maidir léi ag aon fhorála de na hAchta sin is infheidhme maidir léi de bhíthin gur baineannach í agus, ina n-ionad sin, beidh feidhm maidir léi ag na forála comhréire de na hAchta is infheidhme maidir le fireannaigh.

(5) I gcás duine a ceaptar de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo chun poist i Stát-Sheirbhís an Rialtais a bheith, díreach roimh lá an aistrithe, ag fáil pinsin faoi Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1949, déanfaidh an tAire méid aon fhionraí (iomlán nó páirteach), a dlífear a dhéanamh ar an bpinsean ó am go ham de thoradh an cheapacháin sin, d'aisíoc leis an duine sin as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(6) Ní bheidh feidhm ag na forála sin roimhe seo—

(a) maidir le duine a thug scéala don Aire i scríbhinn gur ghlac sé de roghain gan feidhm a bheith ag an alt seo maidir leis, ná

(b) maidir le duine ar oifig nó fostaíocht ghairmiúil nó theicniúil a oifig nó a fhostaíocht.

An scéim pinsin agus an ciste pinsin d'fhorceannadh.

8. —(1) De bhuaidh an fho-ailt seo, beidh an scéim pinsin agus an ciste pinsin arna bhforceannadh agus scoirfidh de bheith ann.

(2) An mhaoin une, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, dílsithe in iontaobhaithe an chiste phinsin, tiocfaidh sí, lá an aistrithe agus gan aon tíolacas ná sannadh ach faoi réir a haistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, chorparáide nó chuideachtan, chun bheith dílsithe san Aire Airgeadais agus déanfaidh seisean í d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó í a dhiúscairt nó a shealbhú chun tairbhe an Stát-Chiste.

(3) Gach dliteanas láithreach agus gach dliteanas teagmhasach atá ar an gciste pinsin, tiocfaidh sé, lá an aistrithe, chun bheith ina dhliteanas ar an Aire Airgeadais agus déanfaidh seisean é d'urscaoileadh as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(4) An mhaoin uile a dílsítear san Aire Airgeadais le fo-alt (2) den alt seo agus a bheas, lá an aistrithe, i leabhair aon bhainc, chorparáide nó chuideachtan in ainmneacha iontaobhaithe an chiste phinsin, déanfar, ar an Aire Airgeadais dá iarraidh sin, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an Aire sin.

(5) Gach ábhar i gcaingean a dílsítear san Aire Airgeadais le fo-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire sin agra a dhéanamh ina thaobh nó é d'aisghabháil nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin, agus ní gá dhó fógra a thabhairt don duine ar a mbeidh an t-ábhar i gcaingean sin ina cheangal i dtaobh an dílsithe a déantar leis an alt seo.

(6) I gcás—

(a) aon mhéadú ginearálta luach saothair a dheonadh d'oifigigh agus fostaithe an Chumainn tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1949, agus roimh lá an aistrithe, agus

(b) gan an fóirdheontas, is iomchuí don mhéadú sin, a bheith íoctha isteach sa chiste pinsin roimh lá an aistrithe,

íocfar leis an Aire Airgeadais as an gCiste pé méid a shocrós an tAire sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, mar chothrom an fhóirdheontais sin agus, ar an méid sin a bheith íoctha amhlaidh, déanfaidh an tAire Airgeadais é d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó é a dhiúscairt nó a shealbhú chun tairbhe an Stát-Chiste.

(7) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “dliteanas láithreach,” maidir leis an gciste pinsin, aon tsuim a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, dlite agus iníoctha as an gciste sin;

ciallaíonn an abairt “dliteanas teagmhasach,” maidir leis an gciste pinsin, aon tsuim a thiocfadh, mura mbeadh an Chuid seo den Acht seo, chun bheith dlite agus iníoctha as an gciste sin, lá an aistrithe nó dá éis, de bhun liúntais thréimhsiúil a deonadh roimh lá an aistrithe.

Stoic, scaireanna agus urrúis an Chumainn d'aistriú.

9. —(1) Na stoic, na scaireanna agus na hurrúis uile a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, ar seilbh ag iontaobhaithe an Chumainn nó ag an Aire thar ceann an Chumainn faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 56 d'Acht 1911, arna leasú le fo-alt (4) d'alt 5 den National Health Insurance Act, 1920, tiocfaid, lá an aistrithe agus gan aon tsannadh ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, chorparáide nó chuideachtan, chun bheith dílsithe san Aire Airgeadais lena sealbhú aige thar ceann an Chiste.

