An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Seirbhisigh Bhunaithe.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

4 1948

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1948

CUID IV.

Ilghneitheach

An t-údarás áitiúil ag a mbeidh íocaíocht le déanamh.

64. —(1) I gcás—

(a) ina ndeonfaidh údarás áitiúil cnapshuim, liúntas nó aisce faoin Acht seo, nó

(b) ina ndéanfaidh údarás áitiúil ranníocaíochta a thabhairt thar n-ais faoin Acht seo, nó

(c) ina gceangaltar leis an Acht seo ar údarás áitiúil suim d'íoc thar n-ais,

is iad a dhéanfas an chnapshuim, an liúntas, an aisce nó an ranníocaíocht d'íoc nó an tsuim d'íoc thar n-ais ná—

(i) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil sin—an t-údarás áitiúil a dhéanann, faoin Acht Gairm-Oideachais, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , an ranníocaíocht áitiúil bhliantúil d'íoc i leith costas an choiste,

(ii) más coiste talmhaíochta do chontae an t-údarás áitiúil sin—comhairle na contae sin,

(iii) más coiste d'aon údarás áitiúil amháin an t-údarás áitiúil sin—an t-aon údarás áitiúil amháin sin,

(iv) in aon chás eile—an t-údarás áitiúil sin.

(2) Má ceangaltar faoin Acht seo ar údarás áitiúil aon chuid d'íoc thar n-ais d'íocaíocht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, is leis an údarás áitiúil a rinne an íocaíocht faoin bhfo-alt sin a híocfar thar n-ais í.

(3) Aon íocaíocht a dhéanfas údarás áitiúil de bhun fo-mhíre (i) d'fho-alt (1) den alt seo, ní háireofar í chun críche aon teorann a cuirtear le méid aon ranníocaíochta áitiúla bliantúla is iníoctha ag an údarás áitiúil faoin Acht Gairm-Oideachais, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(4) Íocfar , as airgead a sholáthrós an tOireachtas, le húdarás áitiúil a íocfas aon chnapshuim nó liúntas nó aisce arna dheonadh ag coiste gairm-oideachais faoin Acht seo, i gcabhair ar an ráta nó don chiste as a n-íocfar an chnapshuim nó an liúntas nó an aisce, leath gach íocaíochta a dhéanfas an t-údarás áitiúil i leith na cnapshuime, an liúntais nó na haisce.

Aire Stáit d'aisgabháil íocaíochta.

65. —(1) Aon tsuim is gá do dhuine faoin Acht seo d'íoc nó d'aisíoc le hAire Stáit, nó a thabhairt thar n-ais dó nó d'íoc thar n-ais leis, féadfar, gan dochar dá haisgabháil ar aon tslí eile, í d'aisgabháil trína hasbhaint go hiomlán nó go páirteach as aon airgead is iníoctha ag aon Aire Stáit chun críche ar bith leis an duine sin.

(2) An chumhacht chun airgead d'asbhaint faoi fho-alt (1) den alt seo, is cumhacht í atá faoi réir éileamh, agus gan dochar d'éilimh, an Chiste Ráthaíochta faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh.

Airgead d'íoc thar n-ais i leith seirbhíse faoi údarás eile.

66. —(1) Má dhéanann údarás áitiúil (dá ngairmtear an t-údarás deontach san alt seo) cnapshuim, liúntas nó aisce a dheonadh faoin Acht seo do dhuine ar bith nó ina leith agus, le linn méid an chéanna a chinneadh, go ndearnadh aon tréimhse sheirbhíse faoi údarás áitiúil eile nó faoi údarás cuain nó bord ospidéil mheabhair-ghalar (dá ngairmtear an t-údarás ranníocach san alt seo) a chur san áireamh, íocfaidh an t-údarás ranníocach thar n-ais leis an údarás deontach cuid den chnapshuim, den liúntas nó den aisce (nó, más coiste gairm-oideachais an t-údarás deontach, cuid de leath na cnapshuime, an liúntais nó na haisce) arna cinneadh do réir tréimhsí seirbhíse an duine sin faoin údarás ranníocach agus faoin údarás deontach agus do réir a luach saothair ar fead na dtréimhsí sin, agus socrófar an chuid sin trí chomhaontú idir an údarás ranníocach agus an t-údarás deontach nó, cheal comhaontuithe, socróidh an tAire é (tar éis dó dul i gcomhairle, más údarás cuain an t-údarás ranníocach, leis an Aire Tionscail agus Tráchtála.)

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo is tuigthe gur sheirbhís faoi údarás ranníocach seirbhís faoi choiste den údarás ranníocach sin, agus aon tseirbhís a tugadh faoi chomhchoiste de dhá údarás ranníocacha nó níos mó is tuigthe gur sheirbhís faoi gach údarás ranníocach acu sin í.

Athrú ar chuid de liúntas a deonfar d'oifigeach nó seirbhíseach bunaithe a bheas ag fáil bónais.

67. —Más bónas, arna áireamh do réir treoir-uimhir chostais mhaireachtana, cuid de luach saothair oifigigh nó seirbhísigh bhunaithe tráth a scortha de bheith i seilbh a oifige nó a fhostaíochta, ansin, an chuid d'aon liúntas a deonfar dó faoin Acht seo agus is inchurtha i leith an bhónais sin, beidh sí faoi réir an athrúcháin chéanna, más ann, a mbeadh feidhm aige i gcás aoisliúntais a deonfaí do stát-sheirbhíseach a bhí ag fáil luach saothair den tsamhail chéanna agus a scoir roimh an lú lá de Shamhain, 1946.

Liúntas a chealú ar dhuine a chiontú i gcion.

68. —(1) I gcás duine a ciontófar ar dhíotáil in aon chion agus a gcuirfear pian-tseirbhís, nó aon téarma príosúntachta le daor-obair nó is sia ná dhá mhí dhéag, de phianbhreith air a bheith, tráth an chiontuithe, ag fáil liúntais arna dheonadh ag údarás áitiúil faoin Acht seo, beidh an liúntas arna chealú air sin agus scoirfidh sé de bheith iníoctha.

(2) Má déantar neamhniú ar chiontú a dtiocfaidh cealú liúntais faoin alt seo dá dheasca nó má tugtar saor-mhaithiúnachas don duine ciontaithe déanfar, i gcás an ciontú a neamhniú, an cealú a chur ar neamhní amhail ó dháta an chiontuithe agus, i gcás saor-mhaithiúnachas a thabhairt, amhail ó dháta an tsaormhaithiúnachais.

(3) I gcás aon liúntas a chealú faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil a dheoin an liúntas, más cuí leo sin, an liúntas d'aisiriú go hiomláin nó go páirteach le toiliú an Aire.

