27 1947


Uimhir 27 de 1947.


AN tACHT UM OLAINN GHLAIN, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN GLAINEACHT AMH-OLLA A FHEABHSÚ. [13ú Lúnasa, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Minithe go ginearálta.

1. —(1) San Acht seo—

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

caoire.

folaíonn an focal “caoire” uain;

dip chaorach.

ciallaíonn an abairt “dip chaorach” substaint nó ullmhóid is leigheas nó urchosc ar ghearb chaorach nó ar aon ghalar seadánach imeachtrach eile ar chaoire agus a húsáidtear chun caoire a thumadh inti;

an tOrdú um Thumadh Caorach.

ciallaíonn an abairt “an tOrdú um Thumadh Caorach” an tOrdú um Thumadh Caorach, 1937 (R. & O. R., Uimh. 169 de 1937);

olann.

ciallaíonn an focal “olann” amh-olann (lena n-áirítear amh-olann chraicinn).

(2) Aon tagairt san Acht seo d'earra a cheannach léireofar í mar thagairt a fholaíos tagairt do thairiscint a dhéanamh chun an earra a cheannach nó tairiscint a lorg chun í a dhíol.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'earra a dhíol léireofar í mar thagairt a fholaíos tagairt do thairiscint a dhéanamh chun an earra a dhíol nó tairiscint a lorg chun í a cheannach.

Oifigeach údaraithe

2. —(1) Is oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo gach duine acu seo a leanas:

(a) oifigeach don Aire, do chomhairle chontae, nó do bhardás contae-bhuirge, arna cheapadh ag an Aire chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo,

(b) comhalta den Gharda Síochána.

(2) Aon oifigeach údaraithe a cheapfas an tAire gheobhaidh sé ón Aire deimhniú ar a cheapadh ina oifigeach údaraithe agus, nuair a bheas aon chumhacht dá dtugtar dó leis an Acht seo á feidhmiú aige, taispeánfaidh sé an deimhnuú sin d'aon duine lena mbaineann má iarrann an duine sin é.

(3) Ní fheidhmeoidh comhalta den Gharda Síochána aon chumhacht dá dtugtar dó leis an Acht seo ach le linn dó bheith in éide.

Substaint toirmiscthe.

3. —(1) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “substaint toirmiscthe” substaint—

(a) is tarra, pic nó péint nach féidir a bhaint amach le sciúradh, nó ina bhfuil aon cheann de na nithe sin, nó

(b) is substaint lena mbaineann an t-alt seo, nó ina bhfuil substaint den tsórt sin, nó

(c) is olann dríbeach.

(2) Más dóigh leis an Aire aon tsubstaint a bheith neamhoiriúnach chun a húsáidte chun caoire a bhrandáil, féadfaidh sé, le hordú, a fhoráil gur substaint lena mbaineann an t-alt seo an tsubstaint sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

Olann ar a bhfuil substaint toirmiscthe a dheighilt.

4. —(1) Aon duine a bheas ag bearradh caorach déanfaidh sé, roimh nó le linn an bearradh a dhéanamh, an olann go léir ar a mbeidh substaint toirmiscthe a dheighilt ón lomra.

(2) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh se ciontach i gcion faoin alt seo.

Toirmeasc ar dheighleáil in olainn ar a bhfuil substaint toirmiscthe.

5. —(1) Ní dhéanfaidh dúine ar bith aon olann ar a mbeidh substaint toirmiscthe—

(a) a cheannach ná a fháil ar shlí eile, ná

(b) a dhíol ná a dhiúscairt ar shlí éile.

(2) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

Toirmeasc ar shubstaint a úsáid chun caoire a bhrandáil.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, toirmeasc a chur le húsáid aon tsubstainte sonraithe chun caoire i gcoitinne a bhrandáil nó chun caoire de phór sonraithe a bhrandáil.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

(3) Aon duine a shárós ordú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

Toirmeasc ar dhip chaorach de chineál áirithe a dhéanamh.

7. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon dip chaorach, pé acu is dip chaorach cheadaithe í do réir bhrí an Orduithe um Thumadh Caorach nó nach ea, ina mbeidh abhar dathúcháin (nach táthchuid atá riachtanach chun gearb caorach nó aon ghalar seadánach imeachtrach eile ar chaoire a leigheas nó a chosc) agus a d'fhágfadh, dá gcuirtí ar chaoire í in aon tslí, smál nó dath ar an olainn.

(2) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

Toirmeasc ar dheighleáil i ndip chaorach de chineál áirithe.

8. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon dip chaorach den tsórt a sonraítear in alt 7 den Acht seo—

(a) a cheannach ná a fháil ar shlí eile, ná

(b) a dhíol ná a dhiúscairt ar shlí eile.

(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) den alt seo difir d'oibriú Airteagail 6 den Ordú um Thumadh Caorach.

(3) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

Cumhachta oifigeach údaraithe.

9. —(1) Beidh oifigeach údaraithe i dteideal dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil olann á coimeád ann chun a díolta nó chun a diúscartha ar shlí eile agus féadfaidh an t-áitreabh sin a iniúchadh agus aon olann a gheobhaidh sé ann a scrúdú agus samplaí dhi a thógaint.

(2) Féadfaidh oifigeach údaraithe dul isteach gach tráth réasúnach ar aon talamh a mbeidh caoire á gcoimeád ann agus féadfaidh aon chaoire a scrúdú a gheobhaidh sé ar an talamh sin.

(3) Aon duine a choiscfeas nó a bhacfas oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

Pionós ginearálta.

10. —Aon duine a bheas ciontach i gcion faoin aon alt den Acht seo dlífear, ar a chiontú ann ar an slí achomair, fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Inchúiseamh i gcionta.

11. —Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i gcion faoi aon alt den Acht seo.

Orduithe a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

12. —Aon ordú a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Costais.

13. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

14. —(1) Féadfar an tAcht um Olaínn Ghlain, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.