Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.—Cuid I.)

35 1946


Uimhir 35 de 1946.


AN tACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN ÉAG, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH BUANUITHE AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN ÉAG. [19ú Nollaig, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na hAchta sa Sceideal a choimeád beo.

1. —(1) Na hAchta a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, coimeádtar beo iad a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1947, agus raghaid in éag ansin mura gcoimeádtar beo níos sia iad.

(2) Aon achtacháin neamh-athghairmthe a leasaíos na hachtacháin, nó a dhéanann difir do na hachtacháin, a coimeádtar beo leis an alt seo, coimeádtar beo ar an gcuma gcéanna iad, a mhéid ar díomuan a ré, pé acu luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo iad nó ná luaitear.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag dul in Eag, 1946 , a ghairm den Acht seo.