|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Forais.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Galar Aicideach agus Foiriciu.) |
AN tACHT SLÁINTE, 1947
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Seirbhis Mhathar agus Linbh. | |
[EN] |
Sláinte ban a chaomhnadh ó thaobh máithreachta. |
21. —Déanfaidh údarás sláinte, do réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 28 den Acht seo, socruithe chun sláinte ban a chaomhnadh ó thaobh máithreachta agus chun teagasc a thabhairt dóibh ina thaobh sin. |
[EN] |
Aire a thabhairt do shláinte leanaí nach daltaí scoile. |
22. —Déanfaidh údarás sláinte, do réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 28 den Acht seo, na nithe seo a leanas, maidir le leanaí ina líomatáiste feidhme nach daltaí d'aon scoil— |
[EN] | (a) iad a chaomhnadh agus a fheabhsú ó thaobh sláinte agus coirp; | |
[EN] | (b) socrú chun scrúdú dochtúra a dhéanamh orthu i scoileanna nó in áiteanna eile; | |
[EN] | (c) socrú chun teagasc a thabhairt dóibh ar chúrsaí sláinte; | |
[EN] | (d) socrú chun a dtinnis agus a n-éislinní a chóireáil; | |
[EN] | (e) cásanna easláine meabhrach a fhionnachtain. | |
[EN] |
Aire a thabhairt o shláinte daltaí scoile. |
23. —(1) Déanfaidh údarás sláinte, do réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 28 den Acht seo, na nithe seo a leanas, maidir le daltaí gach scoile ina líomatáiste feidhme lena mbaineann an t-alt seo— |
[EN] | (a) iad a chaomhnadh agus a fheabhsú ó thaobh sláinte agus coirp; | |
[EN] | (b) socrú chun scrúdú dochtúra a dhéanamh orthu sa scoil nó in áit eile; | |
[EN] | (c) socrú chun teagasc a thabhairt dóibh ar chúrsaí sláinte; | |
[EN] | (d) socrú chun a dtinnis agus a n-éislinní a chóireáil; | |
[EN] | (e) cásanna easláine meabhrach a fhionnachtain. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le gach scoil náisiúnta agus le gach scoil lena mbainfidh ordú faoi fho-alt (3) den alt seo. | |
[EN] | (3) Aon uair nach deimhin leis an Aire gur leor an socrú in aon scoil áirithe, seachas scoil náisiúnta, le haghaidh na nithe a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé, le hordú, feidhm a thabhairt don alt seo maidir leis an scoil sin. | |
[EN] | (4) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (3) den alt seo an scoil lena mbainfidh sé a shaoradh ó dhliteanas maidir le haisíoc costas faoina ndeachaigh údarás sláinte. | |
[EN] | (5) (a) Baineann an fo-alt seo— | |
[EN] | (i) le scoil a mbeidh ordú faoi fho-alt (3) den alt seo déanta ina taobh, agus | |
[EN] | (ii) le scoil náisiúnta is scoil dheimhnithe. | |
[EN] | (b) Faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, aisíocfar le húdarás sláinte aon chostais faoina ndeachaigh an t-údarás sláinte sin chun cóireáil, íceanna, ullmhóidí nó fearais a sholáthar, faoi fho-alt (1) den alt seo, do dhalta aon scoile lena mbaineann an fo-alt seo trí na bainisteoirí uirthi dá n-aisíoc i gcás inar scoil dheimhnithe an scoil (pé acu scoil náisiúnta í nó nach ea) nó, in aon chás eile, tríd an mbainisteoir scoile dá n-aisíoc, agus féadfaidh an t-údarás sláinte na costais sin d'aisghabháil ó na bainisteoirí sin nó ón mbainisteoir scoile sin (do réir mar bheas) mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla, | |
[EN] | (6) Ní bhainfidh fo-alt (5) den alt seo— | |
[EN] | (a) le daltaí aon scoile a mbeidh ordú faoi fho-alt (3) den alt seo déanta ina taobh á saoradh, de bhun fo-ailt (4) den alt seo, ó dhliteanas maidir le haisíoc costas faoina ndeachaigh údarás sláinte, ná | |
[EN] | (b) le haon dalta i scoil dheimhnithe is dalta nár cuireadh chun na scoile sin de bhun orduithe arna dhéanamh ag cúirt faoi Achta na Leanaí, ná | |
[EN] | (c) le haon dalta i scoil a ndlífidh an t-údarás sláinte é a chothabháil. | |
[EN] | (7) Aon tsuim is iníoctha de bhuaidh fo-ailt (5) den alt seo i leith daltaí i scoil dheimhnithe, déanfaidh an t-údarás áitiúil a dhlífeas, faoi Achta na Leanaí, na daltaí sin a chothabháil, í d'aisíoc leis na bainisteoirí ar an scoil sin agus féadfaidh na bainisteoirí sin í d'aisghabháil ón údarás áitiúil sin mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] | (8) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn an abairt “Achta na Leanaí” Achta na Leanaí, 1908 go 1941; | |
[EN] | tá leis na habairtí “scoil dheimhnithe” agus “na bainisteoirí” na bríonna faoi seach atá leo in Achta na Leanaí. | |
[EN] |
Fógra i dtaobh scrúdú dochtúra ar leanaí. |
24. —Sar a gcuirfid scrúdú dochtúra á dhéanamh faoi alt 22 nó alt 23 den Acht seo ar na leanaí d'aicme áirithe in aon líomatáiste nó ar dhaltaí aon scoile, bhéarfaidh údarás sláinte, sa tslí ordaithe, an fógra ordaithe i dtaobh ama agus áite an scrúduithe sin. |
[EN] |
E a bheith d'oblagáid leanaí a chur isteach faoi scrúdú dochtúra. |
