Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachan a nDeantar Cuid de a Athghairm.)

30 1946


Uimhir 30 de 1946.


ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHTA AN REIFRINN, 1942 .

[4ú Nollaig, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht an Reifrinn, 1942 (Uimh. 8 de 1942) ;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo don Phríomh-Acht a léiriú mar thagairtí don Phríomh-Acht arna leasú leis an Acht seo.

(3) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus an Príomh-Acht.

Na huaireanna vótaíochta i reifreann.

2. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, tosnóidh an vótaíocht i reifreann ar a 9 a chlog a.m. agus coimeádfar ar siúl í go dtí a 9 a chlog p.m., ach ní coimeádfar ar siúl níos sia í, mura rud é, í gcás reifrinn áirithe, go n-ordóidh an tAire, le hordú, go gcoimeádfar an vótaíocht sa reifreann sin ar siúl go dtí 9.30 a chlog p.m., agus sa chás sin coimeádfar an vótaíocht sa reifreann sin ar siúl go dtí 9.30 a chlog p.m.

(2) Aon uair a tharlós gurb é an lá vótaíochta i reifreann bunreachta is lá vótaíochta freisin in olltoghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann, is iad na huaireanna vótaíochta don toghchán Dála is uaireanna vótaíochta sa reifreann bunreachta.

An Chéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht a leasú.

3. —Déantar leis seo an Chéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht a leasú mar leanas—

(a) tríd an Riail seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Rialach 23—

“23A. Déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar na nithe seo a leanas—

(a) ceapfaidh sé, mar áit a n-osclóidh sé na boscaí ballóide ann—

(i) i gcás an dáilcheantar a bheith comhshuite ar fad nó i bpáirt de chontae-bhuirg, áit éigin sa chontae-bhuirg, nó

(ii) in aon chás eile, áit éigin sa dáilcheantar, ach féadfaidh sé, le toiliú an Aire (toiliú ná tabharfar mura deimhin leis an Aire ná fuil ar fáil, laistigh den dáilcheantar, aon áit oiriúnach chun na vótaí a chomhaireamh), áit éigin lasmuigh den dáilcheantar, ach é comhgarach dó, a cheapadh,

(b) osclóidh sé na boscaí ballóide san áit a bheas ceaptha amhlaidh,

(c) bhéarfaidh sé fógra i scríbhinn i dtaobh na háite a bheas ceaptha amhlaidh do gach duine a bheas ainmnithe faoi Riail 29 den Sceideal seo agus a mbeidh fógra i dtaobh a ainmniúcháin faighte aige.”;

(b) tríd an Riail seo a leanas a chur in ionad Rialach 24—

“24. Ar a 9 a chlog a.m. an lá i ndiaidh críochnú na vótaíochta i ndáilcheantar agus san áit a bheas ceaptha aige faoi Riail 23A den Sceideal seo, tosnóidh an ceann comhairimh áitiúil don dáilcheantar sin ar na boscaí ballóide a húsáideadh sa vótaíocht sa dáilcheantar sin a oscailt, tógfaidh amach astu na páipéir bhallóide, déanfaidh uimhreacha na bpáipéar ballóide sin a chomhaireamh agus a bhreacadh, agus ansin meascfaidh ar a chéile iomlán na bpáipéar ballóide a bhí sna boscaí sin.”;

(c) trí na focail “óna seacht”, i mír (1) de Riail 30, a scrios agus na focail “óna haon déag” a chur ina n-ionad;

(d) trí na focail “an Uachtaráin agus” a chur isteach i mír (3) de Riail 32 roimh na focail “an Taoisigh”;

(e) trí na focail “an Uachtaráin agus” a chur isteach i mír (4) de Riail 32 roimh na focail “an Taoisigh”.

Cártaí vótaíochta.

4. —(1) I reifreann, déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar, faoi réir fo-alt (7) agus (8) den alt seo, cárta (dá ngairmtear cárta vótaíochta san alt seo) sa bhfoirm ordaithe a chur leis an bpost do réir an ailt seo chun gach toghthóra a mbeidh a ainm ar an gclár de thoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ná beidh a ainm ar an liosta de phost-vótálaithe don dáilcheantar sin á chur in iúl don toghthóir sin cad é a uimhir (maille le litir a cheantair vótaíochta) ar an gclár sin agus cá bhfuil an áit vótaíochta ina mbeidh an toghthóir sin i dteideal vótáil sa reifreann sin.

