An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1947) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mal.)

33 1947

AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1947

CUID I.

Cain Ioncaim.

Ashbaint chánach ioncaim tar éis an 5ú Aibreán, 1948.

1. —(1) Gach suim a híocfar nó a hasbhainfear i leith cánach ioncaim laistigh de dhá mhí tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1948, agus arb é amháin a bheas inti íocaíocht nó asbhaint arna déanamh de bhuaidh ailt 6 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927) , i leith cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948, ríomhfar í do réir seacht scillinge sa phunt, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt sin 6 maidir léi amhail is dá mba é an ráta sin an ráta caighdeánach cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947.

(2)i Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach suim a híocfar nó a hasbhainfear i leith cánach ioncaim laistgh de dhá mhí tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1948, agus arb é a bheas i gcuid di íocaíocht nó asbhaint arna déanamh i leith cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947, agus arb é a bheas sa chuid eile dhi íocaíocht nó asbhaint arna déanamh, de bhuaidh ailt 6 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927) , i leith cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948, is é sin le rá:—

(a) déanfar an méid den tsuim sin ar íocaíocht nó asbhaint é i leith cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947, a ríomh do réir sé scillinge agus réal sa phunt, is é sin, an ráta caighdeánach cánach ioncaim don bhliain sin;

(b) déanfar an méid den tsuim sin ar íocaíocht nó asbhaint é, arna déanamh de bhuaidh an ailt sin 6, i leith cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948, a ríomh do réir seacht scillinge sa phunt, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt sin 6 maidir leis amhail is dá mba é an ráta sin an ráta caighdeánach cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947.

Forcháin in aghaidh na mblian 1946-47 agus 1947-48.

2. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in alt 1 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), déanfar forcháin in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, d'éileamh, i leith ioncaim aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus éileofar amhlaidh é do réir na rátaí seo a leanas in ionad na rátaí dá dtagartar san alt sin 1, is é sin le rá:—

I leith an chéad mhíle agus cúig chéad punt den

ioncam     ..     ..     ..     ..     ..     ..

Dada

I leith aon bhreise ar mhíle agus cúig chéad

punt

ar gach punt den chéad chúig chéad punt

den bhreis     ..     ..     ..     ..

Naoi bpingne

ar gach punt den chéad mhíle punt ina

dhiaidh sin den bhreis     ..     ..     ..

Scilling agus sé pingne

ar gach punt den chéad mhíle punt ina

dhiaidh sin den bhreis     ..     ..     ..

Trí scillinge

ar gach punt den chéad mhíle punt ina

dhiaidh sin den bhreis     ..     ..

Ceithre scillinge

ar gach punt den chéad mhíle punt ina

dhiaidh sin den bhreis     ..     ..

Cúig scillinge

ar gach punt den chéad dá mhíle punt

ina dhiaidh sin den bhreis     ..     ..

Sé scillinge

ar gach punt den chéad dá mhíle punt

ina dhiaidh sin den bhreis     ..     ..

Seacht scillinge agus sé pingne

ar gach punt den chéad deich míle punt

ina dhiaidh sin den bhreis     ..     ..

Ocht scillinge

ar gach punt d'fhuílleach na breise     ..

Ocht scillinge agus sé pingne

(2) Beidh éifeacht, faoi réir forál an ailt seo, ag alt 3 den Acht Airgeadais, 1928 (Uimh. 11 de 1928) , maidir leis an bhforcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946.

(3) An tsuim is iníoctha de bhuaidh aon mheisiúnuithe a rinneadh an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó roimhe sin, i leith forchánach don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, agus lena mbaineann aon cheann de na forála sin roimhe seo den alt seo, is tuigthe, de bhuaidh an ailt seo agus gan a thuilleadh, í a bheith arna hathrú i slí a bhéarfas éifeacht don méid de na forála sin is infheidhme.

(4) Beidh éifeacht, faoi réir forál an ailt seo, ag alt 1 den Acht Airgeadais, 1947 ( Uimh. 15 de 1947 ).