An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACT UM CHUIDEACHTA MHÓR-BHÓITHRE IARAINN AN DEISCIRT (SCÉIM AOISLIÚNTAS), 1947) Ar Aghaidh (CUID II. An Sceim Aoisliuntas nua a Dhaingniu agus Forala i dTaobh Rannog C agus D den tSean-Chiste.)

21 1947

AN tACT UM CHUIDEACHTA MHÓR-BHÓITHRE IARAINN AN DEISCIRT (SCÉIM AOISLIÚNTAS), 1947

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt (Scéim Aoisliúntas), 1947, a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

an Chuideachta.

ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” Córas Iompair Éireann;

an Chorparáid.

ciallaíonn an abairt “an Chorparáid” Corparáid Chiste Aoisliúntais Chórais Imréitigh na nIarnród;

an Nua-Chiste.

ciallaíonn an abairt “an Nua-Chiste” an Ciste a bunaítear leis an scéim aoisliúntas nua;

an scéim aoisliúntas nua.

ciallaíonn an abairt “an scéim aoisliúntas nua” an scéim a bhfuil cóip di leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

an Sean-Chiste.

ciallaíonn an abairt “an Sean-Chiste” Ciste na Corparáide;

An Bille Breataineach beartaithe.

ciallaíonn an abairt “an Bille Breataineach beartaithe” Bille atá beartaithe a chur ar aghaidh ag an gCorparáid i bParlaimint Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann do dhéanamh socruithe (i dteannta nithe eile) chun aistriú a dhéanamh, chun iontaobhaithe an Nua-Chiste, ar na sócmhainní uile leis an gCorparáid atá ar áireamh i Rannóig C agus i Rannóig D den tSean-Chiste, lúide suim £751 16s. 10d. (seacht gcéad agus aon phunt caogad, sé scillinge déag agus deich bpingne), is é sin, suim a bhfuil idir í agus costais uile na Corparáide i leith atheagruithe an tSean-Chiste faoin Railway Clearing System Superannuation Fund Act, 1941, an cothrom céanna a bhí idir an comhaltas (comhaltaí ranníochacha agus comhaltaí aoisliúntais) a bhain le Sean-Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt agus comhaltas iomlán (comhaltaí ranníocacha agus comhaltaí aoisliúntais) an tSean-Chiste amhail ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1941.

Costais na Corparáide maidir le cur ar aghaidh an Bhille Bhreatainigh bheartaithe d'aisíoc.

3. —Íocfaidh an Chuideachta leis an gCorparáid suim is comhionann le costais agus caiteachas na Corparáide maidir leis an mBille Breataineach beartaithe, pé acu a hachtófar an Bille sin nó ná hachtófar.

Tosach feidhme Coda II.

4. —(1) Ní thiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh mura n-achtaítear ná go dtí go n-achtófar an Bille Breataineach beartaithe.

(2) I gcás an Bille Breataineach beartaithe d'achtú ar dháta an Achta seo a rith nó roimhe sin, tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh an lá is lá cinn trí mhí ó dháta an Achta seo a rith.

(3) I gcás an Bille Breataineach beartaithe d'achtú tar éis dáta an Achta seo a rith, tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh an lá is lá cinn trí mhí ó dháta an Achta Bhreatainigh bheartaithe d'achtú.