Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Dailcheantair.)

31 1947


Uimhir 31 de 1947.


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO SHOCRÚ LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN AGUS D'ATHMHEAS A nDÁILCHEANTAR AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN. [27ú Samhain, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) .

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2. —Céad agus Seacht gcomhalta Ceathrachad an líon comhaltaí a bheas i nDáil Éireann.

Dáilcheantair.

3. —(1) Beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantair a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Aon dáilcheantar a sonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is dáilcheantar buirge é agus aon dáilcheantar a sonraítear i gCuid II dhe sin is dáilcheantar contae é.

(3) Aon líomatáiste a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is tuigthe gurb é an líomatáiste sin é mar bhí an lú lá d'Eanáir, 1947, ach má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantair ina bhfuil baile fearainn nó líomatáiste is lú ná baile fearainn, cinnfidh an tAire an t-amhras.

(4) Sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht—

(a) déanfar tagairt do líne arna tarraing feadh aon bhóthair, sráide nó iarnróid a léiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt do líne arna tarraing feadh lár an bhóthair, na sráide nó an iarnróid sin,

(b) déanfar tagairt do phointe mar a ndéanann aon bhóthar nó sráid trasghearradh, gearradh, teaghmháil, táthú, trasnú nó breith ar aon bhóthar nó sráid, nó mar a ndealaíonn nó a scarann leis, a léiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don phointe mar a ndéanfadh líne arna tarraing feadh láir cheann acu trasghearradh ar líne arna tarraing feadh láir an chinn eile dá bhfaidítí na línte sin.

An lion comhaltaí a toghfar do dháilcheantar.

4. —Toghfar do dháilcheantar a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

An Ceann Comhairle a bheas ag dul as oifig d'atoghadh.

5. —Chun críocha míre (b) d'alt 3 den Acht Toghcháin (Ceann Comhairle Dháil Éireann), 1937 (Uimh. 25 de 1937) , dearbhaítear leis seo dáilcheantar na Gaillimhe Theas, a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a bheith ar comhréir le dáilcheantar na Gaillimhe Thoir, a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht Toghcháin (Dáilcheantair d'Athchóiriú), 1935 (Uimh. 5 de 1935) .

Leathanach teidil liostaí de thoghthóirí, etc.

6. —(1) Ar leathanach teidil gach liosta de thoghthóirí, gach liosta d'éilitheoirí, gach liosta d'agóidí agus gach cláir de thoghthóirí, a hullmhófar, faoin gCéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht tar éis an tAcht seo a rith agus roimh an lán-scor ar an Oireachtas is túisce a thiocfas tar éis an tAcht seo a rith, le haghaidh aonaid chláraitheachta i ndáilcheantar atá ann le linn an tAcht seo a rith agus nach ionann achar agus ainm dó agus do dháilcheantar a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, taispeánfar ann ainm an dáilcheantair a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo arb é an dáilcheantar é a mbeidh an t-aonad cláraitheachta sin ann chomh maith le hainm an dáilcheantair láithrigh sin a bhfuil sé ann le linn an tAcht seo a rith.

(2) I gcás nach ionann achar agus ainm do dháilcheantar atá ann le linn an tAcht seo a rith agus do dháilcheantar a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ullmhófar liosta de phost-vótálaithe i leith an dáilcheantair a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith agus is in ord aibítre ainmneacha a bheas an liosta sin agus í uimhrithe as a chéile.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an Acht seo a rith.

Cinn chomhairimh agus cinn chomhairimh chúnta.

7. —(1) Is é is ceann comhairimh do dháilcheantar a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo—

(a) is gcás ina bhfuil an dáilcheantar go léir i gcontae nó i gcontae-bhuirg a bhfuil sirriam ann di—an sirriam,

(b) i gcás ina bhfuil an dáilcheantar go léir i gcontae a bhfuil fo-shirriam ann di—an fo-shirriam,

(c) i gcás ina bhfuil cuid den dáilcheantar i gcontae-bhuirg agus cuid de i gcontae agus go bhfuil sirriam nó fo-shirriam ann don chontae-bhuirg agus sirriam nó fo-shirriam ann don chontae-an sirriam nó an fo-shirriam don chontae-bhuirg nó an sirriam nó an fo-shirriam don chontae do réir mar cheapfas an tAire le hordú ó am go ham,

(d) in aon chás eile—an cláraitheoir contae nó, i gcás ina bhfuil cláraitheoir contae ann do chuid amháin den dáilcheantar agus cláraitheoir contae eile ann do chuid eile dhe, pé duine de na cláraitheoirí contae sin a cheapfas an tAire le hordú ó am go ham.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, is é is ceann comhairimh do dháilcheantair bhuirge Bhaile Atha Cliath Theas (Thoir) agus Bhaile Atha Cliath Theas (Thiar) a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ná, an fhaid a leanfas an duine is fo-shirriam, le linn an tAcht seo a rith, do chontae Bhaile Atha Cliath de bheith i seilbh na hoifige sin, an fo-shirriam sin.

(3) Féadfaidh cláraitheoir contae, sirriam nó fo-shirriam contae arb é an ceann comhairimh é do dháilcheantar a bhfuil cuid de sa chontae sin agus an chuid eile dhe i gcontae eile nó i gcontaebhuirg, nó féadfaidh cláraitheoir contae, sirriam nó fo-shirriam contae-bhuirge arb é an ceann comhairimh é do dháilcheantar a bhfuil cuid de sa chontae-bhuirg sin agus cuid eile dhe i gcontae, an t-oifigeach iomchuí a cheapadh, agus ceapfaidh é, más gá sin dó, chun bheith ina cheann comhairimh cúnta don chuid eile sin den dáilcheantar.

Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn an abairt “an t-oifigeach iomchuí”—

(a) i gcás ina bhfuil sirriam nó fo-shirriam ann don chuid eile sin den dáilcheantar—an sirriam nó an fo-shirriam sin,

(b) in aon chás eile—an cláraitheoir contae don chuid eile sin den dáilcheantar.

(4) Is iad dualgais a bheas ar cheann comhairimh cúnta go gcomhlíonfaidh, sa chuid den dáilcheantar dar ceapadh é, na dualgais sin de chuid an chinn chomhairimh don dáilcheantar ná fuil ceangal dlí ar an gceann comhairimh iad a chomlíonadh i bpearsain, ach má éiríonn aon amhras i dtaobh dualgas cinn chomhairimh chúnta, cinnfidh an tAire an t-amhras.

Athghairm

8. —Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid atá leagtha amach sa tríú colún den Sceideal sin.

Tosach feidhme.

9. —Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht seo, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh díreach ar an lán-scor ar Dháil Éireann is túisce a thiocfas tar éis an tAcht seo a rith.

Gearrtheideal, léiriú agus comhlua

10. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Léireofar mar aon Acht amháin na hAchta Toghcháin, 1923 go 1946, agus an tAcht seo.

(3) Féadfar na hAchta Toghcháin, 1923 go 1947, a ghairm de na hAchta Toghcháin, 1923 go 1946, agus den Acht seo le chéile.