An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL II. Forála á Chumasú Gnóthais Iompair Airithe Eile d'Aistriú chun an Bhoird.) Ar Aghaidh (CUID VI. Foireann an Bhoird.)

12 1950

AN tACHT IOMPAIR, 1950

CUID V.

Airgeadas.

Cumhachta an Bhoird chun airgead d'fháil ar iasacht.

28. —(1) (a) Faoi réir forál an fho-ailt seo, féadfaidh an Bord ó am go ham, trí chomhshocraíocht le bancaeirí, pé suimeanna d'fháil ar iasacht go sealadach a bheas ag teastáil ón mBord chun a oblagáidí d'fhreastal agus a dhualgais a chomhlíonadh.

(b) Ní dhéanfaidh an Bord, ach amháin le toiliú roimh ré ón Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais, a chumhachta faoi mhír (a) den fho-alt seo d'fheidhmiú ar shlí gur mó ná chúig chéad míle punt aon tráth a fhéichiúnas iomlán i leith iasachta shealadaigh.

(c) Ní dhéanfaidh an Bord in aon chás a chumhachta faoi mhír (a) den fho-alt seo d'fheidhmiú ar shlí gur mó ná milliún punt aon tráth a fhéichiúnas iomlán i leith iasachta shealadaigh.

(2) (a) Féadfaidh an Bord, le toiliú roimh ré ón Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais, airgead d'fháil ar iasacht ó am go ham trí stoc d'eisiúint chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas—

(i) airgead a sholáthar chun íoctha aon chostais faoina ndeachthas i ndáil le haon bhuanobair a bhfuil a costas inmhuirir go cuí ar chaipiteal,

(ii) aon stoc iompair d'fhuascailt,

(iii) aon ghnóthas iompair eile a thógaint chuige,

(iv) aon chríoch eile a bhfuil airgead caipitil inúsáidte go cuí chuici.

(b) Ní raghaidh an méid iomlán airgid a gheofar ar iasacht faoi fho-mhíreanna (i) agus (iv) de mhír (a) den fho-alt seo thar seacht milliún punt.

(c) Nuair a bheas ríomh á dhéanamh, chun críocha míre (b) den fho-alt seo, ar an méid iomlán airgid a fuarthas ar iasacht, cuirfear san áireamh aon airgead a fuarthas ar iasacht agus a haisíocadh.

Stoc iompair.

29. —(1) Measfar stoc iompair malairtithe a bheith arna chruthnú agus arna eisiúint go cuí ag an mBord ar an dáta bunuithe.

(2) Féadfaidh an Bord ó am go ham aon stoc a chruthnú agus d'eisiúint is gá chun a chumhachta faoi fho-alt (2) d'alt 28 d'fheidhmiú.

(3) San Acht seo gairmtear stoc iompair de stoc arna chruthnú agus arna eisiúint ag an mBord faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo.

(4) Beidh feidhm ag na forála atá leagtha amach i gcolún (5) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir le hús agus fuascailt an stoic iompair mhalairtithe atá leagtha amach i gcolún (3) den Sceideal sin.

(5) Déanfar stoc iompair (seachas stoc iompair malairtithe) a chruthnú agus d'eisiúint faoi réir pé téarmaí agus coinníollacha, maidir le ráta an úis agus íoc an úis air agus maidir lena fhuascailt, a cheadós an tAire Airgeadais.

(6) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) stoc iompair a chlárú,

(b) deimhnithe stoic iompair,

(c) stoc iompair d'aistriú agus a tharchur, agus deighleála eile ina thaobh,

(d) cláir stoic iompair a dhúnadh ar feadh tréimhsí sonraithe,

(e) na táillí is iníoctha i leith stoc iompair d'aistriú agus a tharchur agus i leith deighleála eile ina thaobh,

agus féadfaidh na rialacháin sin feidhm, maidir le stoc iompair, a thabhairt, le modhnú nó gan modhnú, d'aon achtachán a bhaineas le stoc arna eisiúint ag an Rialtas nó ag údarás áitiúil.

