An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Dleachta Stampa.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Biotaille (Ratai Gnathdhleachta Custam).)

33 1947

AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1947

CUID IV.

Ginearalta.

Airgead d'aistriú as an Ród-Chiste chun an Stát-Chiste.

14. —D'fhonn airgead a sholáthar le haghaidh muirear ginearálta a thitfeas ar an bPríomh-Chiste, déanfar suim dhá chéad míle punt d'aistriú agus d'íoc as an Ród-Chiste isteach sa Stát-Chiste pé tráth nó trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1948, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais.

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

15. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile (ach amháin na dleachta máil ar fheithiclí inneallghluaiste) a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal agus léiriú.

16. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Léireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Léireofar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, i dteannta na reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.