An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Teaghais Sealadacha agus Usaid Tailimh le haghaidh Campala.) Ar Aghaidh (CUID VI. Coirp a Dhiuscairt.)

3 1948

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948

CUID V.

Folcain, Tithe Niochain, Aiteanna Folcaidh, Etc.

Folcáin phoiblí, etc., a sholáthar.

35. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta na nithe seo a leanas a sholáthar agus a chothabháil—

(a) folcáin phoiblí,

(b) folcáin snámha phoiblí nó áiteanna folcaidh poiblí,

(c) áiseanna do lucht folcaidh (lena n-áirítear, go sonrach, cóiríocht ghléasta, áiseanna sláintíochta, fras-fholcáin, trealamh céad-chabhrach agus séaras), nó

(d) tithe níocháin poiblí,

laistigh dá gceantar sláintíochta nó, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, lasmuigh dá gceantar sláintíochta ach i gcomhgar dó.

(2) Má bhíonn teach níocháin á chothabháil ag údarás sláintíochta féadfaid saoráidí a sholáthar ann chun éadaí agus earraí eile a thirimiú agus d'iarnáil.

(3) Ní dhéanfaidh údarás, sláintíochta folcán, folcán snámha, áit folcaidh, áis ná teach níocháin a sholáthar faoin alt seo i gceantar sláintíochta údaráis sláintíochta eile ach amháin le toiliú an údaráis sláintíochta eile nó, i gcás ina ndiúltófar an toiliú sin a thabhairt nó gan é a thabhairt laistigh de thrí mhí tar éis é d'iarraidh, le toiliú an Aire.

(4) Má dhéanann údarás sláintíochta folcán, folcán snámha, áit folcaidh, áis nó teach níocháin a sholáthar nó a chothabháil faoin alt seo lasmuigh dá gceantar sláintíochta, ansin, chun aon chríche a ghabhas leis an soláthar nó an chothabháil sin, beidh na cumhachta céanna acu (lena n-áirítear, go sonrach, cumhachta chun talamh a thógaint, uisce d'fháil, uisce nó séarachas a dhiúscairt agus uisce-phíopaí agus séaracha a leagadh síos) a bheadh acu, agus beidh na srianta céanna orthu a bheadh orthu, chun na críche sin, dá mba ina gceantar sláintíochta féin a soláthrófaí an folcán, an folcán snámha, an áit folcaidh, an áis nó an teach níocháin.

(5) Aon fholcán, folcán snámha, áit folcaidh, áis do lucht folcaidh, nó teach níocháin a bheas á chothabháil ag údarás sláintíochta i dtosach feidhme an ailt seo is tuigthe é a bheith arna sholáthar faoin alt seo ag an údarás sin.

Táillí i leith folcán poiblí, etc., d'úsáid.

36. —Féadfaidh údarás sláintíochta, as a gcomhairle féin, táillí d'éileamh i leith úsáide folcáin, folcáin snámha, áite folcaidh, áise do lucht folcaidh nó tí níocháin a bheas á chothabháil acu nó i leith dul isteach ann.

Gardaí tarrthála agus trealamh tarrthála.

37. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta garda nó gardaí tarrthála d'fhostú—

(a) ag áit folcaidh nó folcán snámha a bheas á chothabháil acu, nó

(b) ag áit folcaidh nó folcán snámha ina gceantar sláintíochta a ligtear an pobal isteach ann gan íocaíocht, agus nach iad féin ná aon údarás sláintíochta eile ná coimisinéirí aon bhaile, atá á chothabháil.

(2) Féadfaidh údarás sláintíochta trealamh agus fearais chun daoine a tharrtháil ó bháthadh a sholáthar agus a chothabháil—

(a) ag áit folcaidh nó folcán snámha a bheas á chothabháil acu,

(b) ag áit folcaidh nó folcán snámha ina gceantar sláintíochta a ligtear an pobal isteach ann gan íocaíocht agus nach iad féin ná aon údarás sláintíochta eile ná coimisinéirí aon bhaile atá á chothabháil, nó

(c) ag aon áit ina gceantar sláintíochta ar dóigh leo feidhm a bheith leis na fearais sin ann.

(3) Duine ar bith a dhéanfas go héagórach trealamh nó goireas arna sholáthar faoin alt seo d'aistriú nó a bhac nó a dhamáistiú, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air nó, más rogha leis an gcúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Folcáin snámha agus áiteanna folcaidh d'úsáid chun siamsa.

