An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Talamh airithe a dhilsiu san Aire, agus forala i dtaobh na talun sin agus aon talun eile a thogfas an tAire.)

4 1950

AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1950

CUID II.

Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht agus ar Acht 1946.

Leasú ar an míniú ar “aerárthach Stáit.”

5. —Aon áit a bhfuil an abairt “aerárthach Stáit” sa Phríomh-Acht nó in Acht 1946, ciallóidh sí, in ionad na brí a bheirtear don abairt sin le fo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht, aerárthach le haon tír a húsáidtear i seirbhísí míleata, custam agus póilíneachta.

Brí na habairte “críocha na Coda seo den Acht seo” i gCuid V den Phríomh-Acht.

6. —(1) Forléireofar alt 36 den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirtí an mhír nua seo a leanas isteach ann—

“(c) aon chríoch a bhaineas le forbairt na heitlíochta sibhialta má bhaineann an fhorbairt sin le haeradróm atá bunaithe nó ar tí a bhunaithe ag an Aire nó ag údarás áitiúil nó má bhaineann sí le haon talamh in aice le haeradróm den tsórt sin.”

(2) D'fhonn amhrais a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhfolaíonn na críocha de Chuid V den Phríomh-Acht chun a bhféadfar talamh a thógaint trí chomhaontú nó go héigeantach, agus gur fholaíodar ariamh, bunú aerodróma.

Alt 37 den Phríomh-Acht a leasú.

7. —Leasaítear leis seo alt 37 den Phríomh-Acht trí na focail “oibreacha uisce-sholáthair agus mórphíopaí uisce, séaracha agus oibreacha diúscartha séarachta, sreanga, leictreachais soilse, comharthaí” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “bealaí isteach”.

Dul isteach ar thalamh, etc., a tógfar go héigeantach faoin bPríomh-Acht sar a ndéanfar tíolacas nó sar a gcinnfear cúiteamh.

8. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “ceart uisce” ceart chun uisce a ghaibhniú, a chlaonadh nó a thógaint.

(2) Aon uair tar éis don Aire teacht i dteideal, faoi fho-alt (1) d'alt 41 den Phríomh-Acht, aon talamh nó aon cheart uisce a thógaint go héigeantach nó aon cheart uisce d'úsáid go héigeantach agus sar a ndéanfar tíolacas nó sar a gcinnfear cúiteamh, féadfaidh an tAire, faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh sin nó an ceart uisce sin d'fheidhmiú.

(3) Aon uair a fheidhmeos an tAire aon chumhacht a bheirtear dó le fo-alt (2) den alt seo maidir le haon talamh nó ceart uisce, ansin—

(a) faoi réir míre (b) den fho-alt seo, íocfaidh an tAire leis an duine, is áititheoir ar an talamh sin nó is únaer ar an gceart uisce sin, ús ar mhéid an chúitimh is iníoctha leis an duine sin do réir trí faoin gcéad sa bhliain ón dáta a feidhmíodh an chumhacht sin go dtí dáta íoctha an chúitimh sin,

(b) más rud é—

(i) go ndearna an tAire aon tsuim a thairiscint go neamhchoinníollach i scríbhinn mar chúiteamh den tsórt sin don duine sin, agus

(ii) nár ghlac an duine sin leis an tairiscint, agus

(iii) nach mó an tsuim a dhámhaigh an t-eadránaí oifigiúil mar chúiteamh don duine sin ná an tsuim a tairgeadh amhlaidh,

ní bheidh aon ús iníoctha ar an gcúiteamh sin in aghaidh aon tréimhse i ndiaidh dáta na tairisceana.

(4) Ní dleathach don Aire—

(a) dul isteach ná seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoi fho-alt (2) den alt seo gan fógra míosa ar a laghad nó, i gcás tí chónaithe áitithe, fógra trí mhí ar a laghad go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh a thabhairt roimh ré i scríbhinn dá áititheoir, ná

(b) aon cheart uisce d'fheidhmiú faoi fho-alt (2) den alt seo gan fógra míosa ar a laghad go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh a thabhairt roimh ré i scríbhinn dá únaer.

(5) Féadfar fógra faoi fho-alt (4) den alt seo a thabhairt do dhuine ar bith trína chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach arna dhíriú chun an duine sin ag a ghnáth-sheoladh nó ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige.

(6) Más rud é nach féidir, ar chúis ar bith, an clúdach a luaitear i bhfo-alt (5) den alt seo a dhíriú mar foráltar leis an bhfo-alt sin, féadfar é a dhíriú chun an duine ar dó é i gceachtar slí nó sa dá shlí acu seo a leanas—

(a) faoin tuairisc “an t-áititheoir” nó “an t-únaer” (pé acu é) gan a ainm a lua,

(b) ag an talamh nó ag suíomh na maoine lena mbaineann an fógra sa chlúdach.

Forléiriú tagairti do Choinbhinsiún Chicago i gCuid II d'Acht 1946.

9. —I gCuid II d'Acht 1946, forléireofar tagairtí do Choinbhinsiún Chicago mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'aon Iarscríbhinn le Coinbhinsiún Chicago a bhaineas le caighdeáin eadarnáisiúnta agus cleachtais mholta (is Iarscríbhinn ar glacadh léi do réir Choinbhinsiúin Chicago) agus d'aon leasú ar aon Iarscríbhinn den tsórt sin a rinneadh do réir Choinbhinsiúin Chicago.