18 1948


Uimhir 18 de 1948.


AN tACHT UM AN ACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 (BUANÚ), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'FHAIDIÚ NA TRÉIMHSE A BHEAS AN tACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 , I bhFEIDHM. [18ú Nollaig, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 22 de 1946) .

An Príomh-Acht a bhuanú.

2. —(1) Mura bhforceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (2) den alt seo, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1949, agus raghaidh in éag ansin mura gcinne an tOireachtas a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta sonraithe, roimh an 31ú lá de Nollaig, 1949, agus sa chás sin raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

An tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú), 1947, d'athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú), 1947 (Uimh. 39 de 1947) .

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú), 1948, a ghairm den Acht seo.