(7) D'ainneoin aon ní i rialacháin a déanfar faoi fho-alt (6) den alt seo, beidh feidhm ag na forála seo a leanas in aon chás ina dtarlóidh, de bhuaidh ailt 25, duine ar bith, is sealbhóir cláraithe ar urrús áirithe gnóthaire dhíscaoilte, do theacht chun bheith, ina ionad sin, ina shealbhóir cláraithe ar aon stoc iompair malairtithe áirithe—

(a) má dhéanann an duine sin an deimhniú maidir leis an urrús sin a sheachadadh don Bhord chun a chealuithe, eiseoidh an Bord chuige, in aisce, an deimhniú maidir leis an stoc iompair malairtithe sin,

(b) má chruthaíonn an duine sin chun sástachta an Bhoird gur cailleadh nó gur díthíodh an deimhniú maidir leis an urrús sin agus má thugann sé don Bhord pé slánaíocht a iarrfas an Bord go réasúnach i gcoinne éilithe ina leith sin, eiseoidh an Bord chuige, in aisce, an deimhniú maidir leis an stoc iompair malairtithe sin,

(c) go dtí go n-eiseofar amhlaidh deimhniú maidir leis an stoc iompair malairtithe sin, measfar gurb é an deimhniú maidir leis an urrús sin an deimhniú maidir leis an stoc iompair malairtithe.

(8) Is eastát pearsanta a bheas i stoc iompair agus is mar eastát pearsanta a bheas sé intarchurtha, agus ní ghabhfaidh nádúir eastát réadaigh leis.

Ráthaíocht Stáit le hiasachta sealadacha agus le stoc iompair.

30. —(1) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais a ráthú, i pé slí agus i pé foirm agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí aon airgead a gheobhas an Bord ar iasacht faoi fho-alt (1) d'alt 28.

(b) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachta a bheirtear dó leis an bhfo-alt seo d'fheidhmiú ar shlí gur mó ná chúig chéad míle punt méid nó méid iomlán na príomhshuime a dhlífeas sé, aon tráth áirithe, d'aisíoc de bhun aon ráthaíochta nó aon ráthaíocht faoin bhfo-alt seo a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) a bheas íoctha roimhe sin ag an Aire sin de bhun aon ráthaíochta faoin bhfo-alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais, maidir le stoc iompair malairtithe nó maidir le haon stoc iompair eile a beartófar a chruthnú agus d'eisiúint, a ráthú i pé slí agus i pé foirm is cuí leis go n-íocfar go cuí, do réir téarmaí an stoic iompair sin, an phríomhshuim agus an t-ús a bheas urraithe leis an stoc iompair sin.

(3) An t-airgead go léir a bheas ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfas chun bheith iníoctha faoi aon ráthaíocht a bheas tugtha aige faoin alt seo, airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis é.

(4) Chun airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire sin urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(5) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseos an tAire Airgeadais faoin alt seo agus na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint.

(6) Déanfaidh an Bord aon airleacain as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, chun na críche a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste (maraon le hús orthu do réir pé rátaí a cheapfas an tAire Airgeadais) laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an airleacain.

(7) Má bhíonn iomlán na n-airleacan nó aon chuid de na hairleacain as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, chun na críche a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, gan aisíoc ag an mBord leis an bPríomh-Chiste do réir fo-ailt (6) den alt seo, déanfar an méid a bheas amuigh amhlaidh d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(8) Má sholáthraíonn an tOireachtas airgead faoi fho-alt (7) den alt seo ní thabharfaidh sin díolúine don Bhord ón dliteanas chun méid iomlán aon airleacain a rinneadh faoi fho-alt (3) den alt seo d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste maraon le hús air do réir an ráta a cheap an tAire Airgeadais, agus déanfaidh an Bord an t-aisíoc sin pé trátha agus i pé tráthchoda a cheapfas an tAire Airgeadais.

Sonraí ar ráthaíochta a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

31. —A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais dar tosach an 31ú lá de Mhárta, 1951, nó dáta dá éis sin, leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas, i pé foirm is cuí leis, ina leagfar amach—

(a) maidir le gach ráthaíocht a thug sé faoi alt 30 i rith na bliana airgeadais sin—

(i) sonraí na ráthaíochta,

(ii) i gcás aon tsuim a bheith íoctha aige faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana airgeadais sin—

(I) méid na suime sin,

(II) an méid (más ann) a haisíocadh faoi fho-alt (6) d'alt 30 leis an bPríomh-Chiste de bhun na híocaíochta sin,

(iii) an méid a dhlífeadh an tAire sin d'íoc mar phríomhaí faoin ráthaíocht sin dá gcuirtí i bhfeidhm í díreach ar dheireadh a theacht leis an mbliain airgeadais sin,

(b) maidir le gach ráthaíocht a thug sé faoi alt 30 roimh thosach na bliana airgeadais sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana airgeadais sin—

(i) sonraí na ráthaíochta,

(ii) i gcás aon tsuim a bheith íoctha aige faoin ráthaíocht sin roimh dheireadh na bliana airgeadais sin—

(I) méid na suime sin,

(II) an méid (más ann) a haisíocadh faoi fho-alt (6) d'alt 30 leis an bPríomh-Chiste de bhun na híocaíochta sin,

(iii) an méid a dhlífeadh an tAire sin d'íoc mar phríomhaí faoin ráthaíocht sin dá gcuirtí i bhfeidhm í díreach ar dheireadh a theacht leis an mbliain airgeadais sin.