Marthain éiglíochta d'fhionnadh.

69. —(1) Má deontar liúntas faoin Acht seo do dhuine a bheas faoin aois a sonraítear don liúntas sin i bhfo-alt (2) den alt seo ar an bhforas go bhfuil sé éagumasach ar a dhualgas a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil, a mbeidh an liúntas iníoctha acu, a fhionnadh ó am go ham, go dtí go sroichfidh an duine sin an aois sin, an maireann a éiglíocht agus, chuige sin, féadfaid, más cuí leo, socrú a dhéanamh i gcóir scrúduithe dochtúra agus a cheangal air dul faoi na scrúduithe sin;

(b) má fhaillíonn an duine sin go toiliúil nó má dhiúltaíonn sé dul faoi aon scrúdú dochtúra den tsórt sin, scoirfear den liúntas d'íoc;

(c) má dhéanann dhá dhochtúir leighis cláraithe ar a laghad a ainmneos an t-údarás áitiúil sin a dheimhniú go bhfuil deireadh le héiglíocht an duine sin agus má tairgtear dó oifig nó fostaíocht inphinsin faoi údarás áitiúil de shaghas is ionann agus an oifig nó an fhostaíocht a bhí aige agus ar ráta luach saothair nach lú ná an ráta a bhí á íoc leis díreach roimh é do scor de bheith i seilbh na hoifige nó na fostaíochta sin a bhí aige, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin, faoi réir a cheaduithe ag an Aire, an liúntas a chealú agus air sin scoirfear dá íoc.

(2) Is í an aois a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ná—

(a) le haghaidh liúntais a deonfar d'oifigeach nó seirbhíseach briogáide tóiteáin—cúig bliana caogad,

(b) le haghaidh aon liúntais eile—seasca bliain.

(3) Má tairgtear, de bhun míre (c) d'fho-alt (1) den alt seo, oifig nó fostaíocht nua do dhuine dar deonadh liúntas i leith tréimhse de sheirbhís áitiúil inphinsin agus go nglacfaidh sé í, agus go gcealófar an liúntas faoin alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas ar é do scor de bheith i seilbh na hoifige nó na fostaíochta nua:

(a) chun críocha míre (a) d'alt 13 nó míre (a) d'alt 42 den Acht seo, is tuigthe nach tréimhse a bhfuair sé cnap shuim nó liúntas ina leith an tréimhse sin;

(b) aon chnapshuim nó aisce a deonfar dó nó dá ionadaí dlíthiúil pearsanta faoi Chuid II nó Cuid III den Acht seo, laghdófar í de mhéid na cnapshuime (más ann) a deonadh dó i dteannta an liúntais;

(c) is tuigthe an tréimhse sheirbhíse san oifig nó sa bhfostaíocht nua do leanúint as an tréimhse sin agus ní tabharfar aird ar an tréimhse a raibh sé ag fáil an liúntais ar a feadh.

(4) Aon díospóid idir údarás áitiúil agus duine i dtaobh oifig nó fostaíocht nua a tairgfear don duine sin a bheith, chun críocha míre (c) d'fho-alt (1) den alt seo, de shaghas is ionann agus an oifig nó anfhostaíocht a bhí aige, is é an tAire iomchuí a chinnfeas í agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh sin.

An tAire do chinneadh amhras, etc., áirithe.

70. —Má éiríonn aon amhras, díospóid nó ceist nó más é tuairim an Aire gur dócha sin d'éirí i dtaobh duine a bheith ina oifigeach chun críocha an Achta seo nó ina oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar nó i dtaobh duine a bheith ina sheirbhíseach chun críocha an Achta seo nó ina sheirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar, is é an tAire a chinnfeas an t-amhras, an díospóid nó an cheist agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh sin.

Rialacháin ag sonrú na n-aicmí d'oifigigh agus seirbhísigh bhriogáide tóiteáin.

71. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina sonróidh—

(a) na haicmí oifigeach d'údaráis bhriogáide tóiteáin faoin Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 (Uimh. 7 de 1940) , is oifigigh bhriogáide tóiteáin chun críocha an Achta seo, agus

(b) na haicmí seirbhíseach do na húdaráis sin is seirbhísigh bhriogáide tóiteáin chun críocha an Achta seo.

Rialacháin á cheadú d'oifigeach do choiste gairmoideachais seirbhís mar mhúinteoir d'áireamh.

72. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais agus le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh á cheadú d'oifigeach do choiste gairm-oideachais a raibh aige, roimh é a theacht chun bheith ina oifigeach den tsórt sin, seirbhís mhúinteoireachta mar mhúinteoir scoile náisiúnta nó mar mhúinteoir meánscoile nó mar mhúinteoir scoile gairmoideachais nó ceardscoile nó mar mhúinteoir d'aon dá chineál nó níos mó acu sin an tseirbhís mhúinteoireachta sin d'áireamh mar sheirbhís, agus féadfar a ordú leis na rialacháin sin an cineál seirbise múinteoireachta agus an cion di is féidir d'áireamh amhlaidh agus a mhéid is féidir agus an modh inar féidir an tseirbhís mhúinteoireachta d'áireamh amhlaidh.

(2) Má dhéanann údarás áitiúil onapshuim, liúntas nó aisce d'íoc le hoifigeach nó ina leith agus, le linn méid na cnapshuime, an liúntais nó na haisce a chinneadh, go ndearnadh aon tréimhse a thug an t-oifigeach ina mhúinteoir meánscoile d'áireamh de bhun rialachán faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, a chinneadh cad é an chuid nó cad iad na coda (más ann) den chnapshuim, den liúntas nó den aisce a híocfar as Ciste Pinsin na Meán-Mhúinteoirí, agus air sin féadfaidh an tAire Oideachais aon chuid nó coda a cinnfear amhlaidh d'íoc thar n-ais leis an údarás áitiúil as an gciste sin.

(3) Má dhéanann údarás áitiúil cnapshuim, liúntas nó aisce d'íoc le hoifigeach nó ina leith agus, le linn méid na cnapshuime, an liúntais nó na haisce a chinneadh, go ndearnadh aon tréimhse a thug an t-oifigeach ina mhúinteoir scoile náisiúnta d'áireamh de bhun rialachán faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, a chinneadh cad é an chuid nó cad iad na coda (más ann) den chnapshuim, den liúntas nó den aisce a bheas ina muirear ar an Stát, agus air sin féadfaidh an tAire Oideachais aon chuid nó coda a cinnfear amhlaidh d'íoc thar n-ais leis an údarás áitiúil as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Achomhaire chun an Air.

73. —(1) Más cúis mhí-shásaimh le duine údarás áitiúil d'fhaillí nódo dhiúltú cnapshuim, liúntas nó aisce a dheonadh faoin Acht seo nó ranníocaíochta a thabhairt thar n-ais faoin Acht seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne na faillí nó an diúltuithe sin.

