9 1948


Uimhir 9 de 1948.


AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1948.


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936 . [30ú Meitheamh, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 ( Uimh. 37 de 1936 ).

Alt 18 (1) den Phríomh-Acht a leasú.

2. —(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirtí an méid seo a leanas in ionad an Tríú Sceidil a ghabhas leis an Acht sin:—

“AN TRIU SCEIDEAL.

Rialacha chun an Méid de Phinsin Seirbhíse a Cuirfear ar Fionraí a Ríomh.

1. Faoi réir forál Rialach 2 den Sceideal seo, is mar leanas a bheas an méid ina gcuirfear íoc pinsin seirbhíse ar fionraí faoi alt 18 den Acht seo, i gcás an duine a bheas ag fáil an phinsin sin a bheith ag fáil aon luach saothair, pinsin (seachas pinsean créachta nó pinsean míchumais) nó liúntais is iníoctha as airgead poiblí:—

Má bhíonn méid bliantúil an luach saothair, an phinsin nó an liúntais is iníoctha as airgead poiblí—

A.

Gan bheith thar £250

Nil.

B.

Thar

£250

ach gan bheith thar

£300

10%

C.

,,

£300

,,     ,,     ,,     ,,

£350

15%

D.

,,

£350

,,     ,,     ,,     ,,

£400

20%

E.

,,

£400

,,     ,,     ,,     ,,

£450

25%

F.

,,

£450

,,     ,,     ,,     ,,

£500

30%

G.

,,

£500

,,     ,,     ,,     ,,

£550

40%

H.

,,

£550

,,     ,,     ,,     ,,

£600

50%

I.

,,

£600

,,     ,,     ,,     ,,

£700

60%

J.

,,

£700

,,     ,,     ,,     ,,

£800

70%

K.

,,

£800

,,     ,,     ,,     ,,

£900

80%

L.

,,

£900

,,     ,,     ,,     ,,

£1,000

90%

M.

,,

£1,000

100%

2. I gcás iomlán an mhéid is iníoctha le duine ar bith as airgead poiblí agus an méid is iníoctha leis an duine sin i leith pinsin seirbhíse laistigh de na teoranta a sonraítear ag B, C, D, E, F, G, H, I, J, K, L nó M de Riail 1 den Sceideal seo a bheith níos lú, faoi théarmaí na Rialach sin, ná an méid a gheobhadh an duine sin i gcás an méid is iníoctha leis as airgead poiblí a bheith comh-mhéid le maximum na teorann díreach roimhe sin, ansin, agus i ngach cás den tsórt sin déanfar an méid a cuirfear ar fionraí dá phinsean seirbhíse a laghdú i dtreo nach mbeidh iomlán an mhéid is iníoctha leis as airgead poiblí agus a phinsin seirbhíse níos lú ná an t-iomlán a gheobhadh sé dá mbeadh an méid is iníoctha as airgead poiblí comhmhéid le maximum na teorann díreach roimhe sin.”

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1945, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1948, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 agus 1948, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.