24 1948


Uimhir 24 de 1948.


AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA n ACHT TALMHAÍOCHTA, 1931 GO 1944. [22ú Nollaig, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1944” an t Acht Talmhaíochta (Leasú), 1944 (Uimh. 3 de 1944) ;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Talmhaíochta, 1931 (Uimh. 8 de 1931) .

Fo-alt (1) d'alt 36 den Phríomh-Acht a leasú.

2. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 36 den Phríomh-Acht, arna leasú leis an Acht Talmhaíochta (Leasú), 1941 (Uimh. 27 de 1941) , a leasú tuilleadh trí na focail “dhá phingin” a scrios sa dara háit ina bhfuilid, agus na focail “chúig pingne” a chur ina n-ionad.

(2) Gach gníomh agus ní a rinne comhairle chontae roimh thosach feidhme an Achta seo maidir le déanamh aon ráta don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1949, beid (má bhíonn méid an ráta thalmhaíochta ar áireamh sa mhéid a bheas le cruinniú tríd an ráta sin) chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh fo-alt (1) den alt seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh na gníomhartha nó na nithe sin.

Costais taistil agus liúntais d'íoc le comhaltaí coístí talmhaíochta agus fo-choistí áirithe de na coistí sin.

3. —(1) Chun críocha an ailt seo beidh fo-chiste de choiste talmhaíochta ina fho-choiste formheasta den choiste sin más rud é, agus amháin más rud é, go ndearna an tAire—

(i)   faoi fho-alt (4) d'alt 2 d'Acht 1944, a údarú costais d'íoc faoin alt sin 2 le comhaltaí an fhochoiste sin, nó

(ii)  ar an gcoiste talmhaíochta dá iarraidh sin, a údarú íocaíochta a dhéanamh faoin alt seo le comhaltaí an fho-choiste sin.

(2) (a) Féadfaidh coiste talmhaíochta a chinneadh le rún gurb amhlaidh a dhéanfas gach coiste den tsórt sin, in ionad íoc, faoi alt 2 d'Acht 1944, as na costais taistil faoina raghaidh gach comhalta den choiste talmhaíochta sin nó d'fho-choiste formheasta den choiste talmhaíochta sin ag taisteal go dtí na cruinnithe agus ó na cruinnithe den choiste sin nó den fho-choiste formheasta sin a tionólfar tar éis an tAcht seo a rith, suim chinnte d'íoc le gach comhalta den tsórt sin, i leith gach cruinnithe den tsórt sin a fhreastalós sé in áit nach gaire ná chúig mhíle, de bhealach ar bith, dá ghnáth-áit chónaithe, in aghaidh gach míle a taistealófar idir an áit sin agus an áit chónaithe sin arna thomhas feadh an bhealaigh a ghabhfadh an comhalta sin de ghnáth.

(b) Féadfar rún a rithfeas coiste talmhaíochta faoi mhír (a) den fho-alt seo a chúlghairm tráth ar bith le rún eile ón gcoiste talmhaíochta sin.

(c) Ní bheidh éifeacht ag rún a rithfear faoi mhír (a) nó mír (b) den fho-alt seo go dtí go gceadóidh an tAire é.

(d) Faid a bheas rún i bhfeidhm a ndearna coiste talmhaíochta é a rith faoi mhír (a) den fho-alt seo, ní íocfaidh an coiste talmhaíochta sin, faoi alt 2 d'Acht 1944, na costais taistil faoina raghaidh gach comhalta den choiste talmhaíochta sin nó d'fho-choiste formheasta den choiste talmhaíochta sin ag taisteal go dtí cruinnithe agus ó chruinnithe an choiste thalmhaíochta nó an fho-choiste fhormheasta sin, ach, ina ionad sin, déanfaid íocaíochta le comhaltaí a fhreastalós na cruinnithe sin do réir téarmaí an rúin sin.