(2) Más cúis mhí-shásaimh le duine méid aon chnapshuime, liúntais nó aisce a dheonfas údarás áitiúil faoin Acht seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne na méide sin.

(3) Aon achomharc ó dhuine faoin alt seo i gcoinne faillí maidir le ranníocaíochta a dheonadh nó a thabhairt thar n-ais, déanfar é tráth nach déanaí ná ocht mí tar éis na himthosca a theacht a líomhnós sé a chuir de cheangal ar an údarás áitiúil na ranníocaíochta a dheonadh nó a thabhairt thar n-ais agus déanfar aon achomharc eile faoin alt seo tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an chinneadh is abhar don achomharc.

(4) Ar achomharc a dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, diúltú don achomharc nó pé forála a dhéanamh is dóigh leis a bhí sé ceart ag an údarás áitiúil a dhéanamh, agus aon fhorála a dhéanfas an tAire amhlaidh beidh éifeacht acu amhail is dá mb'iad an t-údarás áitiúil a rinne iad.

(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire ar achomhare faoin alt seo.

An liomatáiste muirir d'íocaíocht ó údarás áitiúil.

74. —(1) Aon tsuim is iníoctha ag údarás áitiúil faoin Acht seo i leith tréimhse a thug duine ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don údarás áitiúil sin, muirearófar í ar an líomatáiste ar a ndéanfaí luach saothair an duine sin a mhuirearú dá leanadh sé de bheith i seilbh na hoifige nó na fostaíochta céanna faoin údarás áitiúil sin.

(2) Aon tsuim is iníoctha ag údarás áitiúil faoin Acht seo i leith tréimhse a thug duine ina oifigeach nó ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil eile, muirearófar í ar an líomatáiste ar a muirearaítear na costais faoina ndeachaigh an t-údarás áitiúil céadluaite ag soláthar airgid don údarás áitiúil eile.

(3) Má dhéanann údarás áitiúil cnapshuim, aisce nó liúntas a dheonadh d'oifigeach nó seirbhíseach nó ina leith agus, le linn méid an chéanna a ríomh, go ndearnadh tréimhse sheirbhíse faoi údarás áitiúil eile d'áireamh, is tuigthe chun críocha an ailt seo, íoc na cnapshuime, an liúntais nó na haisce ag an údarás áitiúil céadluaite a bheith arna dhéanamh i leith seirbhíse an duine sin fúthu sin amháin.

Liúntas d'fhionraí nó a laghdú ar an té a bheas á fháil d'athcheapadh.

75. —(1) I gcás duine lena mbeidh liúntas iníoctha faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile ag údarás áitiúil nó ag bord ospidéil mheabhair-ghalar d'fháil aon íocaíochta (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige, más ann) ó údarás áitiúil nó ó bhord ospidéil mheabhair-ghalar nó as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas i leith seirbhísí a tugadh, ní hiocfar níos mó den liúntas leis in aon bhliain áirithe ná an oiread agus is cóimhéid, i dteannta na híocaíochta sin, leis an luach saothair (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige, más ann) ar a ndearnadh an liúntas a ríomh.

(2) Aon údarás áitiúil nó bord ospidéil mheabhair-ghalar a bheas ag íoc liúntais le duine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, féadfaid ó am go ham, do réir mar is cuí leo chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (1) den alt seo, na híocaíochta a rinneadar, a bheas déanta nó le déanamh acu i leith an liúntais d'fhionraí, a mhaolú, a laghdú nó a choigeartú ar shlí eile.

(3) Má bhíonn agus faid a bheas, de bhun an ailt seo, liúntas gan íoc, fágfar gan íoc freisin aon chuid den liúntas sin is iníoctha thar n-ais faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile.

(4) Má bhíonn agus faid a bheas, de bhun an ailt seo, maolú nó laghdú ar an méid is iníoctha i leith liúntais, déanfar freisin aon chuid den liúntas sin is iníoctha thar n-ais faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile a laghdú i gcomhréir leis sin.

Liúntas, etc., a shannadh.

76. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le haon íocaíocht (dá ngairmtear an deontas san alt seo) is iníoctha faoin Acht seo nó faoi Chuid IV d'Acht 1925 ag údarás áitiúil le duine ar bith (dá ngairmtear an fáltaí san alt seo), is é sin le rá:—

(a) gach sannadh agus muirearú a déanfar ar an deontas agus gach comhaontú chun an deontas a shannadh nó a mhuirearú, beid ar neamhní ach amháin sa mhéid gur chun tairbhe do bhean chéile nó d'fhear céile nó do ghaolta cleithiúnacha an fháltaí iad, agus i gcás féimhíochta an fháltaí ní híocfar an deontas le haon iontaobhaí ná duine eile a bheas ag gníomhú thar ceann an chreidiúnaí;

(b) i gcás aon chúnamh poiblí a thabhairt de bhun an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939 ( Uimh. 27 de 1939 ), don fháltaí nó do dhuine ar bith a dhlíos sé faoin Acht sin a chothabháil, féadfaidh an t-údarás áitiúil iomlán an deontais nó aon chuid de d'íoc leis an údarás cúnaimh phoiblí a bhéarfas an cúnamh, agus féadfar an cion den deontas a híocfar amhlaidh d'úsáid chun aisíoctha aon tsuimeanna a bheas caite ar an gcúnamh sin agus, faoina réir sin, déanfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí é d'íoc leis an bhfáltaí nó é d'úsáid chun tairbhe dhó;

(c) má fhaillíonn an fáltaí duine ar bith a chothabháil a dhlíos sé a chothabháil, féadfaidh an t-údarás áitiúil, as a gcomhairle féin, iomlán an deontais nó aon chuid de d'íoc leis an duine sin nó d'úsáid chun tairbhe dhó;

(d) má chítear don údarás áitiúil an fáltaí a bheith ina dhuine mímheabhrach nó a bheith éagumasach i slí eile ar ghníomhú, féadfaid pé cion den deontas is oiriúnach leo d'íoc leis an bhforas nó leis an duine ar a mbeidh cúram an fháltaí, agus féadfaid an barrachas (más ann) nó pé cuid de is oiriúnach leo d'íoc chun nó i leith cothabhála agus tairbhe mná céile nó fir chéile nó gaolta cleithiúnacha an fháltaí;