(2) Gach cárta vótaíochta a cuirfear faoin alt seo chun toghthóra in aon dáilcheantar, díreofar é chun an toghthóra sin faoin ainm agus an seoladh faoina mbeidh sé cláraithe sa chlár de thoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus cuirfear amach é i dtráth chun go seachadfaí ag an seoladh sin é i ngnáthchúrsa an phoist tráth nach déanaí ná an tríú lá roimh an lá vótaíochta sa reifreann lena mbainfidh.

(3) Déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil gach cárta vótaíochta a sheachadadh don Cheann-Oifig Poist is comhgaraí nó do pé postoifig eile a socrófar leis an gCeann-Mháistir Poist agus déanfaidh an Ceann-Mháistir Poist nó máistir poist na post-oifige eile sin (pé acu é) é a chur ar aghaidh láithreach saor ó chostas chun é a sheachadadh don duine chun a mbeidh sé dírithe.

(4) Na costais faoina raghaidh ceann comhairimh áitiúil chun an t-alt seo a chomhlíonadh i reifreann, áireofar iad mar chostais faoina raghaidh sé chun críocha an reifrinn sin do réir bhrí ailt 12 den Phríomh-Acht, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt sin dá réir sin.

(5) Ní bheidh aon reifreann neamhbhailí toisc an ceann comhairimh áitiúil dá fhaillí cárta vótaíochta a chur do réir an ailt seo chun aon toghthóra nó toisc gan cárta vótaíochta a sheachadadh d'aon toghthóir nó toisc aon earráide nó míráitis in aon chárta vótaíochta a cuirfear amach de bhun an ailt seo, ná ní déanfar aon reifreann a chonspóid mar gheall ar aon fhaillí, neamhsheachadadh, earráid nó míráiteas den tsórt sin.

(6) Ní luífidh ná ní bunófar aon aicsean ná imeacht eile i gcoinne ceann comhairimh áitiúil mar gheall ar aon earráid nó míráiteas in aon chárta vótaíochta a chuirfeas sé amach amhlaidh.

(7) Aon uair a tharlós gurb é an t-aon lá amháin is lá vótaíochta do dhá reifreann nó níos mó, ní cuirfear amach ach aon chárta vótaíochta amháin i leith na reifreann uile.

(8) Aon uair a tharlós gurb é an lá vótaíochta i reifreann bunreachta is lá vótaíochta freisin in olltoghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann, ní cuirfear amach cárta vótaíochta ar leithligh i leith an reifrinn bhunreachta in aon dáilcheantar ina mbeidh toghchán iomaidh san olltoghchán sin.

Leas-chinn chomhairimh áitiúla a cheapadh.

5. —(1) Má tharlaíonn i reifreann gurb é an t-aon duine amháin is ceann comhairimh áitiúil do dhá dháilcheantar nó níos mó, déanfaidh sé, faoi Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht—

(a) más dhá dháilcheantar, ar a mhéid, a bheas ann, leascheann comhairimh áitiúil a cheapadh i leith ceann amháin acu chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh,

(b) in aon chás eile, leas-cheann comhairimh áitiúil a cheapadh, i leith gach ceann (ach ceann amháin) de na dáilcheantair sin, chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh,

agus déanfaidh gach leas-cheann comhairimh áitiúil a bheas ceaptha amhlaidh i leith dáilcheantair na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a tugadh sa reifreann sa dáilcheantar sin a chomhaireamh.

(2) Má tharlaíonn i reifreann nach féidir leis an gceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar, mar gheall ar bhreoiteacht nó cúis réasúnach eile, an reifreann sa dáilcheantar sin a stiúradh, féadfaidh sé, faoi Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, leas-cheann comhairimh áitiúil a cheapadh chun gach ceann nó aon cheann dá dhualgais a chomhlíonadh, agus déanfaidh aon leas-cheann comhairimh áitiúil a ceapfar amhlaidh na dualgais dá gceapfar é a chomhlíonadh.

(3) Ní déanfar duine ar bith a cheapadh ina leas-cheann comhairimh áitiúil faoi fho-alt (1) ná fo-alt (2) den alt seo mura n-aontaí an tAire lena cheapadh amhlaidh.

E a bheith de dhualgas ar an gceann comhairimháitiúil reifreann a stiúradh.

6. —Faoi réir forál fo-ailt (1) d'alt 5 den Acht seo, déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar reifreann a stiúradh sa dáilcheantar sin mura rud é nach féidir leis sin a dhéanamh mar gheall ar bhreoiteacht nó cúis réasúnach eile is leor i dtuairim an Aire.

