Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Feidhm Achtachan.)

40 1947


Uimhir 40 de 1947.


AN tACHT LEABHARLANNA POIBLÍ, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUNÚ COMHLUCHTA DÁ nGAIRMFEAR AN CHOMHAIRLE LEABHARLANNA CHUN LEABHARLANN AIRMHEÁNACH NA hÉIREANN DO MHIC LEINN, BRONNTAS Ó IONTAOBHAS CARNEGIE, A GHLACADH, CHUN LEABHARLANN AIRMHEÁNACH D'OIBRIÚ AGUS CHUN CABHRÚ LE hÚDARÁIS ÁITIÚLA CHUN A SEIRBHÍSÍ LEABHARLAINNE D'FHEABHSÚ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [17ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo—

Iontaobhas Carnegie.

ciallaíonn an abairt “Iontaobhas Carnegie” na Carnegie United Kingdom Trustees a corpraíodh le Cairt Ríoga;

an Chomhairle.

ciallaíonn an abairt “an Chomhairle” an Chomhairle Leabharlanna a bunaítear le halt 2 den Acht seo;

údarás áitiúil.

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” (ach amháin in alt 8) comhlucht is comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh;

comhalta.

ciallaíonn an focal “comhalta”, nuair a húsáidtear é gan é a cháiliú, comhalta den Chomhairle;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

(2) Aon tagairtí san Acht seo d'achtachán arna leasú is tagairtí iad don achtachán sin arna leasú amhlaidh.

Bunú agus Feidhmeanna na Comhairle.

An Chomhairle Leabharlanna.

2. —(1) Beidh comhlucht ann dá ngairmfear an Chomhairle Leabharlanna.

(2) Is iad feidhmeanna na Comhairle glacadh leis na leabhair, an gléasra agus na sócmhainní eile sin de chuid Leabharlainne Airmheánaí na hÉireann do Mhic Léinn a thairgfeas Iontaobhas Carnegie mar bhronntas di, leabharlann airmheánach a bhunú, a chothabháil agus d'oibriú agus cabhrú le húdaráis áitiúla chun a seirbhísí leabharlainne d'fheabhsú.

(3) Beidh an Chomhairle ina comhlucht corpraithe agus síorchomharbas aici agus séala, agus beidh an dlí intsaothruithe aici agus uirthi ina hainm chorpraithe agus féadfaidh sí talamh a shealbhú.

Ráiteas ginearálta ar chríocha na leabharlainne airmheánaí.

3. —Déanfar na críocha seo a leanas d'áireamh ar chríocha na leabharlainne airmheánaí a bhunós an Chomhairle:—

(a) forlíonadh a dhéanamh ar sheirbhísí rialta leabharlainne údarás áitiúla, foras oideachais agus cumann léinn, agus ar sheirbhísí leabharlanna poiblí agus leabharlanna speisialta i gcoitinne, trí leabhair a sholáthar a bheas ag teastáil le haghaidh staidéir agus taighde;

(b) leabhair den tsórt sin a sholáthar go díreach do léitheoirí;

(c) fónamh mar mheán chun leabhair as leabharlanna poiblí agus leabharlanna speisialta a sholáthar do léitheoirí le haghaidh staidéir agus taighde;

(d) cabhrú le grúpaí comheagraithe mac léinn trí leabhair a sholáthar go díreach agus trí chomhluchta freagarthacha.

Seirbhísí leabharlanna poiblí d'fheabhsú.

4. —(1) Féadfaidh an Chomhairle dul i gcomhairle le húdaráis áitiúla agus comhairle a thabhairt dóibh i dtaobh seirbhísí leabharlanna poiblí d'fheabhsú, cabhrú leo chun na seirbhísí sin d'fheabhsú agus molta a thabhairt don Aire i dtaobh na seirbhísí sin.

(2) Is cead, má thoilíonn an tAire chuige, go mbeadh cabhair airgid ar an gcabhair dá ndéantar socrú i bhfo-alt (1) den alt seo.

(3) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, socruithe a dhéanamh le comhluchta leabharlainne eile chun leathnú a dhéanamh ar sheirbhísí leabharlainne trí chomharaíocht.

Comhaltas agus Nós Imeachta.

Comhaltas na Comhairle.

