30 1947


Uimhir 30 de 1947.


AN tACHT UM CHÚITEAMH STÁT-SHEIRBHÍSE (OIFIGIGH AISTRITHE) (LEASÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM CHÚITEAMH STÁT-SHEIRBHÍSE (OIFIGIGH AISTRITHE), 1929 .

[26ú Samhain, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

Na Rialacháin bhónais.

ciallaíonn an abairt “na Rialacháin bhónais” na Rialacháin Stát-Sheirbhíse (Bónas a Dhéanamh Seasmhach), 1940 go 1945;

Ordú 1940.

ciallaíonn an abairt “Ordú 1940” an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 30), 1940 (R. & O.R., Uimh. 176 de 1940);

An Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 (Uimh. 36 de 1929) ,

Rialacháin 1947.

ciallaíonn an abairt “Rialacháin 1947” na Rialacháin Stát-Sheirbhíse (Luach Saothair), 1947 (R. & O.R., Uimh. 182 de 1947);

na hAchta Aoisliúntas.

ciallaíonn an abairt “na hAchta Aoisliúntas” na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1947.

oifigeach aistrithe.

tá leis an abairt “oifigeach aistrithe” an bhrí atá léi sa Phríomh-Acht.

Srian le hoibriú ailt 14 den Phríomh-Acht.

2. —Chun críocha an Phríomh-Achta, aon athrú a rinneadh ar choinníollacha fostaíochta Stát-Sheirbhíseach trí aon ní nó nithe acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) oibriú Orduithe 1940,

(b) oibriú, na Rialachán bónais,

(c) oibriú Rialachán 1947,

(d) an méadú, sa tréimhse dar thosach an 26ú lá de Bhealtaine 1941, agus dar chríoch an 12ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, ar uaire oibre Stát-Sheirbhíseach,

ní bheidh sé ná ní raibh riamh—

(i) ina athrú trína ndearnadh staid oifigigh aistrithe d'athrú go mór chun dochair dó do réir bhrí fo-ailt (2) d'alt 14 den Phríomh-Acht, ná

(ii) ina athrú trína ndearnadh staid oifigigh aistrithe i ngrád nó i bpost áirithe d'athrú go mór chun dochair dó do réir bhrí fo-ailt (3) den alt sin 14.

Srianta le héilithe ar chúiteamh i leith dámhachtan faoi na hAchta Aoisliúntas.

3. —(1) Ní luífidh aon éileamh ar chúiteamh faoin bPríomh-Acht i leith aon dámhachtana a tugadh, faoi na hAchta Aoisliúntas, d'oifigeach aistrithe nó ina leith má rinneadh difir do mhéid na dámhachtana sin—

(a) trí oibriú na Rialachán bónais, nó

(b) trí aon choigeartú a rinneadh ar an dámhachtain de bhun an Orduithe Chumhachta Práinne (Uimh. 354), 1945 (R. & O.R., Uimh. 29 de 1945 ), nó de bhun an Achta Aoisliúntas, 1947 .

(2) Ní luífidh aon éileamh ar chúiteamh faoin bPríomh-Acht i leith aon dámhachtana a tugadh, faoi na hAchta Aoisliúntas, d'oifigeach aistrithe nó ina leith agus a bunaíodh ar luach saothair nár lú ná an luach saothair dá bhforáltar agus ag á bhfuil feidhm faoi Rialacháin, 1947.

(3) Ní luífidh aon éileamh, arna bhunú ar oibriú Orduithe 1940, ar chúiteamh faoin bPríomh-Acht, i leith aon dámhachtana a tugadh, faoi na hAchta Aoisliúntas, d'oifigeach aistrithe nó ina leith.

Feidhm a bheith ag an Acht seo maidir le halt 14 den Phríomh-Acht.

4. —Ní léireofar an tAcht seo mar ní a dhéanas aon athrú den tsaghas a luaitear in alt 14 den Phríomh-Acht ar choinníollacha fostaíochta oifigigh aistrithe.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe) (Leasú), 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe) (Leasú), 1929 go 1947, a ghairm de na h Achta um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 agus 1930, agus den Acht seo le chéile.