13 1947


Uimhir 13 de 1947.


ACHT CISTÍ SINN FÉIN, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LE hAIRGEAD ÁIRITHE A THAISC NA DAOINE A BHÍ INA gCISTEOIRÍ D'EAGRAÍOCHT SINN FÉIN SAN ARD-CHÚIRT AGUS I mBANC PROIBHINSEACH NA hÉIREANN, TEORANTA. [27ú Bealtaine, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

an Banc

ciallaíonn an abairt “an Banc” Banc Proibhinseach na hÉireann, Teoranta;

an Bord

ciallaíonn an abairt “an Bord” Bord Cistí Sinn Féin a bunaítear le halt 2 den Acht seo;

na cistí Cúirte.

ciallaíonn an abairt “na cistí Cúirte” na suncála agus an t-airgead a ionadaíos an t-airgead a thaisc na hiontaobhaithe marbha sa Chúirt an 4ú lá d'Fheabhra, 1924, chun creidiúna ní dar teideal “In the High Court of Justice, Chancery Division. In the Matter of the Trusts of the Funds of the Sinn Féin Organisation established in the year 1905 and reconstituted in the year 1917, And in the Matter of the Trustee Act, 1893” agus na méaduithe ar an airgead a taisceadh amhlaidh;

Na hiontaobhaithe marbha.

ciallaíonn an abairt “na hiontaobhaithe marbha” Eamonn Ó Dubhgáin agus Sinéad Bean an Phaoraigh, iad araon marbh, dob iontaobhaithe tráth d'Eagraíocht Sinn Féin;

An t-airgead atá i dtaisce sa Bhanc.

ciallaíonn an abairt “an t-airgead atá i dtaisce sa Bhanc” an t-airgead a cuireadh i dtaisce sa Bhanc in ainmneacha na n-iontaobhaithe marbha le chéile maraon leis an ús atá faibhrithe air sin;

an t-aicsean atá ar feitheamh.

ciallaíonn an abairt “an t-aicsean atá ar feitheamh” an t-aicsean atá ar feitheamh san Ard-Chúirt (1942, Uimh. 31P) inar gearánaithe Mairéad Bean Uí Bhuachalla agus daoine eile agus inar cosantóirí an tArd-Aighne agus Cathal Paor.

an Ciste Iontaobhais.

ciallaíonn an abairt “an Ciste Iontaobhais” an ciste atá le bunú faoi alt 9 den Acht seo.

An Bord a bhunú.

2. —(1) Beidh arna bhunú, de bhuaidh an ailt seo, ar dháta an Achta seo a rith, comhlucht, dá ngairmfear agus ar a dtabharfar Bord Cistí Sinn Féin, chun na feadhma a bheirtear dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Bord ina chomhlucht corpraithe agus síorchomharbas aige agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar aird i gcúrsaí breithiúntais) agus beidh an dlí intsaothruithe aige agus air faoina ainm chorpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a shealbhú.

Comhdhéanamh an Bhoird.

3. —Seachtar comhaltaí a bheas ar an mBord, eadhon—

(a) an Cathaoirleach, agus

(b) seisear gnáthchomhaltaí.

Forála maidir le Cathaoirleach an Bhoird.

4. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, is é an Príomh-Bhreitheamh a bheas ina Chathaoirleach ar an mBord.

(2) (a) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh ó am go ham duine (is Breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda) a ainmniú chun gníomhú ina Chathaoirleach ar an mBord, agus féadfaidh aon ainmniú den tsórt sin a tharraing siar tráth ar bith.

(b) Má hainmnítear duine faoi mhír (a) den fho-alt seo, beidh sé, go dtí go n-éaga sé, go n-éirí sé as oifig nó go dtarraingítear siar a ainmniú, pé acu sin is túisce a tharlós, ina Chathaoirleach ar an mBord in ionad an Phríomh-Bhreithimh.

Forála maidir le ceapadh, téarmaí oifige, etc., gnáthchomhaltaí an Bhoird.

5. —(1) Déanfaidh an Rialtas céad-ghnáthchomhaltaí an Bhoird a cheapadh.

