An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Ratai ar Iascaigh.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear agus a Leasaitear.)

18 1949

AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1949

CUID IV.

Fineala agus Forgheilleadh.

“Na hachtacháin um iascach bradán.”

8. —Sa Chuid seo, ciallaíonn an abairt “na hachtacháin um iascach bradán” na hachtacháin a luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó aon ionstraim arna déanamh fúthu a bhaineas le hiascach bradán, breac nó easconn.

Fíneála.

Diúscairt fíneála faoi na hAchta.

9. —(1) Baineann an t-alt seo le gach fíneáil a forchuirfear tar éis dáta thosach feidhme na Coda seo i leith aon chiona faoi na hAchta nó faoi aon ionstraim arna déanamh fúthu.

(2) Scoirfidh alt 51 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 ( Uimh. 27 de 1926 ), d'fheidhm a bheith aige maidir le haon fhíneáil lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Déanfar gach fíneáil lena mbaineann an t-alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste mar ordós an tAire Airgeadais.

(4) I gcás fíneáil lena mbaineann an t-alt seo a loghadh go hiomlán nó go páirteach tar éis í d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste faoi fho-alt (3) den alt seo, déanfar an fhíneáil sin nó an chuid di a loghadh amhlaidh (pé acu é) d'aisíoc as an Stát-Chiste mar ordós an tAire Airgeadais.

Iocaíochta ón Aire maidir le fíneála i leith cionta faoi na hachtacháin um iascach bradán.

10. —(1) I gcás fíneáil, a forchuirfear tar éis tosach feidhme na Coda seo, i leith ciona faoi na hachtacháin um iascach bradán, d'íoc nó a thobhach, ansin, mura rud é gur loghadh an fhíneáil go hiomlán, beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

(a) má chítear don Aire gur comhalta den Gharda Síochána faoi ndear an duine a rinne an cion a thabhairt faoi réim an cheartais, déanfar—

(i) suim is comhionann le dhá dtrian na fíneála nó, má loghadh an fhíneáil go páirteach, le dhá dtrian an mhéid de nár loghadh, d'íoc le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina ndearnadh an cion, agus

(ii) suim is comhionann le trian na fíneála nó, má loghadh an fhíneáil go páirteach, le trian an mhéid di nár loghadh, d'íoc isteach i gCiste Luaíochta an Gharda Shíochána,

(b) in aon chás eile, íocfar leis an mbord coimeádaithe sin suim is comhionann leis an bhfíneáil nó, má loghadh an fhíneáil go páirteach, leis an méid di nár loghadh.

(2) An t-airgead go léir is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo íocfaidh an tAire é pé trátha is oiriúnach leis as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Forghéilleadh.

Leasú ar fhorála áirithe de na hAchta, etc., a fhorálas forghéilleadh.

11. —I gcás aon alt (is alt a bhunaíos cion) de na hAchta, nó aon ionstraim (is ionstraim a bhunaíos cion) arna déanamh faoi na hAchta dá fhoráil, mar chuid den phionós i leith an chiona agus mar iarmairt de dhroim ciontuithe ann, go bhforghéillfidh an duine a ciontófar sa chion sin ní áirithe nó go bhforghéillfear ní áirithe, forléireofar an t-alt nó an ionstraim sin amhail is dá bhforáladh sé ina ionad sin, i gcás duine a chiontú sa chion sin, go mbeidh, mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe, an ní sin ar forghéilleadh a sonraítear san alt nó san ionstraim sin gurb é atá le forghéilleadh.

Gan a bheith d'oblagáid ar an gCúirt forghéilleadh d'fhógairt ná a thaifeadadh i gcás forghéilleadh a theacht mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.

12. —I gcás—

(a) duine dá chiontú ag Breitheamh Dúiche i gcion faoi aon alt de na hAchta nó faoi aon ionstraim arna déanamh fúthu, agus

(b) an t-alt nó an ionstraim sin (arna leasú leis an Acht seo) dá fhoráil go mbeidh, mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe, ní áirithe ar forghéilleadh, ansin, d'ainneoin aon riail dlí, ní gá don Bhreitheamh sin—

(i) an forghéilleadh sin d'fhógairt tráth an bhreithiúnuithe, ná

(ii) an forghéilleadh sin a thaifeadadh i Leabhar Miontuairiscí an Bhreithimh ná i nDuilleoig na gCúiseamh ná san ordú ciontuithe.

Imeachta de dhroim innill iascaigh neamhdhleathacha agus innill iascaigh dleathacha a húsáidtear go neamhdhleathach d'urghabháil.

13. —Má dhéanann duine ar bith, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó leis na hAchta, aon inneall iascaigh d'urghabháil, bhéarfaidh sé é, a luaithe is féidir, i láthair an Bhreithimh Dúiche ar ina cheantar a hurghabhadh é, agus air sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaigh neamhdhleathach an t-inneall iascaigh, ordóidh sé é d'fhorghéilleadh agus a dhíthiú,

(b) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaigh dleathach an t-inneall iascaigh ach go rabhthas tar éis é d'úsáid, á úsáid nó ar tí é d'úsáid go neamhdhleathach tráth a urghabhála, ordóidh sé é d'fhorghéilleadh,

(c) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaigh dleathach an t-inneall iascaigh ach nach rabhthas tar éis é d'úsáid, á úsáid ná ar tí é d'úsáid go neamhdhleathach tráth a urghabhála, ordódh sé é a thabhairt thar n-ais don duine ar dóigh leis gurb é a únaer é.

Nithe a forghéilltear a dhiúscairt.

14. —(1) I gcás—

(a) aon ní d'urghabháil go dleathach a ndéantar, mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe nó le hordú ó Bhreitheamh Dúiche, é d'fhorghéilleadh faoi na hAchta nó faoi na hAchta arna leasú leis an Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh fúthu sin, nó

(b) an Breitheamh Dúiche dá ordú faoi mhír (b) d'alt 13 den Acht seo aon ní a bheith le forghéilleadh,

féadfaidh an tAire a ordú an ní sin—

(i) a thabhairt thar n-ais don duine ar dóigh leis gurb é a únaer é, nó

(ii) a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile mar is oiriúnach leis.

(2) I gcás an tAire dá ordú, de bhun fo-ailt (1) den alt seo, ní a dhíol, déanfar glan-fháltais an díola d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste mar ordós an tAire Airgeadais.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon ní a forghéillfear faoi alt 13 den Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884, i gcás ina dtabharfaidh an Chúirt ordachán faoin alt sin 13 maidir leis an ní sin.

Iocaíochta ón Aire maidir le fáltais as nithe a forghéilltear faoi na hachtacháin um iascach bradán.

15. —I gcás—

(a) aon ní d'fhorghéilleadh faoi na hachtacháin um iascach bradán, agus

(b) an ní sin a dhíol le hordachán ón Aire faoi alt 14 den Acht seo,

beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

(i) má chítear dó gur comhalta den Gharda Síochána d'urghabh an ní sin nó gurb é faoi ndear an duine a thabhairt faoi réim an cheartais a rinne an cion dá dtáinig an forghéilleadh sin, íocfaidh an tAire, pé trátha is oiriúnach leis as airgead a sholáthrós an tOireachtas, suim is comhionann le dhá dtrian glan-fháltas an díola sin le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina ndearnadh an cion agus suim is comhionann le trian na nglan-fháltas sin le Ciste Luaíochta an Gharda Shíochána,

(ii) in aon chás eile íocfaidh an tAire, pé trátha is oiriúnach leis, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, suim is comhionann leis na glanfháltais sin leis an mbord coimeádaithe sin.