An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Leasuithe ar Acht 1924.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

29 1949

ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA (LEASÚ), 1949

CUID III.

Leasuithe ar Acht 1934.

Léiriú Coda III.

10. —Forléireofar mar aon ní amháin an Chuid seo agus Acht 1934.

Iarratais áirithe faoi Acht 1934 d'athscrúdú.

11. —(1) I gcás—

(a) iarratas ar dheimhniú seirbhíse a dhéanamh roimh an dáta feidhme, agus

(b) an tAire dá dhiultú, faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1934, deimhniú seirbhíse a dheonadh don iarratasóir, agus

(c) an t-iarratasóir do chur achainí i scríbhinn, tráth nach déanaí ná ocht mí dhéag tar éis an dáta feidhme, chun an Réiteora, tríd an Aire, á iarraidh air an t-iarratas d'athscrúdú ar an bhforas go bhfuil ar a chumas fíorais a chruthú is leor chun a shuíomh gur duine é a mbaineann Acht 1934 leis, agus

(d) an achainí dá rá cad iad na fíorais sin,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) más é tuairim an Réiteora (ag féachaint do na fíorais a líomhantar san achainí agus don fhianaise a tugadh cheana os comhair an Réiteora in aon imeachta a bhí ar siúl maidir leis an iarratas faoi Acht 1934) go bhfuil cás prima facie ann gur duine é an t-iarratasóir a mbaineann Acht 1934 leis, athscrúdóidh an Réiteoir an t-iarratas,

(ii) mura bhfuil an Réiteoir ar an tuairim sin, diúltóidh sé an t-iarratas d'athscrúdú agus cuirfidh sin in iúl don Aire.

(2) I gcás ina gceanglann fo-alt (1) den alt seo ar an Réiteoir iarratas ar dheimhniú seirbhíse d'athscrúdú—

(a) beidh feidhm ag forála Achta 1934 amhail is—

(i) nach ndearna an tAire, roimh an dáta feidhme, an t-iarratas a tharchur chun an Réiteora faoi fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1934, agus

(ii) go ndearna an tAire, tar éis an dáta feidhme, an t-iarratas a tharchur amhlaidh,

(b) má deontar pinsean faoi Acht 1934 don iarratasóir, ansin, d'ainneoin aon ní in Acht 1934, tosnóidh an pinsean—

(i) i gcás an t-iarratasóir a bheith ag fónamh sna Fórsaí Cosanta ar an dáta feidhme, ar dháta a urscaoilte as na Fórsaí Cosanta,

(ii) in aon chás eile, ar pé dáta (nach luaithe ná an dáta feidhme) a cheapfas an tAire.

(3) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh ag ordú nós imeachta an Réiteora faoi fho-alt (1) den alt seo.

(4) San alt seo folaíonn an focal “fianaise” aon eolas a fuarthas de thoradh fiosrúchán ag an Réiteoir nó thar a cheann nó a sholáthraigh duine ar bith.

Deimhnithe seirbhíse a dheonadh d'iarratasóirí ar diúltaíodh dóibh faoi dho-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1934.

12. —I gcás inar dhiúltaigh an tAire, faoi fho-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1934, deimhniú seirbhíse a dheonadh d'iarratasóir a bhí á lorg—

(a) féadfaidh an tAire, faoina rogha féin, deimhniú seirbhíse a dheonadh don iarratasóir,

(b) má dhéanann an tAire amhlaidh, tosnóidh aon phinsean a deonfar don iarratasóir ar an dáta a deonfar an deimhniú seirbhíse don iarratasóir.

Aisiriú pinsean faoi Acht 1934 a cúlghairmeadh nó a forghéilleadh.

13. —(1) I gcás pinsean faoi Acht 1934 a chúlghairm faoi alt 12 d'Acht 1934 nó d'fhorghéilleadh faoi alt 18 d'Acht 1934, féadfaidh an tAire le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, an pinsean sin d'aisiriú go hiomlán nó go páirteach.

(2) I gcás pinsean d'aisiriú go páirteach faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, iarmhéid an phinsin sin d'aisiriú.

(3) Déanfar aon phinsean nó aon chuid de phinsean a haisireofar faoin alt seo d'íoc ó pé dáta (nach luaithe ná dáta an orduithe á aisiriú) a chinnfeas an tAire.

Dáta tosnuithe pinsean áirithe faoi Acht 1934.

14. —I gcás—

(a) deimhniú seirbhíse a dheonadh do dhuine de bhun iarratais arna dhéanamh tar éis an dáta feidhme, agus

(b) pinsean faoi Acht 1934 a dheonadh don duine sin,

ansin, d'ainneoin aon ní in Acht 1934, tosnóidh an pinsean—

(i) i gcás an duine sin a bheith ag fónamh sna Fórsaí Cosanta ar an dáta feidhme, ar dháta a urscaoilte as na Fórsaí Cosanta,

(ii) in aon chás eile, ar pé dáta (nach luaithe ná an date feidhme) a cheapfas an tAire.