38. —(1) Má bhíonn folcán snámha nó áit folcaidh á chothabháil ag údarás sláintíochta, féadfaid é d'úsáid d'aontoisc, nó a cheadú, in aisce nó ar íocaíocht, é d'úsáid d'aontoisc, le haghaidh cleachtaí snámha, comórtas snámha, galaí nó siamsaí eile.

(2) I rith na tréimhse idir an lú lá de Bhealtaine agus an 30ú lá de Mheán Fómhair in aon bhliain, ní húsáidfear folcáin snámha ná áit folcaidh, ná ní ceadófar é d'úsáid, faoin alt seo, le haghaidh siamsaí ar feadh tréimhse is sia ná lá agus fiche ná ar feadh uimhir de thréimhsí is sia san iomlán ná lá agus fiche.

(3) Féadfaidh údarás sláintíochta táillí speisialta d'éileamh nó a údarú iad d'éileamh i leith folcán snámha nó áit folcaidh d'úsáid nó dul isteach ann faid a bheas sé á úsáid nó a bheas cead é d'úsáid faoin alt seo le haghaidh siamsaí.

Teagasc ar tharrth áil daoine.

39. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta socrú a dhéanamh chun teagasc a thabhairt ar shnámh agus ar tharrtháil daoine ó bháthadh.

(2) Féadfaidh údarás sláintíochta, as a gcomhairle féin, táille d'éileamh i leith aon teagaisc a bhéarfar de bhun socruithe arna dhéanamh acu faoin alt seo.

Ranníocaíocht do chumainn áirithe.

40. —Féadfaidh údarás sláintíochta, le toiliú an Aire, ranníocaíocht a thabhairt do chistí aon chumainn a mbeidh sé mar chuspóir aige, nó mar cheann dá chuspóirí, daoine a tharrtháil ó bháthadh.

Fo-dhlithe maidir le folcadh poiblí.

41. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta fo-dhlithe a dhéanamh chun folcadh poiblí laistigh dá gceantar sláintíochta nó in uiscí cósta i dtadhall lena gceantar sláintíochta a rialú, agus féadfar go sonrach, leis na fo-dhlithe, socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní dá luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) I gcás aon uiscí cósta a bheith i dtadhall le dhá cheantar sláintíochta nó níos mó, féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go ndéanfar, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, iomlán na n-uiscí cósta nó cuid shonraithe dhíobh d'áireamh mar uiscí cósta atá i dtadhall le ceann áirithe de na ceantair sláintíochta agus leis an gceann sin amháin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin (1).

Fo-dhlithe chun folcáin snámha agus áiteanna folcaidh a rialú.

42. —(1) Féadfaidh údarás slaintíochta fo-dhlithe a dhéanamh chun folcán snámha, áit folcaidh nó teach níocháin a bheas á chothabháil acu a rialú, chun daoine a bheas ag taithí an fholcáin snámha, na háite folcaidh nó an tí níocháin a rialú agus chun daoine míthaitneamhacha d'eisiamh uaidh, agus féadfar, leis na fo-dhlithe sin, cumhacht a thabhairt d'aon oifigeach don údarás sláintíochta nó d'aon chomhalta den Gharda Síochána chun a iarraidh ar aon duine a bheas ag sárú aon cheann de na fo-dhlithe an folcán snámha, an áit folcaidh nó an teach níocháin d'fhágaint agus chun é a chur amach as mura bhfága.

(2) Féadfaidh údarás sláintíochta fo-dhlithe a dhéanamh chun aon fholcán snámha nó áit folcaidh a rialú atá ina gceantar sláintíochta agus a ligtear an pobal isteach ann in aisce nó ar íocaíocht agus nach iad féin ná aon údarás sláintíochta eile ná coimisinéirí aon bhaile atá á chothabháil, agus féadfar go sonrach, leis na fo-dhlithe, socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní dá luaitear sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) I gcás ina ndéanfar fo-dhlí faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haon fholcán snámha, áit folcaidh nó teach níocháin—

(a) déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an fo-dhlí sin é a thaispeáint agus a choimeád ar taispeáint ag an bhfolcán snámha, an áit folcaidh nó an teach níocháin sin,

(b) má fhaillíonn nó má mhainníonn an t-údarás sláintíochta sin mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh, beidh an t-údarás sláintíochta sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur orthu agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(4) I gcás ina ndéanfar fo-dhlí faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le haon fholcán snámha nó áit folcaidh—

(a) déanfaidh únaer an fholcáin snámha nó na háite folcaidh sin an fo-dhlí sin a thaispeáint agus a choimeád ar taispeáint ann,

(b) má fhaillíonn nó má mhainníonn an t-únaer sin mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh, beidh an t-únaer sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Folcáin phoiblí, etc., atá á gcothabháil ag coimisinéirí baile nach ceantar uirbeach.

