|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Uachtaran na Cuirte Cuarda agus a Chumhachta agus a Dhualgais.) | Ar Aghaidh (CUID V. Pinsin Bhreithiun den Chuirt Duiche.) |
AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1947
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Forala Ilghneitheacha Maidir leis an gCuirt Chuarda. | |
[EN] |
Comhdhéanamh cuaird a athrú. |
13. —(1) Féadfaidh an Rialtas ordú a dhéanamh ag athrú comhdhéanamh aon dá chuaird nó níos mó de na cuarda, ach sin i slí ná méadófar ar líon iomlán na gcuaird. |
[EN] | (2) Má déantar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, ansin, amhail ar dháta tosach feidhme an orduithe agus uaidh sin amach, léireofar gach tagairt sna h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, agus san Acht seo, do chuarda mar thagairtí do chuarda amhail mar bheid díreach tar éis tosach feidhme an orduithe. | |
[EN] |
Breitheamh Cuarda breise a cheapadh. |
14. —(1) D'ainneoin aon ní sna h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, féadfar, mí ar a dhéanaí tar éis dáta an Achta seo a rith, duine amháin (is duine arna cheapadh, faoi alt 14 d'Acht 1936, chun gníomhú mar Bhreitheamh Cuarda do thréimhse ar laistigh di do dháta an Achta seo a rith) a cheapadh ina Bhreitheamh Cuarda. |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a ceapfar de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo ina Bhreitheamh Cuarda— | |
[EN] | (a) chun críocha an méid sin d'alt 41 den Phríomh-Acht a bhaineas le pinsin, is tuigthe é a bheith tar éis fónamh mar Bhreitheamh Cuarda ar feadh na tréimhse ceithre mblian dar críoch an lá díreach roimh dháta a cheaptha ina Bhreitheamh Cuarda, | |
[EN] | (b) beidh deireadh lena cheapadh faoi alt 14 d'Acht 1936 ar é a cheapadh mar Bhreitheamh Cuarda, | |
[EN] | (c) ní bheidh feidhm maidir leis ag fo-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1936, ach féadfaidh an Rialtas tráth ar bith é a shannadh go buan do chuaird áirithe, | |
[EN] | (d) go dtí dáta tosach feidhme Coda III den Acht seo nó dáta a bhuan-shannuithe do chuaird, pé dáta acu sin is luaithe, beidh feidhm maidir leis ag fo-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1936 amhail mar bhaineas sé le duine dá dtagartar sa bhfo-alt sin (2). | |
[EN] | (3) Faid a bheas duine a ceapfar ina Bhreitheamh Cuarda de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo i seilbh oifige agus gan bheith sannaithe go buan do chuaird, beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1928 amhail is dá gcuirtí na focail “d'aon Bhreitheamh déag” in ionad na bhfocal “de dheichniúr Breithiún.” | |
[EN] |
An aois scoir do Bhreithiúin Chuarda. |
15. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, is seachtó bliain an aois scoir do Bhreitheamh Cuarda. |
[EN] | (2) Dhá bliain seachtód an aois scoir do dhuine is Breitheamh Cuarda ar dháta an Achta seo a rith nó don duine a ceapfar, de bhuaidh ailt 14 den Acht seo, ina Bhreitheamh Cuarda. | |
[EN] |
Breitheamh Cuarda do ríomh cáis. |
16. —Féadfaidh Breitheamh Cuarda, ar iarratas chuige sin ó aon pháirtí in aon ní (seachas athéisteacht, faoi alt 196 den Income Tax Act, 1918, ar aon achomharc den tsórt dá dtagartar san alt sin) a bheas ar feitheamh os a chomhair, aon cheist dlí a éireos sa ní sin a chur, ar pé téarmaí maidir le costais nó eile is oiriúnach leis, faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí i bhfoirm cháis ríofa chun go gcinnfidh an Chúirt Uachtarach é agus féadfaidh craoladh a bhreithe nó a orduithe sa ní a chur ar athló go dtí go gcinntear an cás ríofa sin. |
[EN] |
Cumacht Bhreithiún Chuarda a bheas sannaithe do chuaird áirithe chun iarratais phráinneacha a éisteacht agus a chinneadh lasmuigh dá chuaird. |
17. —D'ainneoin aon ní sna h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, aon Bhreitheamh Cuarda a bheas sannaithe (go buan nó go sealadach) do chuaird áirithe, féadfaidh sé, lasmuigh den chuaird sin, aon iarratas a éisteacht agus a chinneadh a mbeidh dlínse aige é a éisteacht agus a chinneadh laistigh den chuaird sin agus ar dóigh leis gur ní é ar ceart deighleáil leis mar ní práinneach. |