(3) (a) Má dhéanann comhalta de choiste talmhaíochta nó d'fho-choiste formheasta den choiste talmhaíochta sin cruinniú den choiste nó den fho-choiste formheasta sin d'fhreastal in áit nach gaire ná trí mhíle, de bhealach ar bith, dá ghnáth-áit chónaithe agus go mbeidh air, mar gheall ar an bhfreastal sin, bheith as baile ar feadh tréimhse leanúnaí nach lú ná trí huaire an chloig, ansin, faoi réir forál an fho-ailt seo, déanfaidh an coiste talmhaíochta sin (pé acu is gá nó nach gá don choiste sin, faoi alt 2 d'Acht 1944 nó faoi fho-alt (2) den alt seo (do réir mar bheas) íocaíocht leis an gcomhalta sin i leith an chruinnithe sin a fhreastal, agus más gá sin, ansin i dteannta na híocaíochta sin) liúntas arna ríomh do réir rialacha a húdaraítear leis seo don Aire a dhéanamh d'íoc leis an gcomhalta sin i leith na tréimhse sin.

(b) Na rialacha a dhéanfas an tAire chun críocha míre (a) den fho-alt seo, beidh foráil iontu á thoirmeasc ar choiste talmhaíochta liúntais d'íoc, i leith na tréimhse céanna, le duine is comhalta den choiste sin agus is comhalta freisin d'fho-choiste formheasta den choiste talmhaíochta sin.

(c) Más rud é—

(i)  go mbeidh duine is comhalta d'údarás áitiúil, do réir bhrí ailt 67 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946) , ina chomhalta freisin de choiste talmhaíochta nó d'fho-choiste formheasta den choiste talmhaíochta, agus

(ii) gur gá don údarás áitiúil sin, do réir fo-ailt (7) den alt sin 67, liúntas d'íoc leis an duine sin i leith tréimhse áirithe, agus

(iii) go mba ghá don choiste talmhaíochta sin, mura mbeadh an mhír seo, liúntas d'íoc, do réir míre (a) den fho-alt seo, leis an duine sin i leith na tréimhse sin,

ansin, ní íocfaidh an coiste talmhaíochta sin aon liúntas faoi mhír (a) den fho-alt seo leis an duine sin i leith na tréimhse sin.

(4) Is i scríbhinn a déanfar éileamh ar aon íocaíocht faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo agus féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an fhoirm d'ordú a húsáidfear ag déanamh an éilithe sin.

(5) (a) Duine ar bith a dhéanfas nó a lamhálfas go ndéanfar ráiteas is eol dó a bheith bréagach chun íocaíocht d'fháil faoin alt seo dó féin nó do dhuine eile beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo, agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, mar thogrós an Chúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná bliain.

(b) Duine ar bith a ciontófar i gcion faoin alt seo beidh sé dícháilithe dá éis sin chun é a thoghadh nó chun bheith ina chomhalta de choiste talmhaíochta, nó de chomhlucht is údarás áitiúil chun aon cheann de chríocha na nAcht Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946, arna leasú le haon achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith, nó de chomhairle arna bunú le dlí i leith contae nó contae-bhuirge nó de choiste do chomhairle den tsórt sin, agus beidh sé dícháilithe freisin chun bheith i seilbh oifige nó fostaíochta faoi choiste talmhaíochta nó faoi chomhlucht, comhairle nó coiste den tsórt sin adúradh.

(6) Na tagairtí atá in alt 17 agus i mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 38 den Phríomh-Acht do na forála den Phríomh-Acht a bhaineas le híoc costas taistil le comhaltaí coistí, léireofar iad mar thagairtí a fholaíos tagairtí do na forála roimhe seo den alt seo.

Feidhm ag ailt 8, 9 agus 10 d'Acht 1944 maidir le hoifigigh áirithe do choistí talmhaíochta.

4. —Chun deireadh a chur le hamhras dearbhaítear leis seo go bhfuil feidhm, d'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (3) d'alt 43 den Phríomh-Acht, ag ailt 8, 9 agus 10 d'Acht 1944 maidir le duine—

(a) a ndearnadh, de bhuaidh an ailt sin 43, é d'aistriú go dtí coiste talmhaíochta agus a tháinig chun bheith ina oifigeach don choiste sin, agus

(b) is sealbhóir oifige faoi choiste talmhaíochta.

An tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1941 , d'athghairm.

5. —Athghairmtear leis seo an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1941 (Uimh. 27 de 1941) .

Gearrtheideal, léiriú agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1948 , a ghairm den Acht seo.

(2) Léireofar mar aon Acht amháin na h Achta Talmhaíochta, 1931 go 1944, agus an tAcht seo le chéile.

(3) Féadfar na h Achta Talmhaíochta, 1931 go 1948, a ghairm de na h Achta Talmhaíochta, 1931 go 1944, agus den Acht seo le chéile.