(2) Aon stoic, scaireanna nó urrúis a dílsítear san Aire Airgeadais leis an alt seo agus a bheas, lá an aistrithe, i leabhair aon bhainc, chuideachtan nó chorparáide in ainm iontaobhaithe an Chumainn nó in ainm an Aire, déanfar, ar an Aire Airgeadais dá iarraidh sin, iad d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an Aire Airgeadais.

Maoin eile an Chumainn d'aistriú.

10. —(1) An mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, dílsithe sa Chumann ina ainm féin nó dílsithe in iontaobhaithe an Chumainn, tiocfaidh sí, ach amháin na stoic, na scaireanna agus na hurrúis a sonraítear in alt 9 den Acht seo, chun bheith dílsithe, lá an aistrithe agus gan aon tíolacas ná sannadh ach faoi réir a haistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, san Aire lena sealbhú aige thar ceann an Chiste.

(2) Aon airgead a dílsítear san Aire leis an alt seo agus a bheas, lá an aistrithe, i leabhair aon bhainc in ainm an Chumainn nó in ainm iontaobhaithe an Chumainn, déanfar, ar an Aire dá iarraidh sin, é d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an Aire.

(3) Gach ábhar i gcaingean a dílsítear san Aire leis an alt seo, féadfaidh an tAire agra a dhéanamh ina thaobh, nó é d'aisghabháil nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin, agus ní gá dhó fógra a thabhairt don duine ar a mbeidh an t-ábhar i gcaingean sin ina cheangal i dtaobh an dílsithe a déantar leis an alt seo.

(4) Féadfaidh an tAire aon mhaoin a dhiúscairt a dílsítear ann leis an alt seo agus íocfar isteach sa Chiste aon airgead a gheobhas sé i leith aon diúscartha den tsórt sin.

Dliteanais an Chumainn d'aistriú.

11. —Gach fiach agus dliteanas eile a bhí ar an gCumann díreach roimh lá an aistrithe, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá sin, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an Aire agus urscaoilfidh seisean é as an gCiste.

An Ciste Cúltaca a scor.

12. —(1) Scoirfidh an Ciste Cúltaca, de bhuaidh an fho-ailt seo, de bheith ann.

(2) Gach suim (lena n-áirítear suimeanna a n-ionadaíonn stoic, scaireanna nó urrúis iad) a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, chun creidiúna an Chiste Chúltaca, cuirfear chun creidiúna an Chiste iad, agus beid ina gcuid de, lá an aistrithe.

An Ciste Ráthaíochta a scor.

13. —(1) Scoirfidh an Ciste Ráthaíochta, de bhuaidh an fho-ailt seo, de bheith ann.

(2) Gach suim (lena n-áirítear suimeanna a n-ionadaíonn stoic, scaireanna nó urrúis iad) a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, chun creidiúna an Chiste Ráthaíochta, cuirfear chun creidiúna an Chiste iad, agus beid ina gcuid de, lá an aistrithe.

Suimeanna barrachais d'infheistiú sa Chiste.

14. —(1) D'ainneoin aon fhorála eile sna hAchta, déanfar na suimeanna uile a bheas chun creidiúna an Chiste agus nach mbeidh ag teastáil faoi chomhair caiteachais reatha d'íoc leis an Aire Airgeadais agus coinneoidh seisean iad go dtí go mbeid ag teastáil amhlaidh, agus faid a bheas an t-airgead sin ar coinn eáil ag an Aire Airgeadais, infheisteoidh sé é thar ceann an Chiste, do réir rialachán a dhéanfas sé, in aon urrúis a mbeidh cumhacht de thuras na huaire do réir dlí ag iontaobhaithe cistí iontaobhais d'infheistiú iontu nó in aon cheann de na stoic, na cistí agus na hurrúis a bheas údaraithe de thuras na huaire le dlí mar infheistíochta do chistí Bhanc Taisce an Phoist.

(2) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Alt 3 d'Acht 1911 agus alt 17 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1947 , a leasú.

15. —I gcás na bliana airgeadais ina mbeidh lá an aistrithe agus gach bliana airgeadais dá éis sin, measfar, chun críocha ailt 3 d'Acht 1911 agus ailt 17 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1947 (Uimh. 9 de 1947) , gurb é méid a caitheadh ar riaradh sochar faoi na hAchta a gcomhshuim seo a leanas:—

(a) suim dhá chéad agus chúig mhíle dhéag punt, agus

(b) an tsuim a híocadh as an gCiste Lia-Dheimhniúcháin sa bhliain airgeadais áirithe.

