37 1947


Uimhir 37 de 1947.


AN tACHT UM LOINGEAS ÉIREANN TEORANTA, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ATHACHTÚ FORÁL ÁIRITHE MAIDIR LE LOINGEAS ÉIREANN TEORANTA A RINNEADH LE hORDUITHE FAOI NA hACHTA CUMHACHTA PRÁINNE, 1939 GO 1945, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE EILE MAIDIR LE LOINGEAS ÉIREANN TEORANTA. [10ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

an Chuideachta.

ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” Loingeas Éireann Teoranta;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais.

Caipiteal na Cuideachtan a mhéadú.

2. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, nó i meabhrán nó airteagail chomhlachais na Cuideachtan, féadfaidh an Chuideachta a gcaipiteal a mhéadú go dtí suim iomlán nach mó ná £5,000,000, agus chuige sin féadfaid, faoi réir forál an Achta seo, pé athruithe is iomchuí a dhéanamh ar a meabhrán agus a n-airteagail chomhlachais.

(2) Chun aon athruithe a dhéanamh ar airteagail chomhlachais na Cuideachtan a húdaraítear leis an alt seo, léireofar alt 13 den Companies (Consolidation) Act, 1908, amhail is dá gcuirtí na focail “extraordinary resolution” in ionad na bhfocal “special resolution” sa chéad áit ina bhfuil na focail deiridh sin.

(3) Gach athrú ar mheabhrán comhlachais na Cuideachtan a húdaraítear leis an alt seo, déanfar é trí rún neamhghnáthach, mar mínítear sin le halt 69 den Companies (Consolidation) Act, 1908, agus i dteannta alt 70 den Acht sin a chomhlíonadh maidir le haon athrú den tsórt sin, déanfaidh an Chuideachta, laistigh den am a luaitear san alt sin 70, cóip chlóbhuailte den mheabhrán arna athrú a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtan agus cláróidh an cláraitheoir é agus deimhneoidh an clárú faoina láimh, agus beidh an deimhniú ina fhianaise dhochlaíte gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta sin, arna leasú leis an alt seo, maidir leis an athrú, agus uaidh sin amach is é an meabhrán arna athrú meabhrán na Cuideachtan.

An tAire do thógaint scaireanna.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, scaireanna sa Chuideachta a thógaint trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir.

(2) Féadfaidh an tAire, faoi réir pé coinníoll is oiriúnach leis agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála a chomhaontú leis an gCuideachta go ndéanfaidh sé féin, mura dtóga an pobal, laistigh d'aimsir shonraithe, scaireanna sa Chuideachta a beifear ar tí a thairiscint chun a suibscríofa, na scaireanna sin nó cionúireacht shonraithe dhíobh a thógaint agus íoc astu.

(3) Aon airgead a theastós ón Aire chun críocha an ailt seo airleacfar é as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

An tAire do shealbhú scaireanna.

4. —Féadfaidh an tAire aon scaireanna sa Chuideachta a shealbhú a bheas sé tar éis a thógaint faoin Acht seo nó a shealbhaigh sé díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

Díbhinní, etc., as scaireanna a bheas ag an Aire a dhiúscairt.

5. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste aon díbhinní, bónas agus airgead eile a gheobhaidh an tAire i leith scaireanna a bheas aige sa Chuideachta.

An tAire d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna.

6. —Má bhíonn scaireanna ag an Aire sa Chuideachta, féadfaidh sé ceart nó cumhacht d'fheidhmiú is infheidhmithe ag sealbhóir na scaireanna agus, i gcás an ceart nó an chumhacht a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh an tAire, más cuí leis, an ceart nó an chumhacht d'fheidhmiú trína aturnae.

An tAire do dhíol scaireanna.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, scaireanna a bheas ag an Aire sa Chuideachta a dhíol.

(2) Má dhíolann an tAire scaireanna sa Chuideachta déanfar glan-toradh an díola d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste.

Srian le scaireanna d'eisiúint.