(2) Beidh gach gnáthchomhalta den Bhord i seilbh oifige go dtí go n-éaga sé, go n-éirí sé as oifig nó go gcuirtear as oifig é, pé acu sin is túisce a tharlós.

(3) Aon uair a éagfas gnáthchomhalta den Bhord nó a éireos sé as oifig nó a cuirfear as oifig é, déanfaidh an Rialtas, a luaithe is caothúil, duine eile a cheapadh ina ghnáthchomhalta den Bhord in ionad an ghnáthchomhalta d'éag, d'éirigh as oifig nó a cuireadh as oifig amhlaidh.

(4) Féadfaidh gnáthchomhalta den Bhord éirí as oifig tráth ar bith trí litir arna díriú chun an Taoisigh agus beidh éifeacht ag an éirí-as sin amhail ar an dáta agus ón dáta ar a bhfaighidh an Taoiseach an litir sin.

(5) Má iarrann an tArd-Aighne ar Choiste, a bheas comhdhéanta de thriúr daoine a ainmneos an Príomh-Bhreitheamh, fiosrú a dhéanamh, agus tuarascáil a thabhairt, i dtaobh é a bheith inmhianaithe go scoirfeadh gnáthchomhalta áirithe den Bhord de bheith i seilbh oifige—

(a) déanfaidh an Coiste do réir an iarratais,

(b) más é tuarascáil a bhéarfas tromlach an choiste go bhfuil sé inmhianaithe go scoirfeadh an gnáthchomhalta sin de bheith i seilbh oifige, féadfaidh an Rialtas, le hordú, an gnáthchomhalta sin a chur as oifig.

An nós imeachta ag cruinnithe an Bhoird.

6. —(1) Ag cruinniú den Bhord—

(a) beidh Cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(b) má bhíonn agus faid a bheas Cathaoirleach an Bhoird gan bheith i láthair nó má bhíonn oifig an Chathaoirlígh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheas i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(2) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist, agus, i gcás na vótaí a bheith leath má leath, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(3) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais ina chomhaltas.

(4) Ceathrar is córam do chruinniú den Bhord.

(5) Faoi réir forál an Achta seo, féadfaidh an Bord nós imeachta agus gnó an Bhoird a rialáil.

Séala an Bhoird.

7. —(1) Soláthróidh an Bord séala dhó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunuithe.

(2) Déanfar séala an Bhoird a dhílse-dheimhniú le síniú Cathaoirligh an Bhoird nó le síniú comhalta éigin eile dhe a bheas údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin.

Oifigigh an Bhoird.

8. —(1) Féadfaidh an Bord pé oifigigh, agus pé méid díobh, a cheapadh is cuí leis an mBord ó am go ham.

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach don Bhord a chur as seilbh oifige faoin mBord.

(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh pé luach saothair agus liúntais a chinnfeas an Bord.

An Ciste Iontaobhais.

9. —(1) Coimeádfaidh an Bord ciste agus déanfaidh é a chothabháil agus a bhainistí do réir an Achta seo.

(2) Íocfar isteach sa Chiste Iontaobhais an t-airgead go léir a gheobhaidh an Bord faoin Acht seo.

(3) Íocfar as an gCiste Iontaobhais na híocaíochta go léir a húdaraítear don Bhord nó a ceangaltar orthu a dhéanamh faoin Acht seo agus fós na costais go léir faoina raghaidh an Bord ag riaradh an Achta seo.

(4) Féadfaidh an Bord an Ciste Iontaobhais a shuncáil in aon tslí ina n-údaraítear le dlí airgead le Banc Taisce an Phoist a shuncáil.

(5) Féadfaidh an Bord ó am go ham as a chomhairle féin an t-airgead go léir a bheas suncálta faoin alt seo a athrú nó a aistriú chun suncálanna eile a húdaraítear leis an alt seo agus féadfaidh tráth ar bith gach suncáil nó aon tsuncáil a bheas déanta aige faoin alt seo a dhíol agus airgead a dhéanamh den chéanna.