25. —(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an alt seo ach amháin in aon chontae nó contae-bhuirg a mbeidh ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire ina leith. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú an t-alt seo a bheith i bhfeidhm agus éifeacht a bheith aige i gcontaethe nó contae-bhuirgí i gcoitinne nó i gcontae nó contae-bhuirg áirithe. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, bhéarfaidh sé go bhfoilseofar, i nuachtán nó i nuachtáin a léitear sa chontae nó sa chontae-bhuirg lena mbaineann an t-ordú, fógra i dtaobh éifeachta an orduithe sin agus i dtaobh an dáta ar a dtiocfaidh sé i ngníomh. | |
[EN] | (4) Aon uair a socrófar socrúdú dochtúra faoin Acht seo do leanbh, pé acu sa bhaile é nó in aon áit eile, agus a cuirfear in iúl do thuiste an linbh sin an t-am agus an áit don scrúdú sin, cuirfidh an tuiste an leanbh isteach faoin scrúdú sin mura mbeifear tar éis saoirse ón scrúdú a dheonadh faoi fho-alt (5) den alt seo agus beidh sé i dteideal, ar é dá iarraidh sin, bheith i láthair ag an scrúdú sin. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an dochtúir oifigiúil a bheas i mbun na socruithe do scrúdú dochtúra a soláthrófar faoin Acht seo saoirse ón scrúdú a dheonadh sa bhfoirm ordaithe i leith aon linbh a dtabharfar ina thaobh don oifigeach sin deimhniú sa bhfoirm ordaithe faoi shíniú dochtúra leighis chláraithe á rá gur scrúdaigh sé an leanbh laistigh den tréimhse ordaithe roimh an scrúdú. | |
[EN] | (6) Duine ar bith a shárós fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear, i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air nó, i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin, fíneáil nach mó ná deich bpuint. | |
[EN] | (7) Gach duine a dhéanfas, maidir le hiarratas ag lorg saoirse faoi fho-alt (5) den alt seo, aon ráiteas is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an t-údarás sláinte a sholáthraigh an scrúdú dochtúra inchúiseamh a dhéanamh i gcás ciona faoin alt seo. | |
[EN] |
Saoráidí a thabhairt chun scrúdú dochtúra a dhéanamh ar leanaí i scoileanna. |
26. —(1) Féadfaidh údarás sláinte a bheas ar intinn socrú a dhéanamh chun scrúdú dochtúra nó scrúduithe dochtúra tréimhsiúla a dhéanamh ar leanaí in aon scoil, faoin Acht seo, fógra i scríbhinn a thabhairt do bhainisteoir scoile na scoile á rá go bhfuil sin ar intinn acu agus ag lua an lae nó na laethanta (nach luaithe ná seacht lá i ndiaidh dáta an fhógra a thabhairt) agus an ama a déanfar an scrúdú nó na scrúduithe agus á cheangal ar an mbainisteoir scoile gach saoráid réasúnach a chur ar fáil don scrúdú nó do na scrúduithe. |
[EN] | (2) Féadfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo a dhíriú chun “an bainisteoir scoile” agus féadfar é a thabhairt trína sheachadadh do bhainisteoir scoile na scoile lena mbaineann nó trína chur leis an bpost go dtí an seoladh mar a mbíonn gnáthchónaí air. | |
[EN] | (3) Déanfar cóip de gach fógra faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le scrúdú dochtúra a bheas le déanamh i scoil náisiúnta a sheachadadh do phríomhoide na scoile sin nó a chur leis an bpost go dtí an t-oide sin ag an scoil. | |
[EN] | (4) Cuirfidh bainisteoir scoile aon scoile lena mbainfidh fógra a bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt seo faoi ndear go dtabharfar gach saoráid réasúnach (lena n-áirítear saoráidí chun ainmneacha agus seolta na ndaltaí a bheas ag freastal ar an scoil d'fháil) chun scrúdú dochtúra nó scrúduithe dochtúra a dhéanamh do réir an fhógra agus ar an lá nó na laethanta agus ag an am a luafar ann agus, mura ndéana sé amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air. | |
[EN] | (5) Gan dochar do na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo raghaidh údarás sláinte i gcomhairle leis an mbainisteoir scoile ar scoil sar a gcinnfid an lá nó na laethanta agus an t-am a déanfar scrúdú dochtúra nó scrúduithe dochtúra ar leanaí sa scoil agus déanfaid, a mhéid is feidir sin, do réir mar is mian leis an mbainisteoir scoile. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an t-údarás sláinte a thug an fógra iomchuí faoin alt seo inchúiseamh a dhéanamh i gcás ciona faoin alt seo. | |
[EN] |
Deontas i leith seirbhíse máthar agus linbh. |
27. —Déanfar suim nach mó ná leath na gcostas a ndeimhneoidh an tAire údarás sláinte a bheith tar éis dul fúthu go cuí do réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 28 den Acht seo, ag forghníomhú na Coda seo den Acht seo d'íoc leis an údarás sláinte as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
[EN] |
Rialacháin maidir le feidhmiú a gcumhacht faoi Chuid III ag údaráis sláinte. |
28. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a bhainfeas le gach údarás sláinte, le gach údarás sláinte d'aicme áirithe nó le húdarás sláinte áirithe maidir leis an modh ina mbeidh, agus an méid a bheas, a gcumhachta faoin gCuid seo den Acht seo le feidhmiú acu. |