16 1948


Uimhir 16 de 1948.


AN tACHT RÓD-CHISTE (AIRLEACAIN), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO SHÍNEADH NA TEORANN ATÁ LE MÉID IOMLÁN NA SUIMEANNA A hAIRLEACTAR LEIS AN RÓD-CHISTE FAOIN ACHT RÓD-CHISTE (AIRLEACAIN), 1926. [11ú Lúnasa, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

An teora atá le méid iomlán na suimeanna a hairleactar leis an Ród-Chiste faoin Acht Ród-Chiste, 1926, a shíneadh.

1. —Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (2) d'alt 1 den Acht Ród-Chiste (Airleacain), 1926 (Uimh. 29 de 1926) :—

“ (2) Ní raghaidh méid iomlán na suimeanna a hairleacfar leis an Ród-Chiste faoin alt seo thar suim chúig mhilliún punt.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Ród-Chiste (Airleacain), 1948 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Ród-Chiste (Airleacain), 1926 agus 1948, a ghairm den Acht Ród-Chiste (Airleacain), 1926 (Uimh. 29 de 1926) , agus den Acht seo le chéile.