(e) má bhíonn an fáltaí nó an t-oifigeach nó an seirbhíseach a mbeidh an deontas iníoctha ina leith tar éis bháis agus go mbeidh suim nach nó ná céad punt dlite ar scór an deontais, féadfar, más oiriúnach leis an údarás áitiúil, déanamh d'éagmais promháide nó cruthúnais eile ar theideal ionadaithe pearsanta an duine mhairbh, agus féadfar an tsuim d'íoc leis na daoine nó a roinnt ar na daoine a chífear don údarás áitiúil a bheith i dteideal tairbhiúil chun eastáit phearsanta an duine mhairbh sin nó í d'íoc le haon duine nó daoine nó a roinnt ar aon duine nó daoine acu sin, nó, i gcás neamhdhlisteanachta an duine mhairbh, í d'íoc le pé daoine nó a roinnt ar pé daoine is oiriúnach leis an údarás áitiúil, agus beidh an t-údarás áitiúil agus aon oifigeach dóibh a dhéanfas an íocaíocht saor ó gach dliteanas maidir le haon íocaíocht nó roinnt den tsórt sin;

(f) aon tsuim is iníoctha le mionaoiseach ar scór an deontais, féadfar í d'íoc leis an mionaoiseach féin nó le pé duine agus ar pé coinníollacha chun tairbhe don mhionaoiseach is oiriúnach leis an údarás á itiúil;

(g) má dhéanann an t-údarás áitiúil íocaíocht le haon duine de bhun an ailt seo is cúiteantas maith ar an tsuim a híocfar admháil an duine sin.

(2) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh á cheangal dearbhuithe a dhéanamh chun aon chríche a bhaineas le híocaíochta a déanfar de bhun an ailt seo agus ní bheidh duine lena ndéanfar aon íocaíocht den tsórt sin i dteideal an íocaíocht sin d'fháil má fhaillíonn sé aon dearbhú a dhéanamh a ceanglófar air leis na rialacha sin a dhéanamh.

(3) Duine ar bith a dhéanfas míráiteas go toiliúil i dtaobh beachta abhartha in aon dearbhú faoi aon riail arna déanamh faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

Aisce nó liúntas i gcás díobhála.

77. —(1) Má déantar díobháil d'oifigeach nó do sheirbhíseach d'údarás áitiúil—

(a) ag comhlíonadh a dhualgais dó, agus

(b) gan faillí uaidh féin, agus

(c) de dheasca díobhála éigin is inchurtha go sonrach i leith nádúir a dhualgais,

féadfaidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Aire, pé aisce nó liúntas saoil nó liúntas ar feadh tréimhse teoranta in airgead, is réasúnach leis an údarás áitiúil agus a ceadófar le rialacháin faoin alt seo, a dheonadh dhó féin agus, má gheibheann sé bás laistigh de sheacht mbliana tar éis dáta na díobhála agus gur de dheasca na díobhála é, dá bhaintrigh (nó, i gcás ban-oifigigh nó ban-tseirbhísigh, dá baintreach fir), dá athair nó dá mháthair, i gcás iad a bheith i lán-chleithiúnas air tráth a bháis, agus dá leanaí nó i leith a leanaí, nó d'aon duine nó i leith aon duine acu sin.

(2) Aon liúntas a deonfar faoin alt seo do dhuine díobhálta ní raghaidh sé, i dteannta aon liúntais eile (lena n-áirítear an luach blianachta, arna ríomh i pé slí a ordós an tAire, ar aon chnapshuim) is iníoctha ag údarás áitiúil agus a mbeidh sé cáilithe chuige, thar cúig séú den luach saothair (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige, más ann) ar dá réir a ríomhfar an liúntas eile sin.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Sonraí ar shochair a thabhairt d'oifigeach nó seirbhíseach roimh scor dó.

78. —(1) Má bhíonn ar intinn ag oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil scor as a oifig nó a fhostaíocht ar dháta áirithe, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná sé mhí agus nach luaithe ná dhá mhí dhéag roimh an dáta sin, fógra a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil ina n-ineosfaidh—

(a) gurb intinn dó scor ar an dáta sin,

(b) na fátha gurb intinn dó scor,

(c) gur mian leis go dtabharfaí dhó sonraí ar na sochair a bheas aige ar scor dó.

(2) Má thugann oifigeach nó seirbhíseach fógra faoin alt seo d'údarás áitiúil á rá gur mian leis go dtabharfaí dhó sonraí ar na sochair a bheas aige ar scor dó, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil, laistigh de dhá mhí, ráiteas don oifigeach nó don tseirbhíseach ina luafaid—

(a) más intinn dóibh, ar scor dó amhlaidh, aon chumhacht d'fheidhmiú a bheirtear dóibh leis an Acht seo nó le haon Acht eile chun aon chnapshuim, liúntas nó aisce a dheonadh dhó nó chun aon ranníocaíochta a thabh airt thar n-ais dó nó chun aon bhlianta a chur lena sheirbhís nó chun méid aon chnapshuime nó liúntais a mbeidh sé ina theideal a mhéadú nó a laghdú,

(b) más intinn dóibh aon chumhacht acu sin a luaitear i mír (a) den fho-alt seo d'fheidhmiú, sonraí ar an modh inarb intinn dóibh an chumhacht d'fheidhmiú,

(c) méid (más aon mhéid é) gach cnapshuime, liúntais nó aisce nó ranníocaíochta ar dóigh leo, ag féachaint dá n-intinn mar bheas luaite de bhun míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo, teideal a bheith aige chun a íoctha leis nó a thabhartha thar n-ais dó ar scor dó amhlaidh,

ach má bheartaíd a lua sa ráiteas gurb intinn dóibh aon chumhacht d'fheidhmiú ar gá toiliú nó ceada an Aire chun a feidhmithe, ní thabharfaid an ráiteas mura n-aontaí agus go dtí go n-aontóidh an tAire leis.

(3) Beidh feidhm ag forála ailt 73 den Acht seo (nó, i gcás cumhacht faoi aon Acht eile d'fheidhmiú, ag aon fhorála comhréireacha den Acht sin) maidir le ráiteas, i dtaobh a n-intinne, a bhéarfas údarás áitiúil faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (2) den alt seo amhail is dá mbeadh an t-oifigeach nó an seirbhíseach lena mbaineann an ráiteas tar éis scor agus amhail is dá mba nithe a chinn an t-údarás áitiúil ar dháta an ráitis a thabhairt na nithe sin is intinn dóibh.

(4) Más rud é—

(a) go dtarlóidh an scor a bheas ar intinn ag oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil agus a bheas luaite i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar an dáta agus ar na fátha a bheas luaite sa bhfógra, agus

(b) go gcuirfear i gcrích an intinn ag údarás áitiúil a bheas luaite sa ráiteas a bhéarfar dó de bhun míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo, nó, má d'athraigh an tAire an intinn sin de thoradh achomhairc, an intinn sin arna hathrú amhlaidh,

ní bheidh an intinn sin, mar bheas sí curtha i gcrích, faoi réir aon achomhairc ansin.