5. —(1) Beidh an Chomhairle comhdhéanta de Chathaoirleach agus dhá chomhalta dhéag eile.

(2) Déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, an Cathaoirleach a cheapadh.

(3) Ceapfaidh an tAire na comhaltaí eile mar leanas:—

(a) duine ar ainmniú ó Chomlucht Ceannais an Choláiste Ollscoile, Baile Atha Cliath,

(b) duine ar ainmniú ó Chomhlucht Ceannais an Choláiste Ollscoile, Corcaigh,

(c) duine ar ainmniú ó Chomhlucht Ceannais an Choláiste Ollscoile, Gaillimh,

(d) beirt ar ainmniú ó Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Atha Cliath,

(e) duine ar ainmniú ó Chomhairle Iontaobhaithe Leabharlainne Náisiúnta na hÉireann,

(f) triúr ar ainmniú ó Chomhairle Ghinearálta Chomhairlí Contae na hÉireann,

(g) beirt ar ainmniú ó Chomhlachas Údarás Bardasach na hÉireann,

(h) duine ar ainmniú ó chomhlachas (dá ngairmtear “comhlachas formheasta” san alt seo) arna fhormheas ag an Aire, a n-áiritear ar a chuspóirí obair leabharlanna poiblí sa Stát a chur ar aghaidh.

(4) Gach duine a ainmneos Comhairle Ghinearálta Chomhairlí Contae na hÉireann ní foláir é a bheith ina chomhalta de chomhairle chontae.

(5) Gach duine a ainmneos Comhlachas Údarás Bardasach na hÉireann ní foláir é a bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil agus ní foláir duine amháin acu ar a lagad a bheith ina chomhalta de bhardas contae-bhuirge.

(6) An duine a ainmneos comhlachas formheasta ní foláir é a bheith ina chomhalta nó ina oifigeach d'údarás áitiúil.

Comhaltaí a cheapadh agus iad a scor de bheith ina gcomhaltaí.

6. —(1) Déanfar an chéad-cheapadh comhaltaí a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith.

(2) Déanfar nua-cheapadh comhaltaí a mbeidh éifeacht aige an lú lá d'Eanáir gach cúigiú bliain tar éis na bliana a thiocfas an céad-cheapadh in éifeacht.

(3) Raghaidh na comhaltaí láithreacha as oifig nuair a ceapfar a gcomharbaí.

(4) Féadfar comhalta a bheas ag dul as oifig d'athcheapadh.

(5) Féadfaidh comhalta éirí as oifig trí litir a díreofar chun an Aire.

(6) Féadfaidh ainmneoir comhalta a iarraidh ar an Aire an comhalta a chur as oifig agus déanfaidh an tAire do réir an iarratais.

(7) Aon chomhalta nach foláir a bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Chomhairle má scoireann sé de bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil.

(8) I gcás folúntas a theacht sa Chomhairle líonfaidh an tAire é ar ainmniú ó ainmneoir an duine arb é a scor de bheith ina chomhalta faoi ndear an folúntas.

Nós imeachta naComhairle.

7. —(1) Féadfaidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntas ina comhaltas.

(2) Is é is córam do chruinniú den Chomhairle ná pé uimhir a shocrós an Chomhairle ó am go ham nó, mura mbeidh aon chóram den tsórt sin socair de thuras na huaire, cúigear.

(3) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, rialacha a dhéanamh chun a himeachta a sheoladh.

Riaradh na Comhairle.

Feidhm ag achtacháin a bhaineas le húdaráis áitiúla, etc.

8. —(1) Is tuigthe an Chomhairle a bheith, do réir bhrí agus chun críocha gach achtacháin dá sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ina húdarás áitiúil, ina comhlucht áitiúil, ina comhairle chontae nó ina comhlucht poiblí, do réir comhthéacsa an achtacháin, agus déanfar gach tagairt iontu sin d'Aire a léiriú mar thagairt don Aire.

(2) (a) I gcás na comhaltaí a chur as oifig faoi alt 44 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), mar bheirtear feidhm dó leis an Acht seo, ceapfaidh an tAire comhaltaí (dá ngairmtear comhaltaí nua san alt seo) ina n-ionad.