43. —(1) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go raibh folcán nó teach níocháin poiblí nó áit folcaidh oscailte phoiblí á chothabháil faoi Acht 1846 ag coimisinéirí baile nach ceantar uirbeach, beidh éifeacht, i dtosach feidhme an ailt seo agus dá éis sin, ag na forála seo a leanas—

(a) féadfaidh na coimisinéirí, d'ainneoin Acht 1846 a bheith athghairmthe, leanúint de chothabháil an fholcáin nó an tí níocháin phoiblí nó na háite folcaidh oscailte poiblí sin, agus féadfaid, le toiliú an Aire, é d'fheabhsú, nó a leathnú;

(b) beidh feidhm ag alt 36 den Acht seo, maidir le haon fholcán nó teach níocháin poiblí nó aon áit folcaidh oscailte phoiblí a leanfaidh na Coimisinéirí, faoi mhír (a) den fho-alt seo, de bheith á chothabháil—

(i) amhail is dá ndéantaí na tagairtí ann d'údarás sláintíochta a léiriú mar thagairtí do na coimisinéirí, agus

(ii) amhail is dá ndéantaí na tagairtí ann d'fholcán, d'fholcán snámha, d'áit folcaidh, d'áis do lucht folcaidh nó do thigh níocháin a léiriú mar thagairtí don fholcán nó don tigh níocháin poiblí nó don áit folcaidh oscailte phoiblí sin;

(c) beidh feidhm ag ailt 37 agus 38 den Acht seo maidir le haon áit folcaidh oscailte a leanfar dá cothabháil amhlaidh—

(i) amhail is dá ndéantaí na tagairtí iontu d'údarás sláintíochta a léiriú mar thagairtí do na coimisinéirí, agus

(ii) amhail is dá ndéantaí na tagairtí iontu d'áit folcaidh nó d'fholcán snámha a léiriú mar thagairtí don áit folcaidh oscailte sin;

(d) léireofar alt 39 den Acht seo amhail is dá bhfolaíodh an tagairt ann d'údarás sláintíochta tagairt do na coimisinéirí;

(e) beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 42 den Acht seo, maidir le haon fholcán, nó teach níocháin poiblí nó áit folcaidh oscailte phoiblí a leanfar dá chothabháil amhlaidh—

(i) amhail is dá ndéantaí na tagairtí iontu d'údarás sláintíochta a léiriú mar thagairtí do na coimisinéirí, agus

(ii) amhail is dá ndéantaí na tagairtí iontu d'fholcán snámha, d'áit folcaidh nó do thigh níocháin a léiriú mar thagairtí don fholcán nó don tigh níocháin poiblí nó don áit folcaidh oscailte phoiblí sin;

(f) má leanann na coimisinéirí de bheith ag cothabháil aon tí níocháin, féadfaid saoráidí a sholáthar ann chun éadaí agus earraí eile a thirimiú agus d'iarnáil;

(g) más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, nár chomhlucht corpraithe chun gach críche na coimisinéirí, ansin, d'ainneoin Acht 1846 a bheith athghairmthe, leanfaidh na coimisinéirí, chun críocha an ailt seo, de bheith ina gcomhlucht corpraithe faoin ainm a sannaíodh dóibh le halt 6 d'Acht 1846;

(h) féadfaidh na coimisinéirí, le toiliú an Aire, aon fholcán nó teach níocháin poiblí nó áit folcaidh oscailte phoiblí a leanfar dá chothabháil amhlaidh d'aistriú chun an údaráis sláintíochta don cheantar sláintíochta ina mbeidh an baile sin.

(2) San alt seo ciallaíonn an abairt “Acht 1846” an Baths and Washhouses (Ireland) Act, 1846.