Us neamhéillithe ar stoc iompair

32. —An t-ús go léir ar stoc iompair a bheas gan éileamh go ceann bliana tar éis é a theacht chun bheith dlite, féadfaidh an Bord é d'infheistiú nó deighleáil leis ar shlí eile chun tairbhe an Bhoird go dtí go n-éileofar é.

Ciste Fuascailte.

33. —(1) Tar éis socrú a dhéanamh chun ús d'íoc ar stoc iompair agus le haghaidh muirear seasta agus oblagáidí eile, cuirfidh an Bord i leataoibh ó am go ham pé suimeanna is cuí leis d'fhonn ciste a bhunú chun aon stoc iompair d'fhuascailt atá, faoi choinníollacha a eisiúna, infhuascailte go hiomlán nó go páirteach in airgead.

(2) Féadfaidh an Bord aon tsuimeanna a cuirfear i leataoibh faoi fho-alt (1) den alt seo agus an t-ioncam uathu d'infheistiú—

(a) i pé urrúis, de na hurrúis a bheas údaraithe de thuras na huaire do réir dlí le haghaidh infheistiú urrús iontaobhais, is cuí leis an mBord tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais,

(b) i pé urrúis eile a bheas ceadaithe chuige sin de thuras na huaire ag an Aire Airgeadais agus is cuí leis an mBord.

(3) (a) Déanfar na suimeanna go léir a cuirfear i leataoibh faoi fho-alt (1) den alt seo, maraon leis an ioncam uathu, d'úsáid chun nó mar chabhair chun fuascailt a dhéanamh, ar aibiú dhó, ar aon stoc iompair ar chun é d'fhuascailt a cuireadh i leataoibh iad, nó féadfar, más oiriúnach leis an mBord é, iad d'úsáid chun aon stoc iompair den tsórt sin a cheannach agus déanfar aon stoc iompair den tsórt sin a ceannófar amhlaidh a dhíscríobh agus a chealú.

(b) Ach amháin le ceadú an Aire Airgeadais, ní dhéanfaidh an Bord faoin bhfo-alt seo aon stoc iompair a cheannach ar phraghas is mó ná a suim seo a leanas—

(i) praghas fuascailte an stoic iompair, agus

(ii) aon ús a bheas faibhrithe chun bheith dlite ar an stoc iompair ar an dáta ceannaigh agus a bheas iníoctha leis an gceannaitheoir.

Cuntais agus iniúchadh.

34. —(1) (a) Coimeádfaidh an Bord gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhas nó a chaithfeas sé, ar a n-áirítear cuntas caipitil, cuntas ioncaim, cuntas sochair agus dochair, agus clár comharduithe, agus go háirithe coimeádfaidh gach cuntas speisialta a ordós an tAire ó am go ham as a threoir féin nó ar iarratas an Aire Airgeadais.

(b) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, an fhoirm d'ordú ina gcoimeádfar cuntais an Bhoird.

(2) (a) Déanfar cuntais an Bhoird d'iniúchadh gach bliain ag iniúchóir nó iniúchóirí a cheapfas an Bord gach bliain le toiliú an Aire.

(b) Íocfaidh an Bord táillí iniúchóra a ceapfar faoin bhfo-alt seo agus costais an iniúchta.

(3) Déanfaidh an Bord, díreach tar éis gach iniúchta faoin alt seo, cóip a chur chun an Aire de na cuntais mar bheid ceadaithe ag an iniúchóir nó ag na hiniúchóirí maraon le cóip d'aon tuarascáil orthu ón iniúchóir nó ó na hiniúchóirí.

(4) Bhéarfaidh an tAire go ndéanfar cóip de na cuntais agus d'aon tuarascáil a bhéarfar dó faoi fho-alt (3) den alt seo a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(5) Tiomsóidh an Bord agus bhéarfaidh don Aire, i pé slí agus i pé foirm a ordós an tAire, pé cuntais, staidreamh agus tuairisceáin a iarrfas an tAire ó am go ham.