Liúntas a mhéadú i gcásanna áirithe.

79. —(1) Má rinne údarás áitiúil nó bord ospidéil mheabhairghalar liúntas nó cnapshuim a dheonadh roimh an Acht seo a rith do dhuine nó i leith duine maidir lena scor, tar éis an lú lá d'Iúil, 1940, de bheith i seilbh aon oifige nó fostaíochta ina seirbhís, féadfaid, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an tAcht seo a rith, bisiú amháin (ar a mhéid) ar ráta an liúntais nó ar mhéid na cnapshuime a dheonadh, agus is é a bheas sa bhisiú sin bisiú de mhéid a cheadós an tAire iomchuí agus, i gcás bisiú ar liúntas, beidh éifeacht aige amhail ón dáta a scoir an oifig nó an fhostaíocht de bheith ar seilbh nó ón lú lá de Shamhain, 1946, pé acu sin is déanaí.

(2) I gcás aon liúntas den tsórt a luaitear in alt 46 d'Acht 1925 a bheith i gcúrsa a íoctha an lú lá de Shamhain, 1946, coigeartófar an liúntas, go n-éifeacht amháil ón lá sin, ar an modh seo a leanas:—

(a) an chuid (más ann) den liúntas a ríomhadh do réir an bhónais éigeandála faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 312), 1944 (R. & O. R., Uimh. 36 de 1944), scoirfidh sé de bheith iníoctha;

(b) déanfar an bisiú nó an bhreis a cuireadh leis an liúntas faoi fho-alt (2) d'alt 46 d'Acht 1925 a choigeartú amhail is dá mba do réir treoir-uimhir chostais mhaireachtana 270 a ríomhfaí é agus air sin scoirfidh sé de bheith inathruithe.

(3) Má dhéanann údarás áitiúil nó bord ospidéil mheabhairghalar liúntas nó cnapshuim a dheonadh faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile do dhuine nó i leith duine maidir lena scor roimh an lú lá d'Aibreán, 1950, de bheith i seilbh aon oifige nó fostaíochta ina seirbhís, féadfaid, i gcás liúntais, é a dheonadh do réir ráta is airde, de mhéid a cheadós an tAire iomchuí, ná an ráta dob iomchuí chuige sin mura mbeadh an fo-alt seo agus, i gcás cnapshuime, suim a dheonadh is mó, de mhéid a cheadós an tAire iomchuí, ná an tsuim dob iomchuí chuige sin mura mbeadh an fo-alt seo.

(4) Más cúis mhí-shásaimh le duine diúltú nó faillí a bhéarfar, i rith na tréimhse de dhá mhí dhéag tar éis an tAcht seo a rith, i mbisiú a dheonadh faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an duine sin, i gcás diúltuithe, achomharc a dhéanamh, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an diúltuithe, nó, i gcás faillí, achomharc a dhéanamh, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an tréimhse sin de dhá mhí dhéag a bheith caite, chun an Aire iomchuí i gcoinne an diúltuithe nó na faillí.

(5) Más cúis mhí-shásaimh le duine bisiú a deonfar faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an bisiú a dheonadh, achomharc a dhéanamh ina choinne chun an Aire iomchuí.

(6) Ar achomharc a dhéanamh chuige faoin alt seo, féadfaidh an tAire iomchuí le hordú, diúltú don achomharc nó pé socruithe a dhéanamh is dóigh leis ba cheart don údarás áitiúil iomchuí nó don ospidéal meabhair-ghalar iomchuí a dhéanamh, agus aon tsocrú a dhéanfas an tAire iomchuí amhlaidh beidh éifeacht aige amhail is dá mb'iad an t-údarás sin nó an bord sin a rinne é.

(7) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire iomchuí ar achomharc faoin alt seo.

(8) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an tAire iomchuí”—

(a) maidir le húdarás áitiúil seachas údarás ospidéil mheabhair-ghalar, an tAire, agus

(b) maidir le húdarás ospidéil mheabhair-ghalar, an tAire Sláinte.

Foráil ghinearálta i dtaobh liúntas a bheith ina liúntas saoil.

80. —Ach amháin mar foráltar a mhalairt leis an Acht seo, is liúntas ar feadh saoil an té dá ndeonfar é liúntas a deonfar faoin Acht seo.

Teoranta aoise d'oifigigh agus seirbhísigh Bhord Ospidéil Fiabhrais Bhaile Atha Cliath agus Bhord Ospidéil Fiabhrais Chorcaighe.

81. —Beidh feidhm ag forála ailt 23 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) (alt a bhaineas le teoranta aoise d'oifigí faoi údaráis áitiúla áirithe a shocrú) maidir le hoifig oifigigh nó le fostaíocht sheirbhísigh do Bhord Ospidéil Fiabhrais Bhaile Atha Cliath nó do Bhord Ospidéil Fiabhrais Chorcaighe amhail is dá mb'oifig faoi údarás áitiúil chun críocha an Achta sin an oifig nó an fhostaíocht sin.

Oifigeach d'údarás áitiúil a theacht chun bheith ina stát-sheirbhíseach.

82. —(1) An tseirbhís áitiúil inphinsin a bheas ag oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil ag a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin agus a ceapfar chun poist bhunaithe sa stát-sheirbhís is tuigthe, chun críocha na nAcht Aoisliúntas, gur seirbhís i bpost bunaithe sa stát-sheirbhís aige í.

(2) I gcás duine ag a raibh, tráth an Achta seo a rith, post bunaithe sa stát-sheirbhís agus—

(a) a ceapadh chun an phoist sin tar éis an 6ú lá de Nollaig, 1922, agus

(b) a bhí díreach roimh é a cheapadh amhlaidh ina oifigeach inphinsin faoi chomhlucht áitiúil amháin nó níos mó chun críocha Coda IV d'Acht 1925,

do dhéanamh iarratais, tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a rith, chun an Aire iomchuí ag iarraidh deimhniú ar na beachta a luaitear i míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo, fiosróidh an tAire sin an scéal agus, más deimhin leis na beachta sin a bheith ann, deimhneoidh sé amhlaidh agus cuirfidh sé sa deimhniú sonraí ar sheirbhís áitiúil inphinsin an duine sin ar dháta a cheaptha amhlaidh.

(3) I gcás deimhniú d'eisiúint faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le duine ar bith, is tuigthe chun críocha na nAcht Aoisliúntas gur seirbhís i bpost bunaithe sa stát-sheirbhís aige a sheirbhís áitiúil inphinsin mar bheas sin luaite sa deimhniú.