An tAire do cheapadh ceann comhairimháitiúil.

7. —Mura féidir leis an gceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar, mar gheall ar bhreoiteacht nó cúis eile, gach ceann nó aon cheann dá dhualgais mar oifigeach den tsórt sin i reifreann a chomhlíonadh, agus mura mbeidh duine ceaptha aige faoi alt 5 den Acht seo nó mura mbeidh aon tsocrú déanta chun a dhualgais mar oifigeach den tsórt sin a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, duine a cheapadh chun bheith ina cheann comhairimh áitiúil don dáilcheantar sin chun pé dualgais de chuid an chinn chomhairimh áitiúil a chomhlíonadh a bheas gan comhlíonadh.

Forála éigeandála maidir le vótaíocht ar oileáin.

8. —(1) Má tharlaíonn, i reifreann, an stáisiún vótaíochta (dá ngairmtear an stáisiún vótaíochta ceaptha sa bhfo-alt seo) do cheantar vótaíochta in aon dáilcheantar a bheith ar oileán, féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil don dáilcheantar sin, má mheasann sé gur dócha, mar gheall ar dhrochaimsir nó deacrachta iompair,—

(a) nach féidir an vótaíocht a dhéanamh sa stáisiún vótaíochta ceaptha ar an lá vótaíochta ceaptha, nó

(b) dá ndéantaí an vótaíocht ar an lá vótaíochta ceaptha, ná féadfadh na boscaí ballóide a húsáideadh sa stáisiún vótaíochta ceaptha an áit a bheas ceaptha d'oscailt na mboscaí ballóide a húsáideadh sa dáilcheantar sin sa reifreann sin a shroichint ar nó roimh a 9 a chlog a.m. an lá i ndiaidh an lae vótaíochta cheaptha,

fógra poiblí a thabhairt sna ceantair vótaíochta sin ina luafaidh an tuairim sin aige agus ina leagfaidh amach na forála ina dhiaidh seo den fho-alt seo, agus air sin beidh éifeacht, d'ainneoin aon ní dá bhfuil sa Phríomh-Acht, ag na forála seo a leanas—

(i) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil an vótaíocht a dhéanamh sa stáisiún vótaíochta ceaptha an chéad lá, i ndiaidh an cheathrú lae roimh an lá vótaíochta ceaptha, is dóigh leis a bheas cúrsaí iompair idir an t-oileán agus an mórthír réasúnta sábhálta,

(ii) mura féidir, mar gheall ar dheacrachta iompair, tosnú ar an vótaíocht sa stáisiún vótaíochta ceaptha ar a 9 a chlog a.m. tosnófar uirthi a luaithe is féidir i ndiaidh an ama sin,

(iii) más rud é, tar éis an vótaíocht sa stáisiún vótaíochta sin a bheith ar siúl ar feadh ceithre huaire an chloig, ar a laghad, gur dóigh leis an oifigeach ceannais nárbh fhéidir, dá leantaí den vótaíocht níos sia, bheith ag brath air go sroichfeadh na boscaí ballóide an áit a bheas ceaptha d'oscailt na mboscaí ballóide a húsáideadh sa dáilcheantar sin sa reifreann sin ar nó roimh a 9 a chlog a.m. an lá i ndiaidh an lae vótaíochta cheaptha, féadfaidh sé an vótaíocht a chríochnú ansin,

(iv) ní déanfar aon athrú ar fhoirm ná ar lánas an fhógra i dtaobh na vótaíochta faoi Riail 3 den Chéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht de bhíthin an lá agus na huaireanna vótaíochta sa cheantar vótaíochta ceaptha a athrú faoin bhfo-alt seo.

(2) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an lá vótaíochta ceaptha”, maidir le reifreann, an lá a bheas ceaptha faoi fho-alt (1) d'alt 8 den Phríomh-Acht mar an lá a déanfar an vótaíocht sa reifreann sin;

déanfar tagairtí don áit a bheas ceaptha d'oscailt na mboscaí ballóide a húsáideadh i ndáilcheantar áirithe i reifreann áirithe a léiriú mar thagairtí don áit a bheas ceaptha, faoi Riail 23A den Chéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, d'oscailt na mboscaí ballóide a húsáideadh sa dáilcheantar sin sa reifreann sin.

Athghairm.

9. —Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearr-theideal agus comhluadh.

10. —Féadfar Acht an Reifrinn (Leasú), 1946 , a ghairm den Acht seo, agus féadfar Achta an Reifrinn, 1942 agus 1946, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.