An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Galar Aicideach agus Foiriciu.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Forála Fo-ghabhálacha.)

28 1947

AN tACHT SLÁINTE, 1947

Caibidil II.

Daoine agus earraí seadacha.

Forchúraim atá le glacadh ag daoine seadacha.

46. —(1) Aon duine ar feasach dó é féin a bheith seadach, déanfaidh sé, i dteannta na bhforchúram dá bhforáltar go sonrach leis an Acht seo nó faoi, gach forchúram réasúnach a ghlacadh chun ná foiriceoidh sé daoine eile le seadra.

(2) Aon duine ar a mbeidh cúram duine eile agus ar feasach dó, nó a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, an duine eile sin a bheith seadach, déanfaidh sé, i dteannta aon fhorchúram dá bhforáltar go sonrach leis an Acht seo nó faoi, gach forchúram réasúnach eile a ghlacadh chun ná foiriceoidh an duine eile sin daoine eile le seadra.

(3) Is tuigthe go críochnaitheach cúis a bheith ag duine chun a chreidiúint é féin nó duine ar bith eile a bheith seadach má chuireann dochtúir oifigiúil sláinte nó cigire sláinte sin in iúl dó.

(4) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

Forchúraim atá le glacach maidir le hearraí seadacha.

47. —(1) I dteannta aon fhorchúraim a ghlacadh dá bhforáltar go sonrach leis an Acht seo nó faoi, glacfaidh duine gach forchúram réasúnach eile chun cosc a chur le húsáid nó nochtadh aon earra, ar a urlámhas nó ar urlámhas duine faoina chúram, a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint í a bheith seadach i slí a chuirfeadh daoine eile, nó earraí le daoine eile, i gcontúirt a bhfoiricithe le seadra.

(2) I dteannta aon fhorchúraim a ghlacadh a hordófar i rialacháin faoi alt 49 den Acht seo, glacfaidh duine gach forchúram réasúnach eile chun cosc a chur le héinne ar fostú aige d'úsáid nó do nochtadh aon earra a mbeidh cúis réasúnach ag an duine sin chun a chreidiúint í a bheith seadach i slí a chuirfeadh daoine eile, nó earraí le daoine eile, i gcontúirt a bhfoiricithe le seadra.

(3) Is tuigthe go críochnaitheach cúis a bheith ag duine chun a chreidiúint earra a bheith seadach má chuireann dochtúir oifigiúil sláinte nó cigire sláinte sin in iúl dó.

(4) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcoin faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

Toirmeasc ar leanbh seadach d'fhreastal scoile.

48. —(1) I gcás ina bhfaighfidh dochtúir oifigiúil ceantair fios ar leanbh a mbeidh cónaí air ina cheantar a bheith seadach, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil sa tslí ordaithe ar thuiste an linbh á thoirmeasc an leanbh d'fhreastal aon scoile go dtí go dtabharfaidh an dochtúir oifigiúil ceantair sin deimhniú (ná gearrfar aon mhuirear ina leith) á dheimhniú go bhfuil an leanbh i dtreo chun scoil d'fhreastal.

(2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar thuiste linbh agus ina gcuirfidh an tuiste sin an leanbh go dtí aon scoil nó ina gceadóidh don leanbh aon scoil d'fhreastal i rith na tréimhse idir dháta an fhógra a sheirbheáil agus dáta an deimhnithe dá dtagartar sa bhfo-alt sin a thabhairt, beidh an tuiste sin ciontach i gcoin faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig punt a chur air.

Rialacháin chun cosc a chur le foiriciú a leathadh.

49. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú forchúram a bheas le glacadh ag dílseánaigh aon tsaghais bhunaíochta agus ag na daoine a bheas ag obair ann más é tuairim an Aire go bhfuil contúirt speisialta ann go leathnóidh foiriciú daoine agus earrai ón mbunaíocht sin.

(2) Ní bheidh i rialacháin a déanfar faoin alt seo aon fhoráil chun daoine a ghlanadh ná a dhífhoiriciú go héigeanta.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh chun oifigigh don Aire, agus údaráis sláinte agus a n-oifigigh, d'fhorfheidhmiú agus d'fhorghníomhú na rialachán sin agus féadfaid freisin, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, socrú a dhéanamh chun oifigigh d'údaráis sláintíochta dá bhforfheidhmiú agus dá bhforghníomhú.

(4) Duine ar bith a shárós rialachán faoin alt seo nó a bhacfas go toiliúil forghníomhú rialacháin faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Údaráis sláinte do dhéanamh socruithe chun daoine, foirgintí etc., seadacha a dhífhoiriciú.

50. —(1) Déanfaidh údarás sláinte socruithe chun dífhoiriciú a dhéanamh—

(a) ar dhuine éatach seadach, ar é dá iarraidh sin;

(b) ar leanbh seadach, ar a thuiste dá iarraidh sin nó do thoiliú leis;

(c) ar fhoirgint nó déanmhas seadach ina líomatáiste feidhme, ar áititheoir na foirginte nó an déanmhais sin dá iarraidh sin, nó

(d) ar fheithicil, árthach, aerárthach nó earra sheadach ina líomatáiste feidhme, ar únaer na feithicle, an árthaigh, an aeráthaigh nó hearra sin dá iarraidh sin nó ar a ghníomhaire dá iarraidh sin.

(2) Ní déanfar dífhoiriciú ar bhaineannaigh faoin alt seo ach amháin ag dochtúir leighis cláraithe, nó ag bean a bheas údaraithe go cuí ag príomh-dhochtúir oifigiúil an údaráis sláinte.

(3) D'ainneoin forál ailt 51 den Acht seo ní gearrfar aon mhuirear i leith dífhoiricithe a déanfar ar dhuine nó ar a éadaí faoin alt seo.