(4) Más rud é, faoi na hAchta Aoisliúntas agus na hachtacháin (lena n-áirítear an tAcht seo) a bhaineas le deonadh aoisliúntais agus cúitimh i leith cailliúint oifige d'oifigigh d'údaráis áitiúla, go bhfuil difríocht idir na sochair a fhaibhríos nó na coinníollacha a cháilíos daoine chun sochair, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh go ndéanfar modhnuithe sonraithe i gcomhréir leis an difríocht sin d'aon chás áirithe lena mbaineann fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo in aon mhéid a bheas le deonadh faoi na hAchta Aoisliúntas, agus déanfar dá réir sin na modhnuithe a cinnfear amhlaidh.

(5) I gcás ina ndéanfar, de bhuaidh an ailt seo, liúntas, cnapshuim nó aisce d'íoc le duine nó ina leith faoi na hAchta Aoisliúntas, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh cad é an chuid nó cad iad na coda den íocaíocht a bheas ina muirear do réir fo-ailt (6) den alt seo.

(6) I gcás ina gcinnfidh an tAire Airgeadais faoi fho-alt (5) den alt seo go mbeidh cuid nó coda d'íocaíocht le duine nó ina leith ina muirear do réir an fho-ailt seo—

(a) cinnfidh an tAire cé acu ar údarás áitiúil amháin darbh oifigeach an duine sin, nó ar dhá údarás áitiúla nó níos mó arbh oifigeach do gach ceann acu an duine sin, a bheas an chuid nó na coda sin ina muirear,

(b) má chinneann an tAire gur ar údarás áitiúil amháin a bheas an chuid nó na coda sin ina muirear, íocfaidh an t-údarás áitiúil sin méid na coda nó na gcoda sin leis an Aire,

(c) má chinneann an tAire gur ar dhá údarás áitiúla nó níos mó a bheas an chuid nó na coda sin ina muirear, cinnfidh sé freisin an méid a bheas ina mhuirear ar gach údarás áitiúil faoi leith acu sin agus íocfaidh an t-údarás áitiúil sin an méid sin leis an Aire,

(d) aon tsuim a híocfar leis an Aire faoin alt seo íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir ordacháin an Aire Airgeadais.

Stát-sheirbhíseach a theacht chun bheith ina oifigeach d'údarás áitiúil.

83. —(1) Má bhíonn liúntas, cnapshuim nó aisce iníoctha faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile le duine nó ma leith, agus le linn méid na híocaíochta a chinneadh, go ndearnadh aon tréimhse sheirbhíse ag an duine sin i bpost bunaithe sa stát-sheirbhís d'áireamh, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh cad é an chuid nó cad iad na coda den íocaíocht a bheas ina muirear ar an Stát agus air sin féadfar an chuid nó na coda sin a cinnfear amhlaidh d'íoc thar n-ais leis an údarás áitiúil as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(2) Más rud é, faoi na hAchta Aoisliúntas agus na hachtacháin (lena n-áirítear an tAcht seo) a bhaineas le deonadh aoisliúntais nó cúitimh i leith cailliúint oifige d'oifigigh d'údaráis áitiúla, go bhfuil difríocht idir na sochair a fhaibhríos nó na coinníollacha a cháilíos daoine chun sochair, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a chinneadh, in aon chás áirithe ina mbeidh seirbhís sa stát-sheirbhís le ríomh, go ndéanfar, le linn méid an deontais sin a ríomh, modhnuithe sonraithe sa mhéid sin, agus déanfar dá réir sin na modhnuithe a cinnfear amhlaidh.

Forála speisialta do chásanna áirithe.

84. —(1) Más rud é, maidir le duine is oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil tráth an Achta seo a rith, go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta, is é sin le rá:

(a) go raibh sé, díreach roimh é a cheapadh ina oifigeach den tsórt sin, i seilbh poist bhunaithe ar feadh tréimhse i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann,

(b) go raibh sé, díreach roimh an tréimhse a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, i seilbh poist bhunaithe ar feadh tréimhse i stát-sheirbhís an Rialtais Shealadaigh,

(c) go raibh sé, díreach roimh an tréimhse a luaitear i mír (b) den fho-alt seo, i seilbh poist bhunaithe ar feadh tréimhse i stát-sheirbhís Dháil Éireann,

(d) go raibh sé, díreach roimh an tréimhse a luaitear i mír (c) den fho-alt seo, ina oifigeach inphinsin ar feadh tréimhse d'údarás áitiúil,

féadfar na tréimhsí sin uile a chomhshuimiú agus a n-áireamh mar sheirbhís chun críocha aon Achta (lena n-áirítear an tAcht seo), i dtaobh aoisliúntais oifigeach d'údaráis áitiúla, a bhaineas leis an duine sin.

(2) Más rud é, maidir le duine i seilbh poist bhunaithe i státsheirbhís an Rialtais tráth an Achta seo a rith, go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta, is é sin le rá:

(a) go raibh sé díreach sar a dtáinig sé i seilbh an phoist sin, i seilbh poist bhunaithe ar feadh tréimhse i státsheirbhís Shaorstáit Éireann,

(b) go raibh sé, díreach roimh an tréimhse a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, i seilbh poist shealadaigh ar feadh tréimhse i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann,

(c) go raibh sé, díreach roimh an tréimhse a luaitear i mír (b) den fho-alt seo, ina oifigeach inphinsin ar feadh tréimhse d'údarás áitiúil,

féadfar na tréimhsí a luaitear i míreanna (a) agus (c) den fho-alt seo a chomhshuimiú agus a n-áireamh mar sheirbhís chun críocha na nAcht Aoisliúntas mar bhainid leis an duine sin.

(3) Más rud é, maidir le duine i seilbh poist bhunaithe i státsheirbhís an Rialtais tráth an Achta seo a rith, go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta, is é sin le rá:

(a) go raibh sé, díreach sar a dtáinig sé i seilbh an phoist sin, i seilbh poist bhunaithe ar feadh tréimhse i státsheirbhís Shaorstáit Éireann,

(b) go raibh sé, díreach roimh an tréimhse a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, i seilbh poist bhunaithe ar feadh tréimhse i stát-sheirbhís an Rialtais Shealadaigh,

(c) go raibh sé, díreach roimh an tréimhse a luaitear i mír (b) den fho-alt seo, i seilbh poist bhunaithe ar feadh tréimhse i stát-sheirbhís Dháil Éireann,

(d) go raibh sé, díreach roimh an tréimhse a luaitear i mír (c) den fho-alt seo, ina oifigeach inphinsin, ar feadh tréimhse, d'údarás áitiúil,

féadfar na tréimhsí sin uile a chomhshuimiú agus a n-áireamh mar sheirbhís chun críocha na nAcht Aoisliúntas mar bhainid leis an duine sin.

