|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.) |
[EN] | ||
Uimhir 8 de 1949. | ||
[EN] |
AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS (AN CHÚIRT DÚICHE), 1949. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ FORÁL ÁIRITHE, A BHAINEAS LEIS AN gCÚIRT DÚICHE, DE NA h ACHTA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924 GO 1947. [18ú Bealtaine, 1949.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Acht 1946. |
1. —San Acht seo ciallaíonn an abairt “Acht 1946” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946 (Uimh. 21 de 1946) . |
[EN] |
Cumhacht chun aois scoir Breithiún áirithe d'ardú. |
2. —(1) (a) San alt seo ciallaíonn an abairt “an Coiste” coiste ar a mbeidh— |
[EN] | (i) an Príomh-Bhreitheamh, | |
[EN] | (ii) Uachtarán na hArd-Chúirte, agus | |
[EN] | (iii) an tArd-Aighne. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an Coiste gníomhú trí thromlach dá chomhaltaí agus is leor de dhílse-dheimhniú ar bharántas faoin alt seo é a bheith sínithe ag beirt chomhaltaí den Choiste. | |
[EN] | (2) I gcás— | |
[EN] | (a) Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar cúig bliana seascad a aois scoir faoi alt 15 d'Acht 1946, a bheith ar tí an aois sin a shlánú, agus | |
[EN] | (b) é do chruthú chun sástachta an Choiste nach bhfuil sé faoi aon mhíchumas a bhéarfadh go mbeadh sé neamhoiriúnach chun leanúint de dhualgais a oifige a chomhlíonadh go héifeachtúil, | |
[EN] | féadfaidh an Coiste, más cuí leo é tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, trí bharántas a déanfar sar a slánóidh an Breitheamh sin an aois sin, é a choimeád in oifig ar feadh bliana dar tosach an dáta a shlánós sé an aois sin. | |
[EN] | (3) I gcás— | |
[EN] | (a) Breitheamh den Chúirt Dúiche lena mbainfidh barántas faoi fho-alt (2) den alt seo nó faoin bhfo-alt seo a bheith ar tí sé bliana seascad, seacht mbliana seascad, ocht mbliana seascad nó naoi mbliana seascad (do réir mar bheas) d'aois a shlánú, agus | |
[EN] | (b) é do chruthú chun sástachta an Choiste nach bhfuil sé faoi aon mhíchumas a bhéarfadh go mbeadh sé neamhoiriúnach chun leanúint de dhualgais a oifige a chomhlíonadh go héifeachtúil, | |
[EN] | féadfaidh an Coiste, más cuí leo é tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, trí bharántas a déanfar sar a slánóidh an Breitheamh sin an aois sin, é a choimeád in oifig ar feadh bliana dar tosach an dáta a shlánós sé an aois sin. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag forála an ailt seo d'ainneoin aon ní in alt 15 d'Acht 1946. | |
[EN] |
An líon uasta Breithiún. |
3. —In Acht 1946, cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad ailt 16— |
[EN] | 16. “Ní raghaidh líon na mBreithiún thar a dó ceathrachad tráth ar bith.” | |
[EN] |
Athghairm. |
4. —Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear in colún (3) den Sceideal sin. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1949, a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1949, a ghairm de na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1947, agus den Acht seo le chéile. |