Ranníoca (ag ionadú costas riarácháin) as an gCiste i leith caiteachas riaracháin na nAcht agus an Achta seo.

16. —(1) I ngach bliain airgeadais, déanfar suim (ag ionadú na gcostas riaracháin a bhíodh ar an gCumann) dhá chéad agus chúig mhíle dhéag punt d'íoc as an gCiste agus a leithreasú i gcabhair ar an airgead a sholáthrós an tOireachtas le haghaidh caiteachas riaracháin na nAcht agus an Achta seo.

(2) Má thosnaíonn feidhm na Coda seo den Acht seo lá seachas an chéad lá den bhliain airgeadais a bheas á caitheamh an uair sin, déanfar an tagairt don tsuim dhá chéad agus chúig mhíle dhéag punt atá i bhfo-alt (1) den alt seo d'fhorléiriú, maidir leis an mbliain airgeadais sin, mar thagairt don tsuim a bhfuil idir í agus dhá chéad agus chúig mhíle dhéag punt an cothrom céanna a bheas idir an chuid den bhliain airgeadais sin i ndiaidh an tosach feidhme sin agus bliain iomlán.

(3) Na suimeanna a leithreasófar de bhun an ailt seo, urscaoilfid aon dliteanais aisfhillteacha, a thiocfas lá an aistrithe nó dá éis de bhíthin fo-ailt (2) d'alt 8 den Acht seo, ag an Aire Airgeadais ar an Aire.

Ranníoca (ag ionadú leithreas) as an gCiste i leith caiteachas riaracháin na nAcht agus an Achta seo.

17. —I gcás na bliana airgeadais ina mbeidh lá an aistrithe agus gach bliana airgeadais dá éis sin, in ionad an leithreas a dhéanamh is gá do réir ailt 7 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1942 (Uimh. 5 de 1942) , déanfar suim chúig mhíle dhéag punt d'íoc as an gCiste agus a leithreasú i gcabhair ar an airgead a sholáthrós an tOireachtas le haghaidh caiteachas riaracháin na nAcht agus an Achta seo.

Cumhacht ghinearálta don Aire.

18. —Féadfaidh an tAire gach ní a dhéanamh is gá nó is fóirstineach leis chun gnóthaí an Chumainn d'fhorceannadh.

Alt 2 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1942 , d'athghairm.

19. —(1) Athghairmtear leis seo alt 2 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1942 ( Uimh. 5 de 1942 ).

(2) I bhfo-alt (4) d'alt 3 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1942 ( Uimh. 5 de 1942 ), cuirfear na focail “don mhéid (nach lú, i gcás na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1951, agus i gcás na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1952, ná trí chéad míle punt) a chinnfeas an tAire Leasa Shóisialaigh, le toiliú an Aire Airgeadais, i leith na bliana a bheas i gceist” in ionad na bhfocal “don mhéid a chinnfidh an tAire faoin alt seo i dtaobh na bliana sin”.

Achtacháin a mhodhnú agus feidhm a thabhairt dóibh.

20. —(1) Beidh éifeacht, faoi réir aon orduithe faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, ag gach foráil atá sna hAchta nó a rinneadh fúthu, le pé modhnuithe agus oiriúnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo den Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, maidir le haon fhoráil atá sna hAchta nó a rinneadh fúthu, pé modhnuithe agus oiriúnuithe a dhéanamh is gá nó is fóirstineach leis chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo den Acht seo.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, feidhm (le modhnuithe nó gan modhnuithe) a thabhairt, maidir le hArachas Sláinte Náisiúnta, d'aon fhorála atá sna hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1948, nó sna h Achta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1948, nó a rinneadh faoi na hAchta sin, mar is gá nó is fóirstineach leis chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo den Acht seo, agus aon fhorála dá dtabharfar feidhm amhlaidh beidh éifeacht acu d'ainneoin aon fhorála atá sna hAchta nó a rinneadh fúthu.

(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

(5) Aon ordú faoin alt seo a dhéanfas difir do chuntais nó d'airgead an Chumainn nó an Chiste beidh sé faoi réir a cheaduithe ag an Aire Airgeadais.