(4) Más rud é, maidir le duine i seilbh poist bhunaithe i státsheirbhís an Rialtais tráth an Achta seo a rith, go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta, is é sin le rá:

(a) go raibh sé, díreach sar a dtáinig sé i seilbh an phoist sin, i seilbh poist bhunaithe ar feadh tréimhse i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann,

(b) go raibh sé, díreach roimh an tréimhse a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, ina oifigeach inphinsin ar feadh tréimhse d'údarás áitiúil,

(c) go raibh sé, díreach roimh an tréimhse a luaitear i mír (b) den fho-alt seo, i seilbh poist bhunaithe ar feadh tréimhse i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann,

féadfar na tréimhsí sin uile a chomhshuimiú agus a n-áireamh mar sheirbhís chun críocha na nAcht Aoisliúntas mar bhainid leis an duine sin.

(5) Más rud é, faoi na hAchta Aoisliúntas agus na hachtacháin (lena n-áirítear an tAcht seo) a bhaineas le deonadh aoisliúntais agus cúitimh i leith cailliúint oifige d'oifigigh d'údaráis áitiúla, go bhfuil difríocht idir na sochair a fhaibhríos nó na coinníollacha a cháilíos daoine chun sochair, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh go ndéanfar modhnuithe sonraithe i gcomhréir leis an difríocht sin d'aon chás áirithe lena mbaineann fo-alt (3) nó fo-alt (4) den alt seo in aon mhéid a bheas le deonadh faoi na hAchta Aoisliúntas, agus déanfar dá réir sin na modhnuithe a cinnfear amhlaidh.

(6) I gcás ina ndéanfar, de bhuaidh an ailt seo, liúntas, cnapshuim nó aisce d'íoc le duine nó ina leith faoi na hAchta Aoisliúntas, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh cad é an chuid nó cad iad na coda den íocaíocht a bheas ina muirear do réir fo-ailt (7) den alt seo.

(7) I gcás ina gcinnfidh an tAire Airgeadais faoi fho-alt (6) den alt seo go mbeidh cuid nó coda d'íocaíocht le duine nó ina leith ina muirear do réir an fho-ailt seo—

(a) cinnfidh an tAire cé acu ar údarás áitiúil amháin darbh oifigeach an duine sin nó ar dhá údarás áitiúla nó níos mó arbh oifigeach do gach ceann acu an duine sin a bheas an chuid nó na coda sin ina muirear,

(b) má chinneann an tAire gur ar údarás áitiúil amháin a bheas an chuid nó na coda sin ina muirear, íocfaidh an t-údarás áitiúil sin méid na coda nó na gcoda sin leis an Aire,

(c) má chinneann an tAire gur ar dhá údarás áitiúla nó níos mó a bheas an chuid nó na coda sin ina muirear, cinnfidh sé freisin an méid a bheas ina mhuirear ar gach údarás áitiúil faoi leith acu sin agus íocfaidh an t-údarás áitiúil sin an méid sin leis an Aire,

(d) aon tsuim a híocfar leis an Aire faoin alt seo íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir ordacháin an Aire Airgeadais.

Caomhaint ar leanúnacht seirbhíseach seirbhíseach do Bhardas Luimnigh.

85. —(1) I gcás seirbhíseach don bhardas a bheith as láthair óna dhualgas ar feadh aon tréimhse lena mbaineann an t-alt seo agus ina ndéanfaí, mura mbeadh an t-alt seo, an tréimhse a chaith sé as láthair d'áireamh, chun críocha na n-achtachán pinsin, mar bhriseadh ar leanúnacht a sheirbhíse leis an mbardas, beidh éifeacht chun na gcríocha sin ag na forála seo a leanas:—

(a) is tuigthe nach briseadh ar leanúnacht a sheirbhíse leis an mbardas an tréimhse a chaith sé as láthair, agus

(b) d'ainneoin forál na míre sin roimhe seo, ní déanfar faid na tréimhse a chaith sé as láthair a chur san áireamh nuair a beifear ag ríomh faid a sheirbhíse leis an mbardas ná, i gcás liúntas saoil nó aisce a dheonadh dhó, nuair a beifear ag ríomh méid an liúntais nó na haisce sin.

(2) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an bardas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Luimnigh;

ciallaíonn an abairt “tréimhse lena mbaineann an t-alt seo” aon tréimhse dar thosach an 30ú lá de Mheitheamh, 1944, nó aon lá dá éis sin, agus dar chríoch an 6ú lá d'Iúil, 1944, nó aon lá roimhe sin;

ciallaíonn an abairt “na hachtacháin phinsin,” maidir le seirbhíseach don bhardas, na hachtacháin (lena n-áirítear an tAcht seo) a rialaíos liúntas saoil nó aisce a dheonadh dhó ar é do scor de bheith ar fostú.

Aoisliúntais áirithe a dheoin Bardas Chorcaighe a dhéanamh bailí.

86. —Aon aoisliúntas a dheoin Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe d'aon duine dá seirbhísigh i rith na tréimhse dar thosach an 9ú lá de Mheán Fómhair, 1926, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1948, beidh sé bailí i ngach slí agus féadfar dá réir sin leanúint den liúntas sin d'íoc tar éis an tAcht seo a rith.

Ciall na habairte “oifigeach inphinsin” i gCuid IV d'Acht 1925.

87. —Ní fholóidh an abairt “oifigeach inphinsin” i gCuid IV d'Acht 1925 agus is tuigthe nár fholaigh sí riamh oifigeach ospidéil mheabhair-ghalar d'údarás áitiúil.

Feidhm a bheith ag Cuid IV d'Acht 1925 maidir le buantseirbhísigh áirithe.

88. —(1) Beidh feidhm ag Cuid IV d'Acht 1925 maidir le buan-tseirbhíseach do chomhlucht áitiúil a dtiocfaidh Cuid III den Acht seo i ngníomh maidir leo (nach comhlucht áitiúil lena mbaineann alt 53 d'Acht 1925) is buan-tseirbhíseach a mbeidh, an lá a thiocfas an Chuid sin III i ngníomh maidir leis an gcomhlucht sin, seasca bliain d'aois nó níos mó slán aige, nó, i gcás seirbhísigh bhriogáide tóiteáin, cúig bliana caogad d'aois nó níos mó slán aige, amhail is dá mb'oifig inphinsin a fhostaíocht, agus chun críocha na feidhme sin—

(a) folóidh an focal “tuarastal” páigh,

(b) nuair a beifear ag ríomh a sheirbhíse ar dheireadh a theacht lena fhostaíocht, ní háireofar ach a sheirbhís leanúnach faoin gcomhlucht áitiúil sin.

