7 1950


Uimhir 7 de 1950.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1940. [23ú Márta, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940, a leasú.

1. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940)

(i) tríd an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1949”, a cuireadh ann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1948 (Uimh. 14 de 1948) , a scrios as a míniú ar an abairt “an tréimhse ordaithe” agus an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1951”, a chur in a ionad, agus

(ii) trí mhír (e), a cuireadh ann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1943 (Uimh. 6 de 1943) , a scrios as an míniú ar an abairt “áit chónaithe” agus an mhír seo a leanas a chur ina hionad—

“(e) aon teach a ndearnadh roimh dháta an Achta seo a rith nó a ndéanfar dá éis deontas a thabhairt ina leith faoi Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1949, nó faoi Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948) , nó faoin Acht sin arna leasú le haon achtachán pé acu achtachán a ritheadh roimh dháta an Achta seo a rith nó achtachán a rithfear ina dhiadh sin é;”

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar theacht i ngníomh don Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940) .

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1950 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1950, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1948, agus den Acht seo le chéile.