32 1947


Uimhir 32 de 1947.


AN tACHT BEODHÍLE (INTSEAMHNÚ SAORGA), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH RIALUITHE MAIDIR LE hINTSEAMHNÚ SAORGA AR EALLACH, CAOIRIGH, GABHAIR, MUCA AGUS CAPAILL. [2ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

oifigeach. údaraithe.

ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh ag an Aire ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;

ceadúnas

ciallaíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas faoi alt 7 den Acht seo;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo.

2. —Baineann an tAcht seo le heallach, caoirigh, gabhair, muca agus capaill.

Rialacháin chun intseamhnú saorga a rialú.

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun hintseamhnú saorga ar ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo a rialú agus, go háirithe, chun toirmeasc a chur le himdháil agus díol seamhna ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais.

(2) Féadfar feidhm a thabhairt do rialacháin faoin alt seo maidir leis na hainmhithe go léir lena mbaineann an tAcht seo nó maidir le cuid acu.

Onnmhuiriú seamhna.

4. —Ní onnmhuireoidh duine ar bith seamhan ainmhí lena mbaineann an tAcht seo ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais.

Allmhuiriú seamhna.

5. —Ní allmhuireoidh duine ar bith seamhan ainmhí lena mbaineann an tAcht seo ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais.

Seamhan a hallmhuireofar ar eadarthuras d'eisceadh.

6. —Ní bhaineann ailt 4 agus 5 den Acht seo le seamhan ná hallmhuireofar ach ar eadarthuras chun a honnmhuirithe dá chionn sin.

Ceadúnais.

7. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnais d'eisiúint chun críocha an Achta seo.

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis a chur le ceadúnas.

(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas a chúlghairm tráth ar bith.

Cumhachta oifigeach údaraithe

8. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe dul isteach gach tráth réasúnach—

(a) in áitreabh a bheas á áitiú ag sealbhóir ceadúnais agus a bheas á úsáid chun nó i leith aon chríche dá mbeidh údaraithe leis an gceadúnas,

(b) in áitreabh ina ndéantar intseamhnú saorga ar ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo,

(c) in áitreabh a mbeidh cúis réasúnach amhrais aige go bhfuil nó go raibh an tAcht seo á shárú ann nó i ndáil leis.

(2) Féadfaidh oifigeach údaraithe iniúchadh a dhéanamh ar áitreabh lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo agus ar ainmhithe agus earraí ann agus pé tástála nó fiosruithe eile a dhéanamh is cuí leis chun a fháil amach an bhfuil an tAcht seo agus na rialacháin faoi agus coinníollacha aon cheadúnais á gcomhlíonadh, agus féadfaidh, chun críocha aon tástála nó fiosruithe don tsórt sin, a cheangal ar áititheoir an áitribh pé saoráidí, cabhair agus eolas a thabhairt a bheas ar a chumas.

(3) Ar oifigeach údaraithe dá iarraidh sin, bhéarfaidh sealbhóir ceadúnais a cheadúnas ar aird chun a iniúchta ag an oifigeach sin.

Cionta.

9. —Má sháraíonn duine ar bith nó mura gcomhlíonfaidh sé aon fhoráil den Acht seo nó de rialacháin faoi nó aon choinníoll ar faoina réir a heisíodh ceadúnas, nó má bhacann sé duine ar bith agus an duine sin ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó leis an Acht seo nó má dhiúltaíonn sé aon tsaoráidí, cabhair no eolas a thabhairt d'aon duine den tsórt sin a ceanglófar air a thabhairt, beidh sé, i dteannta aon phionóis eile is inchurtha air, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí in ionad nó i dteannta na fíneála sin.

Rialacháin a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

10. —Gach rialachán a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh, den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a chur faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Costais.

11. —Na costais faoine raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

12. —Féadfar an tAcht Beodhíle (Intseamhnú Saorga), 1947 , a ghairm den Acht seo.