Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

16 1947


Uimhir 16 de 1947.


AN tACHT TORA DÉIRÍOCHTA (LEASÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA n ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1924 GO 1941. [9ú Iúil, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAire.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Ceadúnais.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, más dóigh leis gur cóir é de dhroim tosca speisialta an cháis, ceadúnas a dheonadh don dílseánach ar áitreabh a bheas cláraithe sa chlár de stáisiúin deighilte uachtair á shaoradh ó fhorála ailt 17 den Acht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) , arna leasú le halt 2 den Acht Tora Déiríochta (Leasú), 1934 ( Uimh. 34 de 1934 ), faoi réir pé coinníoll agus go ceann pé tréimhse (nach sia ná cúig bliana ó dháta an Achta seo a rith) is cuí leis an Aire.

(2) Ní bhainfidh alt 17 den Acht Tora Déiríochta, 1924 ( Uimh. 58 de 1924 ), le haon ní a dhéanfas an dílseánach ar áitreabh a bheas cláraithe sa chlár de stáisiúin deighilte uachtair faoi réim agus do réir ceadúnais arna dheonadh dhó faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas a deonadh faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

Athghairm.

3. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal, comhlua agus léiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Leasú), 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Tora Déiríochta, 1924 go 1947, a ghairm den Acht seo, den Acht Tora Déiríochta, 1924 , den Acht Tora Déiríochta, 1931 , den Acht Tora Déiríochta (Leasú), 1934 , agus den Acht Tora Déiríochta (Leasú), 1941 , le chéile.

(3) Léireofar mar aon Acht amháin na h Achta Tora Déiríochta, 1924 go 1947.