(b) I gcás feidhme alt 48 agus 49 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , maidir leis an gComhairle, beidh éifeacht ag na hailt sin amhail is dá mba thagairtí don cheapadh sin na tagairtí atá iontu do chomhaltaí a thoghadh i dtoghchán nua.

(3) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in alt 6 den Acht seo, ceapfar comhaltaí nua i slí go mbeidh éifeacht ag an gceapadh mar leanas:—

(a) má chríochnaíonn an tréimhse chúig bliana tar éis na comhaltaí a chur as oifig, laistigh de bhliain roimh an lú lá d'Eanáir sa bhliain inar ghá, mura mbeadh na comhaltaí sin a chur as oifig amhlaidh, comhaltaí nua a cheapadh,

(i) an lú lá d'Eanáir adúradh, nó

(ii) aon lá laistigh den tréimhse chúig bliana tar éis na comhaltaí sin a chur as oifig amhlaidh;

(b) in aon chás eile, aon lá laistigh den tréimhse chúig bliana tar éis na comhaltaí sin a chur as oifig amhlaidh.

(4) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, ní thabharfaidh cur na gcomhaltaí as oifig agus ceapadh comhaltaí nua aon athrú ar na blianta ina mbeidh aon cheapadh nua le teacht in éifeacht.

Fo-dhlithe.

9. —Is tuigthe an Chomhairle a bheith ina húdarás leabharlainne do réir bhrí agus chun críocha na bhforál den Public Libraries Act, 1901, arna leathnú agus arna oiriúnú le halt 8 den Public Libraries (Ireland) Act, 1902, a chumasaíos d'údarás leabharlainne fo-dhlithe a dhéanamh, agus a bhaineas ar shlí eile le fo-dhlithe den tsórt sin.

Foireann láithreach Leabharlainne Airmheánaí na hÉireann do Mhic Léinn.

10. —(1) Ar an mbronntas ó Iontaobhas Carnegie a ghlacadh, tiocfaidh gach duine is comhalta an uair sin d'fhoirinn Leabharlainne Airmheánaí na hÉireann do Mhic Léinn chun bheith ina chomhalta d'fhoirinn na Comhairle agus is tuigthe é a bheith arna cheapadh go cuí chun foireann na Comhairle de bhun Coda II den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) .

(2) I gcás comhalta inphinsin d'fhoirinn Leabharlainne Airmheánaí na hÉireann do Mhic Léinn a thiocfas, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo chun bheith ina oifigeach don Chomhairle, déanfar, chun críocha Coda IV cen Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , mar bheirtear feidhm di leis an Acht seo, seirbhís an duine sin mar chomhalta den fhoirinn sin d'áireamh ina seirbhís mar oifigeach don Chomhairle.

(3) (a) Chun críocha an ailt seo, is comhlucht ranníocach faoi alt 47 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925, Iontaobhas Carnegie.

(b) Má bhíonn ranníocaíocht iníoctha ag Iontaobhas Carnegie de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo i leith an duine a bhí, an 4ú lá d'Iúil, 1947, i seilbh oifige leabharlannaí do Leabharlainn Airmheánach na hÉireann do Mhic Léinn, is ranníocaíocht do réir dhá chéad agus cúig puint fhichead sa bhliain a bheas ann.

Aitribh.

11. —(1) Chun áitribh a sholáthar lena bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire,—

(a) aon talamh a cheannach nó a thógaint ar léas,

(b) áitribh a thógáil, a ghléasadh agus a chothábháil.

(2) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, aon talamh nó áitreabh a dhíol nó a ligean ar léas a bheas ina seilbh agus ná beidh ag teastáil níos sia chun feidhmeanna na Comhairle a chomhlíonadh.

Arachas.

12. —Féadfaidh an Chomhairle árachú a dhéanamh i gcoinne aon fhiontair dhamáiste dá maoin nó caillteanais dá cistí.

Bronntais.

13. —(1) Féadfaidh an Chomhairle bronntais airgid, tailimh agus maoine eile a ghlacadh ar pé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonrós an duine a bhéarfas an bronntas.

(2) Ní ghlacfaidh an Chomhairle bronntas má bhíonn na coinníollacha a chuirfeas an bronntóir ag gabháil leis ar neamhréir le feidhmeanna na Comhairle.

Séala.

14. —(1) Déanfaidh an Chomhairle séala a sholáthar agus a choimeád.