8. —Ní déanfar scaireanna sa Chuideachta d'eisiúint mura n-údaraí an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, iad d'eisiúint.

An tAire do ráthú iasacht.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, a ráthú, i pé foirm agus slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí bunairgead aon iasachta a gheobhaidh an Chuideachta le toiliú an Aire nó go n-íocfar an t-ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an bunairgead sin agus go n-íocfar an t-ús sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo d'fheidhmiú i slí gur mó ná £2,000,000 iomlán nó comhiomlán, an bhunairgid a dhlífeas sé d'aisíoc aon tráth áirithe ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíocht faoin alt seo a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maraon le méid an bhunairgid (más ann) a bheas íoctha ag an Aire roimhe sin ar scór aon ráthaíocht faoin alt seo agus ná beidh aisíoctha.

(3) I gcás ina dtabharfar, nó inar tugadh, ráthaíocht faoin alt seo, bhéarfaidh an Chuideachta, má fhoréilíonn an tAire é, pé urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúirí) a sonrófar sa bhforéileamh chun aisíoc aon airgid d'urrú don Aire a dhlífeas sé d'íoc nó a bheas íoctha aige faoin ráthaíocht.

(4) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina luafaidh, maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin,

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás an tAire a bheith tar éis aon íocaíocht a dhéanamh faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a haisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid a mbeadh an tAire, dá bhforfheidhmítí an ráthaíocht díreach ar an mbliain sin a bheith caite, faoi dhliteanas ina leith mar phríomhaí faoin ráthaíocht.

(5) Aon airgead is gá don Aire d'íoc faoi ráthaíocht faoin alt seo airleacfar é as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(6) Aon airgead a íocfas an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo aisíocfaidh an Chuideachta leis an Aire é (fara ús do réirpé rátaí a cheapfas an tAire) laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an airleacain.

(7) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir, nó aon chuid d'airgead, a hairleacadh faoi fho-alt (5) den alt seo gan aisíos leis an Aire do réir fo-ailt (6) den alt seo, déanfar an méid a bheac gan íoc amhlaidh d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun suim d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus déanfaidh an Chuideachta an tsuim sin (fara ús do réir pé rátaí a cheapfas an tAire) d'aisíoc leis an Aire pé trátha agus i pé tráthchoda a cheapfas an tAire agus, mura n-aisíoctar í mar adúradh agus gan dochar d'aon mhodh aisgabhála eile, féadfar í d'aisgabháil mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) Aon airgead a aisíocfas an Chuideachta leis an Aire nó a aisgabhfas an tAire on gCuideachta faoin alt seo, íocfar isteach sa Stát-Chisté nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é.

Cúnamh airgid.

10. —(1) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtala, le toiliú an Aire, cúnaimh airgid d'íoc leis an gCuideachta ar pé téarmaí agus faoi réir pé coinníoll is oiriúnach leis.

(2) Aon airgead a theastós ón Aire Tionscail agus Tráchtála chun cúnaimh airgid d'íoc faoin alt seo íocfar é as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Srian le meabhrán nó airteagail chomhlachais d'athrú.

11. —D'ainneoin aon ní sna hAchta Cuideachtan, 1908 to 1924, ní bheidh aon athrú ar mheabhrán nó airteagail chomhlachais na Cuideachtan bailí ná éifeachtúil mura n-aontaí an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, leis an athrú sar a ndéantar é.

An tAire d'fháil airgid ar iasacht.

12. —(1) Chun airgead a sholáthar i gcóir airleacan as an bPríomh-Chiste faoin Acht seo, féadfaidh an tAire aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun críche na hiasachta sin féadfaidh sé urrúis a chruthnú agus d'eisiúint ar pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheobhaidh ar iasacht amhlaidh.

(2) Déanfar bunairgead agus ús aon urrús a heiseofar faoin alt seo agus na costais faoina raghfar maidir le heisiúint na n-urrús sin a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beid iníoctha as an gcéanna.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

13. —(1) Féadfar an tAcht um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.