(2) Beidh feidhm, faoi réir na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo, ag Cuid IV d'Acht 1925 maidir le buan-tseirbhíseach do choiste gairm-oideachais a dtiocfaidh Cuid III den Acht seo i ngníomh maidir leo is buan-tseirbhíseach a mbeidh, an lá a thiocfas an Chuid sin III i ngníomh maidir leis an gcoiste sin, seasca bliain d'aois nó níos mó slán aige, amhail is dá mb'oifig inphinsin a fhostaíocht, agus chun críocha na feidhme sin—

(a) folóidh an focal “tuarastal” páigh,

(b) nuair a beifear ag ríomh a sheirbhíse ar dheireadh a theacht lena fhostaíocht ní háireofar ach a sheirbhís leanúnach faoin gcoiste sin nó faoi aon chomhlucht arbh iad an coiste sin a gcomharbaí.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 50 d'Acht 1925 maidir leis na coistí gairm-oideachais agus a seirbhísigh dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo, agus ina ionad sin achtaítear leis seo gurb iad a íocfas gach suim is iníoctha faoi Chuid IV d'Acht 1925 mar bheirtear feidhm di leis an alt seo maidir le liúntas nó aisce a deonadh fúithi do dhuine a bhí roimhe sin ina sheirbhíseach do choiste gairm-oideachais ná an t-údarás áitiúil a dhéanann, faoin Acht Gairm-Oideachais, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , an ranníocaíocht áitiúil bhliantúil d'íoc i leith costas an choiste sin agus go gcruinneofar í tríd an ráta trína gcruinnítear, agus go n-íocfar í as an gciste as a n-íoctar, agus go muirearófar í ar an líomatáiste ar a muirearaítear, faoi seach, an ranníocaíocht áitiúil bhliantúil sin, ach ní háireofar aon tsuim den tsórt sin chun críocha aon achtacháin a theorannaíos méid an ráta sin.

(4) Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas le húdarás áitiúil a bheas ag íoc aon liúntais nó aisce de bhun fo-ailt (3) den alt seo, i gcabhair ar an ráta nó ar an gciste as a n-íocfar an liúntas nó an aisce amhlaidh, leath gach íocaíochta a dhéanfas an t-údarás áitiúil i leith an liúntais nó na haisce.

Seirbhís sa stát-sheirbhís d'áireamh i gcásanna áirithe.

89. —Aon oifigeach do chomhlucht áitiúil—

(a) a ceapadh ina oifigeach den tsórt sin roimh thosach feidhme Coda II den Acht seo, agus

(b) a bhfuil feidhm maidir leis ag Cuid IV d'Acht 1925 nó ag aon Acht a ritheadh roimh Acht 1925 agus, bhaineas le haoisliúntas, agus

(c) a bhí, tráth a cheaptha ina oifigeach den tsórt sin, i seilbh poist bhunaithe sa stát-sheirbhís,

beidh sé i dteideal a sheirbhís chun críocha na nAcht Aoisliúntas tráth a cheaptha amhlaidh d'áireamh mar sheirbhís chun críocha na Coda sin IV nó an Achta sin a ritheadh roimh Acht 1925.

Seirbhís mar mhúinteoir scoile d'áireamh i gcásanna áirithe.

90. —Aon oifigeach do choiste gairm-oideachais a bhfuil feidhm maidir leis ag Cuid IV d'Acht 1925 nó ag aon Acht a ritheadh roimh Acht 1925 agus a bhaineas le haoisliúntas, beidh sé i dteideal aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís chun críocha na Coda sin IV nó an Achta sin a ritheadh roimh 1925 is tréimhse is cead dó d'áireamh do réir rialachán faoi alt 72 den Acht seo.

Seirbhís faoi údarás cuain d'áireamh i gcásanna áirithe.

91. —Aon oifigeach d'údarás áitiúil a bhfuil feidhm maidir leis ag Cuid IV d'Acht 1925 nó ag aon Acht a ritheadh roimh Acht 1925 agus a bhaineas le haoisliúntas, beidh sé i dteideal aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís chun críocha na Coda sin IV nó an Achta sin a ritheadh roimh Acht 1925 is tréimhse a thug sé i seilbh poist inphinsin i seirbhís údaráis áitiúil.

Liúntais faoi Chuid IV d'Acht 1925 d'oifigigh a bheas ag fáil bónais chostais mhaireachtana.

92. —(1) Baineann an t-alt seo le haon oifigeach do chomhlucht áitiúil arb é a bheas, ar dháta a scortha de bheith i seilbh oifige, ina thuarastal agus ina shochar oifige do réir bhrí Coda IV d'Acht 1925—

(a) méid (dá ngairmtear an bónas éigeandála san alt seo) a deonadh de dhroim na héigeandála a dearbhaíodh, le rúin a rith gach Teach den Oireachtas an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1939, a bheith ann, agus

(b) bisiú nó breis sealadach (dá ngairmtear an bónas costais mhaireachtana san alt seo) adúradh tráth a dheonta a bheith á dheonadh in aghaidh an chostais mhaireachtana mhéadaithe agus a ríomhtar do réir méid na coda eile (dá ngairmtear an bun-tuarastal san alt seo) dá thuarastal agus dá shochar oifige lúide an bónas éigeandála agus, atá, faoi réir Acht na nUdarás Áitiúla (Costas Beatha), 1940 agus 1945, inathruithe ó am go ham do réir an mheán-chostais mhaireachtana sa Stát, agus

(c) an bun-tuarastal.

(2) Aon liúntas a deonfar faoi Chuid IV d'Acht 1925 d'aon oifigeach d'údarás áitiúil lena mbaineann an t-alt seo, beidh dhá chuid ann, eadhon:

(a) cuid i leith an bhun-tuarastail agus an bhónais chostais mhaireachtana agus a ríomhfar do réir an bhuntuarastail amháin agus a méadófar sa tslí a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 46 d'Acht 1925,

(b) cuid i leith an bhónais éigeandála agus a ríomhfar dá réir.

(3) Beidh feidhm ag na forála sin roimhe seo den alt seo maidir le liúntas a deonadh faoi Chuid IV d'Acht 1925 roimh an Acht seo a rith agus a mbeadh feidhm ag na forála seo maidir leis nuair a deonadh an liúntas dá mbeadh na forála sin i bhfeidhm an tráth sin.

Liúntais agus aiscí faoi Chuid IV d'Acht 1925 gan toiliú an Aire.

93. —D'ainneoin aon ní i gCuid IV d'Acht 1925, ní gá toiliú an Aire chun go ndeonfaí faoin gCuid sin—

(a) liúntas bliantúil de mhéid nach mó ná an seascadú cuid de thuarastal agus sochar oifige bliantúil an deonaí in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís, nó

(b) aisce faoi fho-alt (3) nó fo-alt (4) d'alt 44 d'Acht 1925.