(6) Íocfar isteach sa Chiste Iontaobhais na díbhinní agus an t-ús go léir a gheobhaidh an Bord ar shuncálanna a bheas déanta acu faoin alt seo agus fós aon airgead a gheobhaidh an Bord as aon tsuncálanna den tsórt sin a dhíol.

An t-aicsean atá ar feitheamh a anadh agus a dhíbhe, costais na bpáirtithe ann a íoc agus imeachta eile ann a shrianadh

10. —(1) Ar an Acht seo a rith déanfar, de bhuaidh an ailt seo, gach imeacht eile san aicsean a anadh.

(2) Déanfaidh an Ard-Chúirt, má hiarrtar sin ex parte ag an Ard-Aighne nó thar a cheann, ordú ag díbhe, gan chostais, an aicsin atá ar feitheamh.

(3) (a) Ar an aicsean atá ar feithimh a bheith arna dhíbhe, íocfaidh an Bord—

(i) le Cathal Paor, páirtí ann, a chostais i dtaobh agus i leith an aicsin atá ar feitheamh, amhail idir aturnae agus clianta, arna bhfómhas agus arna bhfionnadh, agus na costais eile go léir faoina ndeachaigh sé, le ceart, mar iontaobhaí agus i leith na gCistí Cúirte agus an airgid atá i dtaisce sa Bhanc, arna bhfómhas agus arna bhfionnadh,

(ii) leis an gCathal Paor sin, mar ionadaí pearsanta Shinéad Bean an Phaoraigh nach maireann, na costais go léir faoina ndeachaigh sí, le ceart, mar iontaobhaí agus i leith na gcistí Cúirte agus an airgid atá i dtaisce sa Bhanc, arna bhfómhas agus arna bhfionnadh,

(iii) leis na páirtithe eile ann, a gcostais faoi seach i dtaobh agus i leith an aicsin atá ar feitheamh, amhail idir páirtí agus páirtí, arna bhfómhas agus arna bhfionnadh.

(b) Na costais a híocfar de bhun míre (a) den fho-alt seo, ní fholóid aon chostais faoina raghfar tar éis an 11ú lá de Mhárta, 1947, seachas costais fómhais.

(4) O dháta an Achta seo a rith agus dá éis sin, ní déanfar, ach amháin mar foráltar leis an alt seo nó le halt 11 den Acht seo, aon aicsean ná imeacht eile a shaothrú ná a bhunú i dtaobh na gCistí Cúirte ná an airgid atá i dtaisce sa Bhanc.

Na cistí Cúirte agus an t-airgead atá i dtaisce sa Bhanc a íoc leis an gCúirt.

11. —(1) Déanfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ex parte ón mBord, ordú á ordú na cistí Cúirte a íoc leis an mBord.

(2) Déanfaidh an Banc, ar iarratas i scríbhinn ón mBord, an t-airgead atá i dtaisce sa Bhanc a íoc leis an mBord.

Na cistí Cúirte agus an t-airgead atá i dtaisce sa Bhanc a urscaoileadh ó iontaobhais agus ionadaí Shinéad Bean an Phaoraigh a urscaoileadh ó aicsin, etc., i leith an gcistí Cúirte agus an airgid atá i dtaisce sa Bhanc.

12. —Ar na cistí Cúirte agus an t-airgead atá i dtaisce sa Bhanc a bheith íoctha leis an mBord—

(a) beidh na cistí Cúirte agus an t-airgead atá i dtaisce sa Bhanc arna n-urscaoileadh, de bhuaidh an ailt seo, ó pé iontaobhais (más ann) a bheas ag gabháil leo díreach roimh an íoc sin, agus

(b) beidh Cathal Paor, ionadaí pearsanta Shinéad Bean an Phaoraigh nach maireann, marthanóir na n-iontaobhaithe marbha, arna scaoileadh, de bhuaidh an ailt seo, ó gach aicsean, imeacht, cuntas, glaoch agus éileamh i leith na gcistí Cúirte agus an airgid atá i dtaisce sa Bhanc.

Iocaíochta as an gCiste Iontaobhais le daoine áirithe.