(2) Déanfar séala na Comhairle, nuair a greamófar de dhoiciméid é, a dhílse-dheimhniú le síniú an chathaoirligh nó chomhalta éigin eile ag a mbeidh údarás chuige sin ón gComhairle.

(3) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird i gcúrsaí breithiúnais ar shéala na Comhairle, agus gach doiciméid a airbheartós a bheith séalaithe le séala na Comhairle agus a bheith dílsedheimhnithe do réir an ailt seo is tuigthe, mura gcruthaítear a mhalairt, í a bheith séalaithe amhlaidh go cuí agus go dleathach agus glacfar i bhfianaise í gan a thuilleadh cruthúnais agus go sonrach, gan cruthúnas ar aon tsíniú a bheas ar an doiciméid sin chun críche an dílse-dheimhnithe sin, agus gan cruthúnas ar oifig ná ar údarás an duine a n-airbheartóidh an síniú sin gurb é a shíniú é.

Tuarascáil bhliantúil agus cuntais iniúchta.

15. —(1) Déanfaidh an Chomhairle na nithe seo a leanas gach bliain airgeadais—

(a) ullmhóidh sí tuarascáil ar a cuid oibre ar feadh na bliana airgeadais roimhe sin;

(b) bhéarfaidh sí cóip den tuarascáil don Aire;

(c) bhéarfaidh sí cóip den tuarascáil, agus de thuarascáil an iniúchóra rialtais áitiúil ar a cuntais don bhliain airgeadais sin roimhe sin, do gach ainmneoir comhalta agus do gach údarás áitiúil a mbeidh ceangal orthu, faoi alt 17 den Acht seo, ranníoc a dhéanamh i leith costas na Comhairle don bhlian airgeadais sin roimhe sin.

(2) Déanfaidh an tAire cóip de thuarascáil na Comhairle agus de thuarascáil an iniúchóra rialtais áitiúil a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Forála Airgeadais.

Deontais don Chomhairle chun cabhair airgid a thabhairt d'údaráis áitiúla.

16. —Féadfar, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas agus do réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, deontais d'íoc leis an gComhairle de pé méid a cheadós an tAire, chun a chumasú don Chomhairle cabhair airgid a sholáthar d'údaráis áitiúla lena seirbhísí leabharlainne d'fheabhsú.

Costais na Comhairle.

17. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le costais na Comhairle, gan aon chabhair airgid d'údaráis áitiúla d'áireamh:—

(a) sa bhliain airgeadais atá ann le linn an Achta seo a rith agus i ngach bliain airgeadais dá éis sin, féadfar as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, deontais d'íoc leis an gComhairle de pé méid a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, i leith na gcostas sin don bhliain airgeadais sin, ach gan iomlán na ndeontas sin a dhul thar dhá mhíle agus cúig chéad punt nó leath na gcostas sin, pé acu sin is lú,

(b) déanfar an méid de na costais sin ná déantar socrú ina gcóir faoi mhír (a) den fho-alt seo nó ar shlí eile d'aisíoc leis an gComhairle ó na comhairlí contae agus na bardais chontae-bhuirge uile agus faoi seach do réir luachál inrátuithe a líomatáistí feidhmiúcháin faoi seach,

(c) déanfar aon mhéid a bheas le haisíoc amhlaidh a mhuirearú mar mhuirear a ndeachaigh an t-údarás áitiúil faoi mar údarás leabharlainne faoi na Public Libraries (Ireland) Acts, 1855 to 1911, arna leasú le halt 65 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) .

(2) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, pé suimeanna a theastós uaithi le haghaidh caiteachais reatha d'fháil ar iasacht go sealadach trí shocrú le bancaeirí.

Costais an Aire.

18. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholathrós an tOireachtas.

Alt 89 den Acht Rialtais, Áitiúil, 1941, d'athghairm.

19. —Athghairmtear leis seo alt 89 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ).

Gearrtheideal agus comhlua.

20. —(1) Féadfar an tAcht Leabharlanna Poiblí, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Leabharlanna Poiblí, 1855 go 1947, a ghairm de na Public Libraries (Ireland) Acts, 1855 to 1911, d'ailt 65 agus 66 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , agus den Acht seo le chéile.