13. —(1) Féadfaidh an Bord, as a chomhairle féin, íocaíochta de pé méid is oiriúnach leis an mBord a íoc ó am go ham as an gCiste Iontaobhais le duine ar bith is duine cáilithe.

(2) Aon airgead a íocfas an Bord faoin alt seo le duine ar bith ní féadfar é a thógaint i bhforghníomhú ná é a choimhithiú ar shlí eile trí phróis dlí chun íoctha aon dliteanais nó fiacha a bheas ar an duine sin.

(3) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “na Fórsaí” na comhluchta míleata seo a leanas—

(a) Óglaigh na hÉireann (Arm Poblachta na hÉireann),

(b) The Irish Volunteers,

(c) The Irish Citizen Army,

(d) Fianna Éireann.

(e) The Hibernian Rifles,

(f) Cumann na mBan,

ciallaíonn an abairt “an tréimhse chinnteach” an tréimhse dar thosach an 1ú lá d'Aibreán, 1916, agus dar chríoch an 11ú lá d'Iúil, 1921;

ciallaíonn an abairt “duine cáilithe” duine ar bith is dóigh leis an mBord—

(a) is duine atá i ngátar agus a thug, mar chomhalta de na Fórsaí, seirbhís sa Chúis Náisiúnta aon tráth i rith na tréimhse cinntí, nó

(b) is duine atá i ngátar go díreach nó go neamh-dhíreach de dhroim a iarrachtaí i gcabhair le gníomhachta na bhFórsaí nó de dhroim a sheirbhíse sa Chúis Náisiúnta aon tráth i rith na tréimhse cinntí, nó

(c) is duine atá i ngátar agus—

(i) is cleithiúnaí ar dhuine a luaitear i mír (a) nó i mír (b) den mhíniú seo, nó

(ii) a bhí, le linn báis dhuine a thug, mar chomhalta de na Fórsaí, seirbhís sa Chúis Náisiúnta aon tráth i rith na tréimhse cinntí, ina chleithiúnaí ar an duine sin, nó

(iii) mura mbeadh bás duine a thug, mar chomhalta de na Fórsaí, seirbhís sa Chúis Náisiúnta aon tráth i rith na tréimhse cinntí, a mba réasúnach dó súil a bheith aige le cabhair nó cothabháil ón duine sin, nó

(iv) le linn báis dhuine a bhí, le linn a bháis, i ngátar go díreach nó go neamhdhíreach de dhroim a iarrachtaí i gcabhair le gníomhachta na bhFórsaí nó de dhroim a sheirbhíse sa Chúis Náisiúnta aon tráth i rith na tréimhse cinntí, a bhí ina chleithiúnaí ar an duine sin.

Cumhacht an Bhoird chun tabhartais a ghlacadh.

14. —(1) Féadfaidh an Bord aon mhaoin, réadach nó pearsanta, a ghlacadh a bhéarfar dó, trí bhronntas, uacht nó tiomna chun críocha an Achta seo.

(2) I gcás ina dtabharfar aon talamh don Bhord déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis an talamh sin a dhílsiú ann, an talamh sin a dhíol agus glantora an díola a íoc isteach sa Chiste Iontaobhais.

Cuntais an Bhoird.

15. —Coimeádfaidh an Bord leabhair chearta cuntais agus, a luaithe is féidir tar éis an 31ú lá de Nollaig gach bliain, foilseoidh san Iris Oifigiúil ráiteas cuntas (arna iniúchadh agus arna dheimhniú go cuí ag iniúchóir a cheapfas an Bord le ceadú an Rialtais) i leith na bliana sin.

An Bord a scor ar an gCiste Iontaobhais a bheith ídithe.

16. —Má bhíonn agus nuair a bheas an Ciste Iontaobhais ídithe de dhroim íocaíochtaí as, cuirfidh an Bord deimhniú sa chéill sin chun an Rialtais agus air sin féadfaidh an Rialtas, le hordú, an Bord a scor.

Gearrtheideal.

17. —Féadfar Acht Cistí Sinn Féin, 1947 , a ghairm den Acht seo.